Mallaig

CROBHINGNE: AN TRÁTH seo bliana tá daoine ag imeacht leo ar laethanta saoire nó ag filleadh go dubhach griandóite ó ríochtaí…

CROBHINGNE:AN TRÁTH seo bliana tá daoine ag imeacht leo ar laethanta saoire nó ag filleadh go dubhach griandóite ó ríochtaí na spéire goirme.

Bíonn bás sa samhradh chugainn gan mhoill tar éis na laethanta meala, agus is beag duine a thugann an samhradh leis le bainne na ngamhna isteach i gcorp an gheimhridh istigh. Na bailte beaga sin a mbíonn an ghrian ag taitneamh orthu anois is arís níl feidhm dom a rá go dtagann an droch-kharma amach iontu nuair a imíonn na fáinleoga de thurasóirí ar ais go Capistrano agus go Ceapach an Chaca agus go CeapCibéBallEile ar aon iúl leo. Cad a dhéanann siad iontu?

Dhéanfainn a thuilleadh marana air sin ach amháin go gcuireann sé adaimh fhriuchta ag siosarnaíl trí mo chloigeann clogadtha. Cad a tharlaíonn i gcríon na cille nuair atá gach duine eile bailithe leis go bailithe?

Is dócha go bhfuil baile amháin a bheag nó a mhór cosúil le baile eile ar a leamhas is ar a leadránacht sna hoícheanta fada tar éis na Samhna. Cé a leithreodh an Poll Caoch ón gCúil Dorcha ón gClais Fhliuch ón mBéal Cúng ón Tuama Mór ón mBaile Baoth ón Maitheas Tirim ón Loime Nocht ón gCill Gan Bhua oíche Chéadaoin i ndúluachair an doibhdis?

READ MORE

I mo chora féin de, ní raibh sé de mhí-ádh riamh orm níos mó ná oíche amháin purgadóireachta a chaitheamh i mbaill mar iad, ach chaith mé oícheanta níos mó ná sin in Mallaig.

Don té nach bhfuil a fhios aige is baile beag é Mallaig ar chósta thiar na hAlban nach bhfuil ar éigean níos mó ná teach tabhairne, caidéal, cúpla bothán agus boladh éisc ann, fág gurb é boladh an éisc a thugann a shuaithinseacht dó. Is féidir é a aimsiú ar léarscáil le cabhair gloine mhéadaithe agus gúna fada den ádh.

Tá sé ag deireadh an bhóthair iarainn a ghabhann siar agus is é an port is áisiúla é do dhaoine atá ag iarraidh éalú gus an Eilean Sgitheanach. Tá chomh marbhánta sin nár tharla dúnmharú riamh ann.

Scríobh an file mór Albanach Somhairle Mac Gill-Eain dán dar teideal Hallaiga bhain le díbirt agus le bánú bhaile ar Ratharsaidh. Ar chúis éigin, níor chum sé dán riamh ar Mhallaig. In Hallaigsamhlaíonn sé go bhfeictear taibhsí na ndaoine ar déanadh fuadach amach orthu, agus is ann a chonaic sé "na mairbh beo". In Mallaig is dealraithí go bhfeictear na beo marbh, cé nach bhféadfá a bheith suite den mhéid sin féin.

Ba dheacair a shamhlú go scríobhfadh duine dán ar bith ag moladh Mallaig, cé gur scríobh file mór an cheantair sin Alasdair Mac Mhaighistir Alasdair dán ag moladh Mòrag. Ina choinne sin, ba chóir a bheith in ann filíocht a bhreacadh faoi ábhar ar bith faoin spéir, go fiú is Mallaig.

Má cheapann an haikiú an ghaois is airde laistigh de shamhailt ghléineach, níl aon chúis nach gcuimseodh an lóikiú an bhaois is fearr laistigh d’íomhá gheáitseach. Cad eile atá in Mallaig seachas:

Baile beag brocach

Pobal gafa

Éisc lofa.

Má tá sin ábhairín róghéar is furasta é a mhaolú:

Faithne ar thaobh an tsléibhe

Ionga ag dul isteach

Brach ag teacht amach.

Drochghalar is ea galar na lóikiúnna a chumadh, galar i bhfad níos tógálaí ná galar an haikiú féin. Feacann an haikiú a ghlúin i dtreo na háilleachta agus na fírinne gonta. Mórann an lóikiú an rud gránna, más corpán lom na fírinne féin é:

Boladh bréan ar an aer?

Níl tú dod mhealladh!

Baile Mhallaig.

B’fhéidir gur dhóigh leat as an méid sin gur gá uiscí beatha na hAlban a bheith dod sciomradh d’fhonn do ghlanta, agus d’fhéadfadh an ceart a bheith agat. Is ar an iarnród is mó a ghluaiseann daoine ann, cé nach ionann an radharc a gheofá air mar sin agus an rud a nochtfadh chugat bealach na mara:

Gualainn Mhallaige

Smuga carraige

Raic ón bhfarraige.

Is deimhin liom go samhlaítear gur féidir an saol eile a fheiscint ó na háiteanna iargúlta seo idir neamh agus Árainn, cé gur cosúla an radharc ar an saol eile a fhaightear ó Mhallaig leis an radharc ó Loch Deirg:

Cad é Mallaig?

“Tha mi a’ tuigsinn”

Leathshúil ar Ifreann.

Dá olcas iad na háiteanna seo maidir le heaspa scéimhe agus gan a maise a bheith le maíomh, is sceimhliúla fós smaoineamh ar an saol intleachtúil iontu a shnámhfadh chugat, seachas ó thóin an bhuidéil. Ní de thimpist atá Mallaig ag ceann na scríbe:

An intinn in Mallaig

Barr na caoile

Deireadh na líne.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar