'Oir is fearr a bheith fairsing na a bheith cung'

D'áitigh mé an tseachtain seo caite gurb iad na mórchultúir eacnamaíochta agus polaitiúla a stiúrann gach sórt cultúir eile. …

D'áitigh mé an tseachtain seo caite gurb iad na mórchultúir eacnamaíochta agus polaitiúla a stiúrann gach sórt cultúir eile. Ní áiteamh cruinnechreathach é sin, ná ceann a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna. An té a bhfuil súile aige feiceadh sé.

Is é atá sa náisiúnachas cultúir freagra na gcosa is na miondaoine ar an tonn dhochoiscthe ag buair le trá. Ní mór ná go bhféadfá a rá go mbaineann náisiúnachas cultúir leis na tíortha beaga, agus go mbaineann náisiúnachas míleata leis na tíortha móra. Ach amháin nach bhfeictear náisiúnachas cultúir na mórthíortha mar go mbíonn laistigh den bhairille acu.

Ba mhinic sinn ag ceapadh gur linne amháin a bhain an náisiúnachas cultúir mar ghléas cosanta. Bhí rud éigin úr i scríbhinní Davis, an Phiarsaigh, McDonagh agus Corkery ina ndiaidh, dar linn.

Ansin tháinig Memmi agus Fanon roimh Said a chas an faisean ar ais. Ach an chéad uair dar léigh sinn Memmi agus Fanon agus Said, rith sé linn go raibh siad cloiste fadó againn.

READ MORE

Dá léifimis níos sia ar aghaidh d'iomadófaí na samplaí gan dua. Dúirt an tAthair Ó Raghallaigh sa bhliain 1900 nach raibh béala Gael truaillithe le "the very names of monstrosities of sin which are among the commonplaces of life in English-speaking countries". Dúirt Nehru gurbh iad na Sasanaigh a thug peacaí na drúise agus na sainte agus an uabhair chun na hIndia.

Déantar magadh gur náisiúnachas rómánsach é seo, agus b'fhéidir gurb ea. Ach an té nach bhfuil rómánsach seargann a chroí agus crapann a chuid idéal.

Agus ina choinne sin cosaint in aghaidh Mahaffaíochais agus Macaulayachais a mhaígh go táscúil gurbh luachmhaire go mór aon tseilf amháin de litríocht na hEorpa (ní móide go raibh an Ghaeilge san Eoraip an t-am sin) ná litríocht dhúchais na hIndia agus na hAraibise uile go léir arna gcur le chéile fad a ritheann.

B'í an aigne seo nuair a chuaigh sí in ainseal na ndaoine ar deineadh concas orthu a thug Gramsci forlámhas nó "hegemony" i mBéarla air. Brí theicniúil a bhí aige. B'í brí í greim a choinneáil ar chúrsaí cumhachta trí áiteamh ar phobal daoine nárbh fhiú puinn ná tráithnín ná pincín a gcuid saoirse ná cultúir féin. "Obtaining consent from the colonised," a thug Said air seo, agus aithnímid a chomharthaí sóirt ar fud an bhaill.

Ní hionadh gur mhúscail agus go músclaíonn seo freagra i measc náisiúntóirí agus lucht cosanta mionchultúr, agus gurbh fhurasta ráiteachais bhuile a sceitheadh nuair a bhíonn an mheilt á déanamh. Is mó sin peaca a dhéantar in ainm an traidisiúin. "Tradition for the third world," adeir an Marxach Indiach Aijaz Ahmad "is always better than modernity, which then opens up a space for defence of the most obscurantist positions".

Uaireanta bíonn an chuma sin air. Ach nuair nach bhfuil i ndán duit ach an bás, cad a dhéanfaidh tú? Deir teangeolaithe nach móide go mairfidh níos mó ná 500 teanga den 6,000 éigin atá á labhairt anois níos faide ná céad bliain eile.

Is é freagra na n-éiceoteangeolaithe gur rud sárluachmhar gach aon teanga ar nós plandaí nó míolta. Deir George Steiner go bhfuil "infinite resources of being" i ngach aon teanga a thugann caoi dhúinn túr a thógáil leathshlí chun na spéire.

Ina choinne sin, ní féidir linn a bheith ró-eisintiúil maidir le teangacha agus cultúir. Tá gach teanga sainiúil agus iompraíonn anam faoi leith, ach is cuid den chultúr daonna iad ar fad. Níor cheart don daonnacht a shealbhaíonn agus a shloinneann siad an daonnacht uilechoiteann a leonadh. Tar éis an tsaoil tuigimid a chéile. In ainneoin na n-iarstruchtúraithe tá brí éigin le focail a léimeann thar dhroichead na gcultúr. Cuireadh daoine chun na gealaí agus leigheastar galair.

Teannas síoraí é seo idir caomhnú/forbairt na mionchultúr agus luí síos go sítheoilte siar faoin arrachtach mór Béarlamheiriceánach ag galrolláil os ár gcionn go Molochúil gan sos. Ní miste a rá gur géarchéim dhomhanda é i bhfoirm.

Rinneadh moladh sna 1990í ar an mBéarla a dhéanamh mar chomhtheanga oifigiúil sa tSeapáin. Roghnaigh an Aetóip an Béarla mar theanga "eachtrannach" bíodh is nár deineadh coilíniú riamh orthu. Spásthaisteal, aerthaisteal, an idirmhogallra ... Ní folair don Íoslainn polasaí foilsitheoireachta a bheith acu chun leabhair mhór-ráchairte a chur ar fáil ina dteanga féin sara ligtear isteach i mBéarla iad. Mura ndéanfaí sin ba léir an toradh a bheadh air.

Bíodh go bhfuil an dealramh air seo gur "cultúr" faoi dear an staid seo, ní hea in aon chor. Polaitíocht ó smior go smúsach agus ar ais timpeall arís.

Gandhi, an tráth ba fhrithShasanaí é, an uair gur tháinig an riastradh mór air in aghaidh na mbóithre iarainn mar gur sheol siad galair ar fud na tíre, nuair a cháin sé an dlí agus an leigheas agus na gairmeacha "uaisle", níor chuir sé riamh in aghaidh an mhúinteora Bhéarla. Bhí meas aige ar an mBéarla mar theanga riaracháin, mar theanga bhainistíochta, mar theanga pholaitiúil. Shantaigh an t-aos airgid an Béarla mar gur thug sé lom dóibh ar an eolas nach raibh acu féin, eolas eolaíochta agus sóisialta go háirithe.

Scuabann an Béarla agus an Meiriceánachas gach ní ina shruth. Deireann James McCloskey ina leabhar comair Guthanna in Éag "Mórán gach áit ina bhfuil an Béarla i réim mar theanga coilíneachta nó mar theanga impireachta, bíonn i dteannta léi idé-eolaíocht teanga a bhfuil amhras ar an dátheangachas agus doicheall roimh an dátheangachas fite fuaite inti."

Ní móide go mbaineann seo le córas briathra an Bhéarla, nó le heaspa tuisil, nó le huimhir iolra rialta. Baineann sé le cumhacht Mheiriceá mar "inheritor of the British empire", mar a thug Chomsky air, agus sin uile.

Tá cuma dhoirbhuíoch air seo, ar ndóigh. Níl fanta sa tsaol anois ach díol agus ceannach, tomhaltóireacht agus airgead, adeirtear. Tá rogha againn idir culture and prosperity más le mionchultúr a bhainimid, agus má tá ciall ar bith againn is é bóthar ard na maoine a ghabhfaimid.

Ach féach! Ardaigh do cheann! Breis bheag agus deich mbliana ó shin bhí dhá impireacht ann, dhá bhloc mhóra dhobhogtha. Ar nós Ozymandias féin, níl trácht ar cheann amháin díobh inniu. Fág ceist Mheiriceá agus a chuid ollsmachta i leataoibh ar feadh oiread na fríde de mhóimint neamhshuaithinteasach (rud ar deacair dúinn é a dhéanamh), tá nach mór 30 stát neamhspleách sa domhan anois seachas mar a bhí deich mbliana ó shin. Is geall le míorúilt í seo. Gach ceann díobh agus gan a ghuth imithe in éag!

Nuair a scaoiltear greim na n-arm agus na bpóilíní agus na seirbhísí rúnda agus na mbreabanna agus na touts, agus nuair a ghluaiseann na tancanna ar ais ón treo a dtáinig, déanfaidh daoine a gcuid socruithe féin maidir lena gcinniúint féin bunaithe ar theanga, ar reiligiún, ar stair, ar chaoinfhulaingt, ar sheanaigne, ar cé iad féin ... nuair a scaoiltear greim.

Ar éigean go bhfuil tír ar domhan nach bhfuil dílseacht eitneach, creidimh, teanga, nó féiniúlachta ina bunchloch le caitheamh ag vótóirí i dtoghchán daonlathach. Agus sa chás is nach luaitear go hoscailte iad, is iad an taibhse ag an mbainis iad.

