Crobhingne: Tá timpeallán tráchta i mBaile Átha Cliath a dtugtar timpeallán na bó mire air le gean. Is é cnó croí chóras bóithre é a ghabhann isteach is amach gach aon treo riamh faoi agus thairis.
Uaireanta is sásamh é i saol seo na pleanála dírí agus na scéiméireachta straitéisí go bhfuil acmhainn grinn fós ag innealtóirí. Tá a amhlachas d'fháinne fill i gCorcaigh san áit a mbíodh Droichead na Smugaí fadó. Tá siad ar fud na tíre uile ag fás is ag cur craobhacha amach.
Tá úrscéal ann ina mbíonn tiománaí bocht gafa ar cheann de na timpealláin seo. Ní foláir dó dul timpeall i gciorcail go deo. Uair ar bith a ndéanann sé iarracht bóthar amach a fháil is amhlaidh go dtagann oll-leoraí oll-luchtaithe aniar air laistigh i dtreo is go gcaitheann sé leanúint ar a chamchuaird timpeall uair amháin eile.
Nó, mura bhfuil úrscéal mar sin scríofa cheana, is deimhnitheach go bhfuil údar bocht á bhreacadh i láthair na huaire.
Is ait nach bhfuil an timpeallán tagtha isteach sa chaint fós mar mheafar. Tá bóithre go leor againn, ar ndóigh: an bóthar chun Dé; bóthar an oilc; an bóthar cúil; agus bealaí: an bealach mór; bealach na bó finne; bealach an iontais; agus slí an eolais, agus an ród chun na rossa, agus an chonair chaoch, agus an bearnas breá.
Ceann ar aghaidh a théann gach ceann díobh sin chun críche éigin. Pota óir i ndeireadh an aistir, nó neachtar acu, poll i bhfoirceann imeachta. Gluaiseacht nádúrtha an tsaoil é chun maitheasa nó a mhalairt.
Deir gaoiseolaithe áirithe go mbaineann seo leis an aimsir fháistineach a bheith againn. Is é an aimsir fháistineach a thugann dóchas dúinn, a spreagann an aisling, a chuireann ucht lenár n-uchtach. Mura mbeadh í is amhlaidh go mbeimis gafa go síoraí in uaimh dhorcha an ama i láthair, ar nós na fáinleoige nó na feascarluiche. B'é an aimsir fháistineach a thug anuas de na crainn sin, amach ó na pluaiseanna agus siar ó thuaidh go dtí ár dtír tairngre féin. Cé anois a mhaífeadh nach raibh tábhacht thar meon ag baint leis an ngramadaigh?
Tá seanghinte ionainn gur ag dul chun cinn atáimid, go mbeidh an saol amárach níos fearr ná an saol inné. Bhí cnaipí againn inné; tá sip againn anois. RTÉ amháin a bhíodh againn na cianta cairbreacha ó shin; tá an SKY gan teorainn againn anois. Mairtfheoil roimhe seo; glasrabhurgairí agus cólslá faoi láthair. Sceana cheana i Luimneach; teilgeoirí roicéad an tráth seo. Bach ar dtús; Boyzone ina dhiaidh. Tua gualainne ag ár sinsir; buamaí núicléacha (ag cuid againn) an faisean freacnairceach. Ní dul chun cinn go dtí iad.
Is é a leithéid atá á fhógairt ag na reiligiúin mhóra. An slánaitheoir le filleadh i néalta na glóire agus na trumpaí faoi lánséideadh - amach anseo. An t-uan agus an leon ag luí síos le chéile go síochánta, agus ní sa seamlas. Dhá mhaighdean déag agus trí scór ag feitheamh leat ar an taobh eile de na geataí péarlacha ach an saol seo a fhágáil le fuil. Na reiligiúin thuata mar an gcéanna. Seargadh an stáit, dar le na Marxaigh, ach rinne siad dearmad é sin a rá le Mao, Fear an Iarrainn, agus Kim Óg Breoite. Seicteanna rémhíleacha, bhíodh dáta i gcónaí riamh acu ina nochtfadh an saol úrnua, pé acu 1000 nó 1666, nó 2000 a.d. a bhí ann. Bainim miotóg asam féin gach maidin, agus ceapaim go bhfuilim fós anseo.
Ach cuir i gcás, agus abair, agus ligimis orainn nach scéal mar seo ár ndán. Nach turas inléite lena thús, lena lár agus lena chríoch shona, san ord sin, ár ngluaiseacht. Abair, aon uair amháin ina shaol, go raibh an ceart ag Yeats, go raibh a chuid gyreanna móra ina lúb síoraí ag filleadh orainn ina rolláin rialta? Agus, ós ní é, gurb é seo bliain bhláfar Joyce, go raibh feidhm le "commodius vicus of recirculation" Thórramh Uí Fhionnagáin, go bhfuil gach ní ina thimthriall cuarach ag rothlú gan stad? Abair gurb iad na corramhíola ag síorghuairdeall ar thimpeallán na bó mire smugaí, seachas na ba bleachta ar an mbóthar díreach ó thuaidh an fhírinne lom? Nach deas an gíog guag a dhéanfadh sin dínn ionas nach n-aithneoimis soir seachas siar gan trácht ar chaol ar aghaidh?
Is fiú cuimhneamh air seo an chéad uair eile a mbeidh tú ag ciorcalú an timpealláin, go bhfuil aithris á déanamh agat ar cheann de mheafair mhóra na beatha. Ar a laghad tabharfaidh sé sólás duit, agus ní móide go mbeidh an giota gaoise seo ag na pustaistealaithe eile ar gach taobh díot.