Paidir

CROBHINGNE: Ar son an seacht mbilliúnú duine: Go dtaga tú slán ón mbroinn, mar is mó duine nach dtagann.

CROBHINGNE:Ar son an seacht mbilliúnú duine: Go dtaga tú slán ón mbroinn, mar is mó duine nach dtagann.

Go dtaga tú slán ón gcliabhán más cailín tú san India, nó sa tSín, mar is mó girseach eile nach dtiocfaidh.

Go dtaga tú slán ón scian más cailín tú sna tíortha sin ina gceaptar gur rud maith é do bhaineannacht a lot.

Go dtaga tú slán ón ocras má tá do bholg ataithe le heaspa seachas le hiomarcacht.

READ MORE

Go raibh tuismitheoirí agat nach bhfuil sásta tú a chaitheamh ar an gcarn aoiligh.

Go raibh cairde agat a dhéanfaidh greann leat agus gáire.

Go raibh rud beag éigin agat nach raibh ag duine ar bith eile.

Go raibh an t-ádh leat, mar is é an t-ádh an buachaill báire.

Go dté tú ar scoil, seachas ar sclábhaíocht.

Go dté tú ar scoil is go gcasa cineáltas ort.

Go dté tú ar scoil is do mheabhair ar oscailt.

Go bhfeice tú an ghrian gach maidin.

Go bhfeice tú an áilleacht nach bhfeiceann cách.

Go bhfeice tú míorúilt áit éigin, uair éigin.

Go gcloise tú do thuismitheoirí ag gáire.

Go gcloise tú do chroí ag caint.

Go gcloise tú an fhírinne anois is arís.

Go samhla tú taibhsí nach bhfuil ann.

Go samhla tú aoibhnis a gheobhaidh daoine eile

Go samhla tú nithe doshamhlaithe.

Go mblaise tú searbhas a mhilseoidh.

Go mblaise tú deoch an iontais i ndeireadh na hoíche thiar.

Go dtuige tú an rud dothuigthe.

Go dtuige tú go bhfuil an t-ádh leat.

Go dtuige tú an solas idir dhá dhoircheacht.

Go bpóga tú duine nach prionsa ná frog é.

Go bpóga tú an talamh nuair a bheidh sé tuisceanach duit

Go bpóga tú an spéir nuair a shroichfidh tú é.

Go ndéana tú an druma a bhualadh nuair a bheidh sé inbhuailte.

Go ndéana tú an doimhneacht a shiúl ar bharraicíní éadroma.

Go ndéana tú ceol san áit nach raibh ach pus searbh ime.

Go dtála tú sonas gan an donas a bheith ina shlata tríd.

Go dtála tú ceist sna áit nach raibh ann ach freagra.

Go dtála tú seo is siúd san áit nach raibh ann ach siúd is seo.

Go bfeice tú an athnuachan le héirí gach lae, is go rince tú leis an mbóín dé ar ghas.

Go leana tú ag coisíocht ar na bóithre sin nach feas duit a gcríoch.

Go ngluaise tú ar nós easpaig ar chlár fichille, soir is siar is fiarthrasna, ar nós smaointe Dé.

Go n-óla tú de chupán na meisce go mbeidh tú beagán ar mire, ach nach bhfeice tú a ghrinneall mar is ann atá an dríodar.

Go mbrise tú na fírinní móra gránna suas ina smidiríní áille beaga.

Go rithe grian is gealach is gaoth led ghaisce ghnáith, is go raibh siad mar sin.

Go raibh tú cosúil le daoine eile, agus go raibh tú go hiomlán ar leith uathu.

Go siúla tú i gcathair do chroí, áit a mbeidh ór ar na bóithre nach féidir leat a ithe.

Go dtimpealla tinte grá an fheabhais tú, agus go raibh tú loiscthe dá réir.

Go gcloise tú an ceol nár chuala aon duine fós, ach tú féin amháin.

Go dtaga tú ar an gcóisir go hiomlán nocht, is go n-imí tú amach an príomhdhoras chomh tuisceanach céanna.

Go maire tú do shaol féin mar ní ficsean duine ar bith eile é.

Go gcuire ainmhí éigin de chréatúir Dé ar do leas tú.

Go ndúisí tú leat féin seachas le drochthaibhrithe dhaoine eile.

Go mbeire an t-ádh dearg agus buí agus crón agus corcra agus oráiste agus stráiciúil agus iomadhathach ort.

Go síola tú smaointe nár chuimhnigh Dia fós orthu.

Go snámhá tú ar thalamh nár ceapadh ar son snámha é.

Go bhfása carthanacht id chuid fola níos boige ná carthanacht na dlí.

Go n-imí tú ar aistir gan léarscáil id ghaobhar.

Go bhfaighe tú blaiseadh ar rún nach scaoilfear leat.

Go bhfana tú i gcochall d’anama nuair a bheidh cochall anama eile á sairsingiú ort.

Go maire spiorad an naíonáin ionat go fiú is má fhásann tú suas.

Go gcana tú amhrán san áit a raibh daoine ag malartú airgid le méireanta beaga buí.

Go n-ardaí tú an chloch a chuirfidh tú uait gan chaitheamh.

Go raibh agat tú féin, ach go n-aithní tú nach bhfuil ionat ach duine amháin den seacht mbilliún...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar