Tá (19) mí na meala thart - ar fad

Bíonn tréimhse ama ag tús téarma rialtais ina dtugtar maithiúnas don dream nua

Bíonn tréimhse ama ag tús téarma rialtais ina dtugtar maithiúnas don dream nua. D’fhéadfaí mí na meala a thabhairt air ach ní oireann an nath mar chur síos i nGaeilge ar an mbealach a oibríonn ‘honeymoon’ agus tú ag caint faoi rialtas nua i mBéarla.

Sa chéad dul síos, ní mí atá i gceist ach trí mhí de ghnáth – nó an chéad chéad lá. Ach i gcás an chomhrialtais seo, shín an tréimhse i bhfad ní b’fhaide ná sin; ó mhí an Mhárta 2011 go dtí thart ar 2.30pm, 5ú lá de mhí na Nollag, 2012.

Tá cúiseanna maithe go raibh mí na meala i bhfad Éirinn ní b’fhaide ag Fine Gael agus ag Páirtí an Lucht Oibre ná mar a bhí ag rialtas Fhianna Fáil agus na nGlasach rompu. Faoin am ar chinn Brian Cowen ar olltoghchán a reachtáil bhí slad as cuimse déanta ar an dá pháirtí rialtais mar gheall ar an gcliseadh iomlán a tharla leis na bainc, le cúrsaí eacnamaíochta agus le cúrsaí polaitíochta.

Bhí na hionchais chomh doirbh sin le teacht an IMF agus clár dian tarrthála ceithre bliana, nár cuireadh mórán brú ar an rialtas nua, rialtas a tháinig chun cumhachta leis an tromlach ba mhó i stair pholaitiúil na hÉireann.

READ MORE

Ach bhí fabht mór amháin ann ón tús, locht a coinníodh faoi smacht ar feadh achair fhada ach atá ag teacht chun solais anois. Go bunúsach, rinne Fine Gael agus an Lucht Oibre geallúintí nach rabhadar in ann a chomhlíonadh, geallúintí ar cúis aiféala anois iad ag an dá pháirtí.

Mar a tharlaíonn le gach rialtas bhí an comhrialtas thuas seal agus thíos seal. Ach, ar an iomlán, má léitear na tuairiscí a scríobhadh tar éis na chéad bhliana in oifig, bhí siad dearfach don chuid ba mhó.

Cinnte, bhí an Rialtas thíos seal. Cailleadh an reifreann ar fhiosrúchán parlaiminte; rinne Fine Gael go hainnis sa toghchán uachtaránachta agus san fhothoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar agus níl ag éirí go rómhaith leis an Lucht Oibre i bpobalbhreitheanna le bliain anuas.

Ina ainneoin sin, is léir go raibh Enda Kenny ag déanamh go maith i ról an Taoisigh, ról a chomhlíon sé le fuinneamh, le hallas agus le meon dearfach.

Slat tomhais mhaith í reifreann ar mheas rialtais. D’éirigh leis an Rialtas dhá reifreann a bhaint i mbliana, cé go raibh Reifreann na Leanaí níos gaire ná mar a tuaradh roimh ré.

Agus céard é an beart? Bhuel, caithfidh siad na dualgaisí a bhaineann leis an gclár tarrthála a chomhlíonadh (faoi stiúir na dtrí eagraíocht idirnáisiúnta).

Ansin caithfear féiniúlacht agus ardcheannasacht a thabhairt ar ais don Stát agus fiacha na mbanc agus na fiacha poiblí a ghlanadh.

Tá sé sin rídheacair, ní féidir é a shéanadh agus is cinnte go mbeidh a lán péine i gceist go ceann roinnt blianta eile

Bhí pobal an Stáit foighdeach as cuimse leis an Rialtas nua ar feadh bliana nó níos mó.

Le linn na tréimhse sin, bhí sé éasca a rá mar leithscéal: “Bhuel, an t-aon chúis go bhfuileamar sa tsáinn seo ná mar gheall ar neamhfhreagracht Fhianna Fáil.”

Agus bhí rath air mar straitéis go dtí Fómhar na bliana seo. Drochsheans gurb aon rud amháin a d’athraigh cúrsaí. Rudaí beaga don chuid ba mhó ba chúis leis sin.

Tar éis na fuascailte a tharla maidir le fiacha an Stáit ag cruinniú mullaigh cheannairí na hEorpa i mí an Mheithimh, bhí deacrachtaí leanúnacha ag Kenny an cinneadh sin a thabhairt chun críche.

Bhí ar an Taoiseach glaoch teileafóin a chur ar Sheansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, dhá mhí ó shin nuair a mheabhraigh sí nach mbeadh faoiseamh i ndán d’Éirinn.

I ndiaidh an chuir agus an chúitimh ar fad, fós féin, níl aon aontú, ná baol air, go bhfaighfear faoiseamh sa ghearrthéarma.

Mar sin, céard é an fabht mór? Bhuel, séard a bhí i gceist go ndeachaigh an dá pháirtí thar fóir sa tseachtain dheireanach den fheachtas toghcháin agus gur gheall siad rudaí a bhí dodhéanta – agus nochtadh é sin gan trua sa Bhuiséad.

Cé gur chloígh siad leis na geallúintí gan cháin ioncaim ná rátaí leasa soisialacha a athrú, ní raibh an dara rogha ag an Rialtas ach gearruithe doimhne a chur i gcrích chun €3.5bn a shábháil. Gearradh liúntaisí leanaí agus deontais fhaoisimh agus bunaíodh cáin dhian nua mhaoine.

Cé gur mhaígh an Lucht Oibre go raibh clár leathan cánach ann a ghearrfadh €500m ar na daoine ba shaibhre, tá barúil ann gurb iad na gnáthdhaoine, le teacht isteach íseal nó measartha, atá ag déanamh na híobartha is mó.

An rud is measa don Lucht Oibre ná an fógra poiblíochta réamhthoghcháin a rinne cur síos ar sé rud a tharlódh agus Fine Gael i gcumhacht. Tá na sé rud go léir tarlaithe nó ar tí tarlú.

Tá cúlbhinseoirí ón dá pháirtí á rá go bhfuil an pobal níos feargaí anois ná ag aon am eile ó bhí an toghchán ann. Beidh tréimshe dheacair ag an Rialtas amach anseo.

Bí cinnte de go bhfuil (19) mí na meala thart … ar fad.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times