Na clasaicí

CROBHINGNE: BHÍ TRÁTH ann nuair gurbh iad na clasaicí litríochta bun agus barr an oideachais

CROBHINGNE:BHÍ TRÁTH ann nuair gurbh iad na clasaicí litríochta bun agus barr an oideachais. Níor samhlaíodh duine a bheith ina dhuine uasal go dtí go raibh eolas aige ar Hóiméar agus ar Virgil agus Óivid agus pé duine eile a bhi sa treis.

Chuireadh na filí Gaeilge tagairtí iomadúla do Phan agus do Véinus agus do Bhaccus (nuair a d’oir) isteach ina gcuid véarsaí, fiu mura raibh ann ach gur chuala siad clostrácht orthu ar an tslí abhaile ón scoil scairte.

Nuair a dhéantaí staidéar ar an Laidin ar scoil, nuair nach mbítí ag caint le boird, léití leithéidí Caesar agus Cicéaró. Ba chuma má bhí Caesar ar dhuine de na barbaraigh ba mhó in impireacht a bhí níos barbartha ná impireacht bharbartha ar bith suas go dtínár linn féin, agus go mba mhála gaoithe é Cicéaró a sháródh ar Edmund Burke, a dtugtaí "clog an dinnéir" air de dheasca a chuid muileann meilte cainte. Cuireadh De Senectutemar gheall ar iontais na seanaoise i lámha bhuachaillí scoile a raibh harmóin phléascacha ag gobadh amach as gach poll ascaille díobh.

Is chuige a bhíothas go raibh luach áirithe agus fiúntas áirithe sna clasaicí céanna a dhéanfadh daonna sinn, agus go raibh lastas breise á iompar acu a thug le fios gurbh fhearr iad ar chor éigin ná an stuif bhocht aimilte a bhí thuas lenár linn féin. B’iad na clasaicí an caighdeán arbh fhearra dhúinn iad a leanúint nó ba sinne ba mheasa.

READ MORE

Níl aon amhras ná go bhfuil ábhar fiúntach i measc na gclasaicí i bhfad siar. Ceann de scéalta móra taistil, eachtraíochta agus grá an domhain is ea An Odaisé.Músclaítear ceisteanna móra na daonnachta i ndrámaí na Gréige, ceisteanna atá farainn gan freagraí i gcónaí. An Aeneidféin, níl sé gan a chuid maitheasaí in ainneoin nach bhfuil ann go bunúsach ach píosa fada bolscaireachta ar son barbaraigh na Róimhe.

Tá tábhacht stairiúil ag baint le go leor di, ach is beag duine a dhéanfadh gáire inniu ag drámaí Terence, agus má tá sé ceart aird a thabhairt ar Propertius, is minic a thabharfadh Horace na harasaí duit agus Flaccus an bhainneach.

Agus níl aon phioc de chuid fhilíocht chlasaiceach na Gréige, Sappho féin ná Simonides, a bhainfeadh an barr den fhilíocht chomhaimseartha ón tír sin, Yannis Ritsos, abair, nó Odysseus Elytis a bhuaigh an duais Nobel don litríocht.

Is é fírinne iontach an scéil ná – bíodh nach í seo an t-aon tslat tomhais amháin ná ceann a bhíonn i gcónaí inmholta – nach mbuafadh scríbhneoir clasaiceach ar bith an duais Nobel sin inniu, seachas b'fhéidir Hóiméar (duine díobh) – ar a leamhas is ar a fhadálacht. Déarfadh duine nach bhfuil anseo ach smut beag eile den díospóireacht ar cuireadh ceann air san Fhrainc san 17ú haois nuair a tosnaíodh ar a áiteamh go raibh litríocht na linne níos dearscnaithí ná piseoga agus aineolas na seanleaids. D'fhadaigh Swift as sin ina Battle of the Booksbíodh gur deacair a rá cén taobh ar a raibh sé féin.

B’í argóint na nua-fhondúirí ná go bhfuil níos mó ar eolas againn ag aon am ar bith ná mar a bhí ag na seanóirí; agus a mhalairt sin timpeall ag na clasaiceoirí, gurbh iad sin an solas agus nach raibh san nua-aois ach scáthán nó ruithne an tsolais sin.

Ach tá cúisiú i bhfad níos simplí ná sin ann. Is iad na clasaicí na fágála beaga bídeacha a tháinig slán ó shlad na n-aoiseanna. Níl ann ach timpist go bhfuil cuid díobh againn. Níos tromchúisí ná sin is ea gur dream beag cúng a chum formhór a raibh á léamh do dhream eile a bhí nach mór chomh beag is chomh cúng céanna. Áirítear nár fhéad go fiú is 1 faoin gcéad de phobal impireacht na Róimhe léamh nuair a bhí an t-inneall dúnmharaithe sin ina shea. Agus fág is nach taobh le léitheoireacht amháin a bhí an pobal, fós féin, ba fhrigh bhídeach laistigh d’aithid níos lú i bhfolach i mionshuarachán de leipreachán ainmhí na daoine a raibh acmhainn scríbhneoireachta de shaghas ar bith acu.

Bheadh ar nós is dá gcuirfí leabharlanna agus siopaí leabhar an tsaoil trí thine inniu agus go dtiocfadh lán méaracáin nó sprúáin scaipthe slán ón gcreach, agus go ndéarfaí ansin, “Féach! Sin ár gcuidne litríocht chlasaiceach agat!”

Foilsítear níos mó litríochta fiúntaí inniu in aon bhliain ar bith ar fud na cruinne ná mar a foilsíodh sa saol clasaiceach ar fad arna shíneadh fad gach n’fhad soir agus timpeall agus ar ais arís.

Mura mbeadh ann ach an mhatamaitic féin agus na scálaí tomhais, ba cheart go mbeadh sin soiléir. É sin, nó ceapann daoine go raibh rud éigin i ngéinte na seanbhuachaillí agus in uisce an Tibéir atá in easnamh orainne inniu.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar