Tírghrá, scoil agus an Ghaeilge

Beocheist: Is minic a chuirtear ceisteanna den saghas seo a leanas orm: conas a tharlaíonn go bhfuil Gaeilge agat? Cár fhoghlaim…

Beocheist: Is minic a chuirtear ceisteanna den saghas seo a leanas orm: conas a tharlaíonn go bhfuil Gaeilge agat? Cár fhoghlaim tú í? Cén fáth in aon chor go ndearna tú í a fhoghlaim?

Toimhdítear go bhfuil Gaeilge ag mo mhuintir ach is é an t-aon nasc teaghlaigh atá agam leis an teanga ná go maítear go raibh Gaeilge bhlasta ag duine de mo shin-seanaithreacha. Díreach cosúil leis an mórchuid de mhuintir na hÉireann comhaimseartha, níor tógadh le Gaeilge mé.

Ba ar scoil a d'fhoghlaim mé an Ghaeilge. Ní raibh ach Gaeilge lag agam agus mé ar bunscoil, áfach. Ach ba mar thírghráthóir den chéad scoth a d'fhéach mé orm féin riamh, fiú agus mé i mo dhalta bunscoile. D'fhág sé sin go raibh dea-chroí agam don teanga i rith mo bhunscolaíochta, dá laige mo chuid Gaeilge ag an am sin dáiríre.

Bhí an fabhar céanna leis an teanga ag roinnt mhaith daoine a raibh aithne agam orthu agus mé óg. Bhí múinteoir bunscoile agam nach raibh róchás aici i ngramadach an Bhéarla. Ní háibhéil a rá gurbh é an dearcadh a bhí aici ná "tá sé ar ár dtoil againn cheana agus, pé scéal é, níl sa Bhéarla ach dara teanga na hÉireann, b'fhearr dúinn ár gcuid ama a chaitheamh ag gabháil dár dteanga féin".

READ MORE

Fiú nuair a cuireadh iallach orm ceachtanna pianó bheith agam tharla go raibh mo theagascóir ceoil gach pioc chomh tírghrách is a bhí mé féin. Chuireadh sí an chorrabairt Ghaeilge aisti ó am go chéile is níor leasc léi an focal géar a rá in éadan na nGall.

Ní ionadh mar sin agus mé faoi anáil daoine den saghas seo go mbeadh claonadh chun na Gaeilge ionam. Méadaíodh ar an gclaonadh seo agus tuairim is deich mbliana agam. Ní ionadh go rachadh fir le gunnaí i bhfeidhm ar bhuachaill san aois sin. Is lú an t-ionadh nuair is baill armtha den IRA a bhí i gceist. Ní fhéadfadh trodaithe ar son saoirse na hÉireann ach dul i gcion ar ghasúr ar tírghráthóir é, go háirithe agus é suite go seascair i gCorcaigh, achar breá fada ón ár go léir a bhí ar siúl in íochtar na tíre.

Mar sin lá amháin agus deich gcinn de bhlianta agam chuir mé in iúl do mo thuismitheoirí go mba bhreá liom dul san IRA. "Is réidh agat é sin a rá anois, a mhic," is é a dúirt m'athair liom, "ach nach feasach duit go mbeadh ort Gaeilge líofa bheith agat sula nglacfaí leat in eagraíocht den sórt sin."

Ach seachas caint mar gheall ar a thábhachtaí liom an Ghaeilge, ba bheag iarracht oibre a rinne mé í a fhoghlaim agus níor thug mé go dáiríre faoin nGaeilge go dtí gur bhain mé an mheánscoil amach. Ba é a spreag mé leis an ngníomh a chur leis an bhfocal sa deireadh thiar thall ná an múinteoir Gaeilge a bheadh agam ar feadh sé bliana, fear darb ainm Joe O'Shea. (Ní miste a rá ag an bpointe seo nach ndeachaigh mé san IRA).

Is cuimhin liom an chéad rang Gaeilge a bhí agam ar meánscoil. Isteach an doras go breá réidh leis an múinteoir nua seo. "Is mise Joe O'Shea," is ea a dúirt sé, aoibh an gháire air agus béim á leagadh ag a ghuth domhain ar gach uile shiolla.

Thaitin sé liom láithreach bonn ach mheas mé gur mhúinteoir bog é is nárbh fhada go mbeadh an rang daltaí dulta lastuas de. Ach ba orm a bhí dearmad. Le linn na sé bliana a bhí le teacht bheadh smacht aige ar an rang ach ní éireodh sé as bheith chomh lách oscailteach is a bhí sé an chéad lá sin, saor ón gciniceas a thréithríonn roinnt mhaith múinteoirí agus corradh is 20 bliain tugtha acu ag obair.

Níorbh aon díograiseoir é Joe O'Shea is níor cháin sé buachaill riamh toisc Gaeilge lag bheith aige. Dúirt sé tráth gur mhó an sásamh a bhaineann sé as toradh measartha maith bheith faighte ag foghlaimeoir lag ná A1 bheith gnóthaithe ag an dalta ardéirime. Má spreagann duine maith obair mhaith, níl ríomh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim mé agus Joe O'Shea mar mhúinteoir agam.