'Nil polasai no plean ag an Roinn don Ghaeltacht'

D'fhoilsigh an Rialtas dhá thuarascáil go hoifigiúil an tseachtain seo caite: tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus "Polasaithe…

D'fhoilsigh an Rialtas dhá thuarascáil go hoifigiúil an tseachtain seo caite: tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus "Polasaithe agus Cleachtais Eagraíochtaí Éagsúla le Feidhm sa Ghaeltacht" a scríobh beirt as Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Micheál Ó Cinnéide agus Seosamh Mac Donnacha, thar ceann an Choimisiúin.

Níl rún ag an cholún seo tuarascáil an Choimisiúin a phlé an tseachtain seo ó tharla gur fhoilsigh muid a sonraí thiar i mí Aibreáin. Gan amhras, pillfidh Tuarascáil ar obair an Choimisiúin amach seo.

Is é is spéis linn an iarraidh seo an obair taighde atá déanta ag Ó Cinnéide agus Mac Donnacha. Déanann siad mionscrúdú ar chur chuige agus ar éifeacht obair na n-eagras atá ag plé le cúrsaí teanga sa Ghaeltacht.

Scian de scrúdú atá ann a bhaineann an craiceann agus an fheoil de chnámha mhaorlathas an Stáit. Thar ní ar bith eile, tugann an taighde le fios nach bhfuil lámh ar stiúir an Státchórais. Maireann an córas - agus Roinn na Gaeltachta mar chuid de - ach ní fheidhmíonn siad ar bhealach ar bith chomh héifeachtach nó chomh fuinniúil agus a d'fhéadfadh siad.

READ MORE

Is beag clú a thuilleann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán di féin. Is í an Roinn croí na tuarascála seo. Feidhmíonn (nó ní fheidhmíonn) na heagrais faoi chúram na Roinne. Is iad na saighdiúirí coise iad, ar bhealach. Is í an Roinn an ginearál atá os a gcionn.

Má chuirtear drochordú orthu nó má thugtar drochordú dóibh, is í an Roinn is ciontach. Is í tobar na treorach, tobar na comhairle, tobar an airgid í.

Léiríonn an tuairisc arís agus arís eile chomh holc agus atá cúrsaí: "Níl aon tagairt do pholasaí i leith taighde sna cáipéisí atá curtha ar fáil ag an Roinn. Ina theannta sin, ní léir go bhfuil a lán taighde eolaíoch déanta ag an Roinn ar éifeacht agus tionchar a scéimeanna féin i dtaca leis an nGaeltacht.

"Measann an Roinn go gcuirfeadh taighde simplí bunaithe ar staitisticí agus eile le héifeacht a cuid iarrachtaí ach nach bhfuil gá le taighde níos sofaisticiúla ná sin."

Caitheann an Roinn airgead ach ní léir dóibh cén éifeacht atá leis an chaitheamh céanna. Rithfeadh sé leat dá dtabharfá airgead do dhuine gluaisteán a cheannach, go gcuirfeá ceist air ar ball cad é mar a bhí an gluaisteán céanna ag dul.

Nó: "Tar éis anailís a dhéanamh ar scéimeanna na Roinne ní léir gurb í príomhsprioc aon cheann díobh dul i bhfeidhm ar mheon an phobail i leith na Gaeltachta. Ar ndóigh, bíonn tionchar ag gach scéim de chuid na Roinne ... ar mheon an phobail i leith na Gaeilge, ach is cosúil go bhfuil sé seo mar sprioc tánaisteach leis na scéimeanna seo seachas é bheith mar phríomhsprioc."

Níos measa arís: "Ní léir go bhfuil aon phróiseas straitéiseach pleanála teanga laistiar d'iarrachtaí na Roinne. Lasmuigh de ráiteas straitéise na Roinne agus dá tuarascálacha bliantúla níl aon pholasaí, plean ná cáipéis eile ag an Roinn a rianaíonn aidhmeanna, cuspóirí agus spriocanna na Roinne i leith na Gaeltachta agus na meicníochtaí a úsáidtear chun iad sin a bhaint amach."

Léigh an colúnaí sin na línte seo cúpla uair agus mhéadaigh ar a iontas gach uile uair. Níl polasaí, plean nó cáipéis a rianaíonn aidhmeanna, cuspóirí agus spriocanna. Cad é go díreach a rianaíonn aidhmeanna, cuspóirí agus spriocanna, mar sin?

I sliocht eile, scríobhtar: "Tá rian na heaspa pleanála seo le feiceáil ar ghníomhaíochtaí na Roinne féin agus ar ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí éagsúla atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Is beag tionscnamh nua atá tógtha ag an Roinn féin le 20 bliain anuas agus ní léir cé na cuspóirí inbhainte atá le cuid de na scéimeanna atá á reáchtáil aici i láthair na huaire.

"Níl aon chóras meastóireachta ag an Roinn a chabhródh léi dul i ngleic le mórfhadhbanna a thagann chun cinn i réimsí ar nós na pleanála agus an oideachais.

"Ina theannta sin, de bharr nach bhfuil an Roinn ag pleanáil go straitéiseach, is iondúil gur ag freagairt do bhrú ón bpobal a bhíonn sí, seachas bheith ag tabhairt ceannródaíochta don phobal."

LÉIRÍONN an tuarascáil míshásamh phobal na Gaeltachta i leith an Státchórais go ginearálta. Dúirt daoine arís agus arís eile leis na taighdeoirí nach raibh seirbhísí ar fáil ar chaighdeán sásúil; go mbíonn na seirbhísí i nGaeilge ar chaighdeán níos ísle ná na cinn Bhéarla; go mbaineann moill leis an tseirbhís Ghaeilge; nach mbíonn feidhmeannaigh ábalta Gaeilge a labhairt agus go dtugtar ar dhaoine dul i muinín an Bhéarla le seirbhís a aimsiú.

Cad é is cúis leis seo: "Creidtear go bhfuil seo amhlaidh mar nach bhfuil an toil pholaitiúil ann le féachaint chuige go bhfaigheadh pobal na Gaeltachta an tseirbhís shásúil atá ag dul dóibh de réir a gceart bunreachtúil. Gan ceannródaíocht láidir pholaitiúil, tá faillí déanta ag an Státchóras sa Ghaeltacht."

Ní easaontóidh mórán daoine le conclúidí na tuarascála: "I ndeireadh thiar thall, ní bheidh rath ar an nGaeltacht, is cuma céard a dhéanfar, mura mbunófar í ar dhúshraith na fírinne agus na macántachta. I súile an phobail, tá a lán gnéithe de shaol na Gaeltachta nach bhfuil ionraic i láthair na huaire."

Luaitear sa chomhthéacs seo: ceantair Ghaeltachta nach Gaeltacht iad; deontais ag dul do chomhlachtaí nach n-úsáideann Gaeilge; státseirbhísigh ag fáil liúntais sa bhreis nach féidir freastal ar an phobal; easpa dáiríreachta an Stáit.

"Ní féidir bheith ag súil leis, áfach, go seasfaidh muintir na Gaeltachta leis an nGaeilge mura bhfeictear dóibh go bhfuil an Státchóras agus eagraíochtaí eile ag comhlíonadh a ndualgas i leith na Gaeltachta.

"Ní fiú limistéar Gaeltachta a shainiú, mar sin, mura mbíonn brí agus feidhm leis do gach eagraíocht Stáit agus eile atá gníomhach sa limistéar sin agus mura bhfuil na heagraíochtaí atá freagrach as forbairt shóisialta, gheilleagrach, chultúrtha agus teanga na Gaeltachta sásta a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge féin ag croílár na forbartha sin."