Maoiniu oideachais

Bhronn an crannchur TACA £20,000 ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta ag tús na bliana úire

Bhronn an crannchur TACA £20,000 ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta ag tús na bliana úire. Bainfear úsáid as an airgead leis an ghaelscolaíocht a chur chun tosaigh i dTuaisceart Éireann.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Iontaobhais, Pilib Ó Ruanaí, go raibh lúcháir air an t-airgead a fháil: "Beidh an t-airgead seo ina chuidiú againn cinntiú go mbeidh teacht ar an ghaelscolaíocht i gceantair nach bhfuil sí ar fáil san am i láthair."

Is é an tIontaobhas féin atá i mbun TACA agus bailíonn siad a gcuid airgid "ó na pingneacha a chaitear isteach sna bocsaí bailiúcháin i siopaí agus tithe tábhairne agus clubanna ar fud an Tuaiscirt agus ó na scríobchártaí a dhíoltar ó dhoras go doras i mBéal Feirste".

Dúirt Ó Ruanaí gurbh é an maoiniú seo an chéad toradh ar a bpáirtíocht: "Seo sampla eile den chur chuige fuinniúil atá ag na Gaeil sa taobh seo tíre; ní luíonn siad siar ach téann siad i mbun oibre go díograiseach ag bailiú airgid ar son na cúise."

Tá 4,000 dalta ag freastal ar ghaelscoileanna sa Tuaisceart agus bhí dóchas aige go mbeadh an dá oiread ann i gceann cúig bliana eile.

Clár Conallach

Tá clár imeachtaí agus cúrsaí don bhliain 2004 ar fáil anois ó Dháil Uladh. Is i nGort an Choirce, i nGaeltacht Dhún na nGall, atá Dáil Uladh lonnaithe agus eagraíonn siad imeachtaí do dhaoine fásta agus do theaghlaigh ach go háirithe.

Tosóidh cúrsaí i mí an Mhárta agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí mí na Samhna. Ar na cúrsaí a chuireann siad ar fáil, tá dianchúrsaí teanga; ceardlanna péintéireachta agus sna ceird chruthaitheacha - adhmadóireacht, déanamh bascaed, tógáil ballaí traidisiúnta cloiche - siúlóidí sléibhe; coimhéad éin ar oileán Thoraí agus ranganna sa chócaireacht chruthaitheach.

Eolas: 074-9165822; dailuladh@eircom.net nó www.dailuladh.com