BEOCHEIST:LE HIDÉALACHAS na hathbhliana, ba mhaith liom filleadh ar cheist a phléas anseo cheana – litriú logainmneacha – gur smaoiníos arís air nuair a léas an seasamh ar chomharthaí bóthair a chuir an Dr. Pádraig Ó Laighin i láthair an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spórt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i dTeach Laighean Meán Fómhair 2009, a cuireadh i gcló i Feasta Deireadh Fómhair 2009 agus a bhfuil coimriú agam anseo air.
(i) Cuid de thírdhreach teangeolaíoch tíre iad comharthaí bóthair a léiríonn seasamh idé-eolaíoch na n-údarás maidir le stádas teanga. (ii) Tugann siad seasamh den dara grád don Ghaeilge faoi láthair. (iii) Tá cuma amaitéarach orthu le cló Iodálach bréagach agus an Ghaeilge dofheicthe dá bharr. (iv) Ba bhotún é nár tugadh na comharthaí bóthair a bhfuil logainmneacha orthu, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. (v) Moltar mar réiteach go n-eiseodh an tAire Iompair rialachán nó ordúchán faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 a leagfadh síos go mbeadh scríbhinní ar chomharthaí bóthair de réir na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla; go mbeadh na logainmneacha i nGaeilge amháin sa Ghaeltacht agus go n-úsáidfí an leagan Gaeilge nuair atá an dá leagan gar dá chéile.
Liomsa an cló Iodálach agus is ar an bpointe sin ba mhaith liom m’aird a dhíriú anseo. Tá súil agam nach dtógfaidh An Dr. Ó Laighin orm é má bhainim úsáid as na pointí aige sin le tógáil ar argóint eile. Ar eagla na míthuisceana, tagaim leo ar fad agus ní haon áibhéil é a rá go bhfuilimid ar fad go mór faoi chomaoin aige agus diongbháil a shíordhúthrachta ar son stádas na Gaeilge.
Ritheann sé liom áfach, dá mbeadh cluas dhá Aire agam féin, go mba mhaith liom dhá chúram a dhéanamh in éineacht agus gné eile de cheist seo na logainmneacha a phlé ag an am céanna. Dá scríobhfaí ainmneacha tromlach na mbailte i nGaeilge amháin, féach Dún Laoghaire mar shampla, shímpleofaí láithreach ceist na gcomharthaí bóthar.
Is cinnte gur fíor (i) agus (ii) thuas maidir le stádas na teanga agus an dara grád a bheith ag an Ghaeilge. Maidir le (iii) áfach, ní ar mhaithe le himeartas focal a deirim nach ar na leaganacha Gaeilge, ach ar na leaganacha ‘Béarla’, atá an chuma amaitéarach. Bally in áit Béal nó Baile, Kill in áit Cill nó Coill, Knock nó Crock in áit Cnoc, More agus Beg in áit Mór agus Beag, Cloon nó Clon in áit Cluain, Iska in áit Uisce agus mar sin de.
Mar a deir Gearóid Ó Clérigh in Dingle-y-Whoosh (Coiscéim, 2008): “Aon náisiún a mbeadh meas ag a mhuintir orthu féin, ní cheadódh siad claochlú chomh sgigiúil ar a n-ainmneacha áit, go fiú ar an mbaile fearainn is lú.”
Maidir le (iv) thuas, cinnte ba bhotún gan na comharthaí bóthair a thabhairt faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach is i bhfad níos faide siar ná sin a rinneadh botún. Le bunú an Stáit agus Maryborough, Philipstown, Queenstown agus Kingstown dhá gclaochlú ar ais go Portlaoise, Daingean, Cobh agus Dún Laoghaire, agus iad litrithe i nGaeilge amháin, is mór an feall nár glacadh leis an deis athghabháil ceart a dhéanamh ar na logainmneacha. Ceithre scór bliain ina dhiaidh sin, sna limistéir Ghaeltachta amháin, tugadh aitheantas oifigiúil do na leaganacha Gaeilge amháin, ach céard faoin chuid eile den tír?
Ní fada uainn anois comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, An Chéad Dáil agus bunú an Stáit. Beidh caint ar Éire Aontaithe, ach i gcead do phaidir AA, tá rudaí a gcaithfimid glacadh leo, tamall eile ar a laghad, agus rudaí eile gur féidir linn cur i bhfeidhm. In ainneoin a bhfuil scríofa ag filí agus ag drámadóirí an Bhéarla (Kinsella, Montague, Friel.) níl geasa orainn glacadh go brách le gibris na gcóilínithe i gcás litriú na logainmneacha. Nárbh fhearr gníomh praicticiúl ná a gcuid caoineadh, cuma cé chomh fileata atá sé?
An réiteach mar sin (v) go n-úsáidfí an leagan Gaeilge nuair atá an dá leagan gar dá chéile. Má tá dhá ainm ar áit bíodh – Cill Mantáin/Wicklow, Loch Garman/Wexford, Cathair na Mart/Westport – mar a deir P.W. Joyce in Irish Names of Places (1869) ina dtaobh: “I shall only remark that they are much less numerous than might be at first supposed.”
Ach mura bhfuil sa dara hainm ach an chéad ainm agus litriú eile air, níl ann ach athrú gan bhrí. Is ar éigin a bheadh gá le coiste le déanamh amach cé na bailte a litreofaí i nGaeilge amháin – Sean Chill in áit Shankill, Cluain Tairbh in áit Clontarf agus mar sin de. Déarfaidh daoine a rogha rud, ach ní ionann sinn agus a rá go gcaithfear aitheantas a thabhairt, ó thaobh litrithe de, do theanga nach Gaeilge í ná Béarla.