Ta an dan gann

Beocheist: Is dócha go mbeidh mé "at the market cross" má nochtaim an tuairim nach bhfuil aon fhíorfhilíocht á cumadh an lá …

Beocheist: Is dócha go mbeidh mé "at the market cross" má nochtaim an tuairim nach bhfuil aon fhíorfhilíocht á cumadh an lá atá inniu ann!

(Níl a fhios agam ó thalamh an domhain cad as ar tháinig an nath san "at the market cross," ach is ceann é a úsáideann mo bhean, atá ina hÁth Cliathach go smior, go rialta agus ní mór dom a rá go dtaitníonn sé go mór liom.)

Ní hé sin ach é seo, áfach: bainim pléisiúr thar na bearta as an fhilíocht, cé nach bhfuil aon cháilíocht agam a thabharfadh an ceart dom breith a thabhairt faoin chaighdeán a bhaineann le píosa ar bith di.

Is í an tslat tomhais atá agamsa ná gur filíocht í an píosa go mbaineann "ceol" leis, i bhfocail eile é sin go bhféadfaí é a chasadh ina amhrán dá gcumfadh duine éigin an fonn cuí.

READ MORE

Ar shlí, is dócha go gciallaíonn sé sin go lorgaím an rithim rialta sara nglacaim le píosa mar dhán. Ní thuigim cad a thugann ar scríbhneoirí áirithe giota éigin a chumann siad a chur os comhair an phobail mar dhán nuair is maith atá an píosa céanna in ann seasamh ar a bhoinn féin mar phrós snasta. N'fheadar an é go samhlaítear dóibh gurb uaisle í an fhilíocht ná an prós, go mbaineann mistéir léi nach mbaineann leis an gcineál eile - agus gur móide san an meas a bheidh ag an bpobal orthu dá bharr?

Tá cara agam atá ina ealaíontóir - ina phéintéir críochnaithe - agus d'admhaíos dó le déanaí nach raibh aon tuiscint agam féin don phéintéireacht agus gurb ealaín agam aon saothar a thaitníonn liom. "Má thaitníonn sé leat," ar seisean, "is ealaín é." Dob fhaoiseamh liom mar fhreagra é - bhíos cinnte go raibh sé ar tí Filistíneach barbartha a thabhairt orm.

Nuair a bhíos ar scoil sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh na blianta fada ó shin bhíodh leabhar filíochta Gaeilge in úsáid againn, Filíocht na nGael. An chóip a bhí agam an uair úd tá sí agam go fóill agus is minic mé ag méirínteacht tríthi agus ag caitheamh súil arís ar na dánta a chuaigh i bhfeidhm orm chomh mór san agus a thagann ar ais chun na cuimhne chugam gan deacracht dá laghad go fóill.

Ach thairis sin ar fad, is maith liom a bheith ag casadh athuair ar na filí féin, ar dhaoine mar Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin ('Eoghan an Bhéil Bhinn'), Aindrias bocht Mac Craith, an Reachtabhrach, Séamus Dall Mac Cuarta agus Peadar Ó Doirnín, gan ach méid an-bheag de mo sheanchairde a lua.

Gach seans gurb í an chúis go bhfanann na dánta i mo chuimhne chomh buan san ná gur shíl mé i gcónaí go raibh an mhacántacht sna dánta ag filí úd na Gaeilge agus gurbh é a scéal féin a bhíodh á chur sna focail acu. Murab ionann is filí an Bhéarla - a leithéid Byron agus Shelley agus Keats, mar shampla, gan trácht ar Shakespeare, go deimhin - ní do lucht an airgid agus an rachmais a bhíodh na dánta á gcumadh acu, de ghnáth, ach don mhuintir a bhí chomh dearóil céanna is a bhíodar féin, is gan le fáil mar luach a saothair acu ach an chorrdheoch nó an lóistín oíche.

Agus bhaineadh na dánta san le gnáthchúrsaí an lae, leis an ngrá, leis an mbochtaineacht, leis an bhfánaíocht, leis an maoithneachas, leis na nithe uile a bhíodh ina gcás don ghnáthdhuine. Ceart, cumadh cuid den fhilíocht i bhfoirm plámáis do na huaisle - agus an file ag súil le cúiteamh, ar ndóigh - ach cumadh méid nach beag di i modh aoire faoi na huaisle céanna, faoina sprionlaitheacht agus faoina mbrúidiúlacht. Agus thuigeas-sa do na filí agus bhíodh mo bhá leo i gcónaí.

Agus abraim seo, cibé acu arbh aoir nó magadh nó béal bán a bhíodh ina n-intinn acu, ba leis an fhilíocht a chuiridís a gcuid smaointe i bhfocail i gcónaí agus ní bhíodh aon cheist ar an lucht éisteachta ach gurbh fhilíocht taitneamhach í, agus gurbh fhiú í a choimeád ina gcuimhne. Agus abú, adeirim féin.

B'fhéidir gurb í teist na filíochta i ndáiríre ná go bhfanann sí sa chuimhne ag duine agus gur féidir leis an smaoineamh atá inti a aithint i rud fánach éigin a éiríonn ina shaol. Ní chuig dánta na Gaeilge atá mé leis sin, ach an oiread, ach chuig an véarsaíocht i gcoitinne.

Tóg an dán "The Drover" le Pádraic Colum, mar shampla, agus na focail a chuireann sé i mbéal an dráibhéara chéanna: "The wet winding roads, with brown bogs and black water, and my thoughts on white ships and the King of Spain's daughter."

Níl uair dá bhfeicim duine i bhfeighil beithíoch ná go ritheann na focail san chugam - agus lán a fhios agam, ar ndóigh, go raibh an tráth ann nuair a thugadh na Gaeil "Iníon Rí na Spáinne" ar an bhfíon a thugtaí isteach ón tír sin.