Na náisiúin nua seo uile go léir ó rinn go sáil is amhlaidh go bhfuil a seasamh ar nithe chomh seanfhaiseanta, mar adeirtear, le teanga, le creideamh no le scáil chreidimh. Is é sin le rá, go bhfuil an náisiúnachas sa chiall is traidisiúnta dúchasdílis amuigh ina chumhacht chomh láidir sa tsaol is a bhí le cúpla céad bliain anuas.

Ní hionadh linn, mar sin, go raibh na cumhachtaí móra agus a gcuid prumpaghiollaí chomh binbeach sin in aghaidh na náisiún nua ó thaobh na dtaobhann.

Ach ar an mórchóir is síochánta mar a scar na náisiúin bheaga. D'áirigh an Economist gur lú ná 3,000 duine a fuair bás san chorraíl as ar saolaíodh na tíortha nua seo (fág an tseanIúgsláiv as an áireamh, mar ba chogadh gabhála agus concais é sin). Ní ag déanamh beag is fiú díobh seo atáim, ach suas is anuas le cogaí chos ar bolg Timor Thoir, buamáil na hAfganastáine, an Chongó?

Is é m'áiteamh gur éirigh go maith le formhór na dtíortha seo, agus gur fearrde an domhan dá réir. Ní heol dom tír ar bith díobh a bhain a gcuid neamhpleáchais amach ar mhian leo dul ar ais i mbrollach na seantiarnaí arís. Fiafraigh é sin díobh!

IS dóigh liom féin gurb é seo an gníomh is mó dóchas, agus an imeacht is forásaí, agus an tuar solais is gile dár tháinig ar chlár an domhain le scór bliain anuas. Bua do na daoine, agus bua don daonlathas é seo, bua ón mbun aníos.

Is é sin an fáth a bhfuilim in amhras go mór faoi thionscnamh seo na hEorpa. Ní in aghaidh an chultúir, gan amhras, ná na ndaoine, ná na fostaíochta, ná na gcearta nach mbainfí amach á ceal.

Ná in aghaidh na fealsúnachta cearta daonna a fhréamhaigh cuid mhór inár measc (ach ní ar fad), ná na dtuiscintí a thugann dóchas do mhionlaigh, do dhaoine ar an mbeagán, ar an bhfaraoir ghéar.

Is é amhras na hEorpa atá orm ná Eoraip na gcumhachtaí móra, Eoraip na n-impireachtaí, an Eoraip mar choincheap cúngaithe a d'áiteodh orainn gurb í an ilchríoch bheag shuarach seo ár mbranar ceart dúchais agus nach é an domhan fairsing réidh ó mhol go mol chomh hilbhallach is atá ilchineálach. Ní cás liom leathchois chlamhach seo na hEorpa nuair is linn an domhan go léir!

Dhá bhaile atá againn, dar liom, dhá ionad chónaithe. An tír seo agus an domhan mór braonach. Gach pioc de. Saoránaigh de chuid an domhain sinn, agus saoránaigh de chuid an phaiste seo tailimh, leis. Ní fiú dúinn "náisiúnachas cúng" a mhalartú ar "eorpachas cúng" ach oiread. Ní fheicim locht ar bith ar rialtas domhanda ina mbeadh deireadh le blocanna ollchumhachtacha ag iomaíocht le chéile, agus ina mbeadh cead fáis agus bláthaithe ag gach náisiún agus cine ina am féin. Rómánsachas a déarfaí? A mhalairt ar fad.

Pe rud é cultúr na hÉireann, agus cultúr na Gaeilge, is cuid de chultúr an domhain mhóir é. Sine de nascshlabhra na gcultúr a dheineann cine daonna agus cine daoine dínn. Táimid comhpháirteach leis na guthanna sin ar fad ar fud an domhain atá ag iarraidh éisteacht, nó ar a laghad ag éileamh cead cainte.

D'oirfeadh dúinn é sin a aithint agus fríd an amhrais a choinneáil inár gcroí do na tiubh-bhlocanna dúra nach mbíonn chomh carthannúil i gcónaí leis an té atá thíos.

B'fhearra dúinn a bheith inár mionchultúr de chuid an domhain ná inár mionchultúr de chuid na hEorpa ná Angla-Mheiriceá. Óir is fearr a bheith fairsing ná a bheith cúng.