Loscadh leabhar

CROBHINGNE: NUAIR A dheineas scrúdú na hardteistiméireachta agus nuair nach raibh Michael Davitt fós ina bhligeard sráide, ná…

CROBHINGNE:NUAIR A dheineas scrúdú na hardteistiméireachta agus nuair nach raibh Michael Davitt fós ina bhligeard sráide, ná Liam Ó Muirthile ina ghaige chúl-lána, shocraigh cara liom ar a chuid leabhar scoile go léir a scaoileadh le habhainn na Laoi.

Tráthnóna an scrúdaithe dheiridh a bhí ann, agus ba ghá díoltas éigin a bhaint amach. Bhí searbhmanas beag aige tar éis dó a chuid gráine ar Chicéaró agus ar an Athair Peadar a fhógairt leis an saol nach raibh ag éisteacht, agus rúsc sé a raibh de leabhair scoile aige thar an droichead le fán an uisce amach.

Tuigeadh riamh dom go raibh ealaín níos fearr ar ealaí na Laoi ó shin, nó oideachas níos fearr pé san uisce é. Chuaigh mo dhuine le baincéireacht idir an dá linn, agus d’éirigh leis an tír a lot, beag beann ar Chiceáró ná ar an Athair Peadar.

Rinne Toirdhealbhach Mac Seáin (nó Terry Jones duitse) a dhícheall lag ar chosaint a dhéanamh ar ghníomh an Chórain Bheannaithe (Moladh go Deo le Domhan an Alla agus a líontán síoraí) a chur le deatach agus le tine lasmuigh de thigh a phobail san tír is mó gaois agus tuiscint sa domhan an tseachtain cheana. Is dócha go bhfaighfeá an oiread sin teasa as an gCóran is a gheofá as an mBíobla agus iad sa tine araon, ach troime an pháipéir a bheith a bheag nó a mhór mar a chéile.

READ MORE

Níl leabhar na Mormannach chomh hinlasta céanna leo, óir ní de shliocht Chiarraí é an t-ardaingeal Moroni mar a cheap a lán. Saghas filíochta is ea an Bog-i-bhFad Vita, agus níl oiread sin taithí againn ar na dánta fáda spioradálta mar mhalairt ar na liricí beaga faoistinfhíniúla.

Loscadh Terry ar an gCóran, bhí a iarmhairt aige. Go tobann, gan choinne, chealaigh na sheikí go léir a raibh sé i gceist acu turas a thabhairt ar Gainesville Florida a gcuairt. Cuireadh cuid de na siopaí éadaí as obair, mar bhí brath acu ar chaillí faiseanta na mban Arabach.

Bhí alltacht ar lucht léannta go ndéanfaí leabhar ar bith a loscadh, go fiú is an Córan féin nach bhfuil léite acu. Ní féidir an Córan a thuiscint mura bhfuil Araibis agat, agus mura bhfuil cónaí ort san tseachtú haois. Níl dúil againne leabhar ar bith a loscadh cé go bhfuil cúis a loiscthe againn.

In ionad ruathar buile a thabhairt trí shráideannna na cathrach agus daoine a dhícheannadh d’oirfeadh go mór do phobal Alla an Bíobla a dhó. Chuir Jones an Córan ar triail agus fuarthas ciontach é. Níl a fhios againn an raibh cead ag an gCóran labhairt ar ais nó an raibh fear ar bith le róbaí fada ar fáil chun é á chosaint.

Chuirtí triail ar mhuca agus ar ainmhithe eile san Eoraip sna meánaoiseanna agus chuirtí chun báis iad nuair a gheibhtí ciontach iad. Seans maith gur fearr a thuig na breithimh teanga na muc ná mar a thuig Jones Araibis, áfach.

Mhaígh sé gur den diabhal an Córan, ach ní dúirt cé acu le Béalseabúb, Sátan, Magog, Aistear, Meifistoifiléas, Lilit, Óifíl, Mamón, Tóltóir, Scucham, Mucás, Lúisiféar, Abadon, Cáron, Seaiciup, Bugarál, Focalar, Créasót nó Bhigí-Digí é. Rud a dfhág leathcheal ar an gciontú, dar liom. Dá mhéid is a dhéanfá staidéar ar an diagacht i séipéilín Jones is ea is fearr a gheofá aineolas níos beannaithe.

Ní fios cad iad na codanna den Chóran go sonrach a fuarthas lochtach, ach ní bheadh sé deacair teacht ar stráicí fada den Bhíobla a mbeifí in amhras orthu chomh maith céanna. Is maith liom féin gliomaigh ar a seal, ach is léir nach dtuigeann iascairí Chonamara go bhfuil sé in aghaidh Dé iad a ithe. Tá cara liom a bhfuil féasóg air agus is maith leis a himill a bhearradh; tá leisce orm a rá leis go bhfuil sé damnaithe go héag. Deireann an Bíobla gur dhein Dia na plandaí go léir, agus bhí siad go maith le n-ithe. Mar sin féin tá leisce orm triail a bhaint as an moing mhear mar deir bitheolaithe go bhfuil nimh ann, agus bíonn an ceart acu anois is arís.

Deir Leabhar na Mormanach linn gur chabhraigh Dia le Meiriceá a gcuid cogaí go léir a bhuachan, ach scríobhadh síos an méid sin roimh Vítneam. Ina dhiaidh sin, tagaimid ar fháithe eile ann ar nós Zeonock, Neum agus Zenos, bíodh nach bhfuil a gcuid tairngreachta fíoraithe fós.

Ní mholaim féin leabhair ar bith a dhó nuair atá baincéirí fós gan loscadh. Ach dá gcaithfí tús a chur lena leithéid, ní fearr rud a dhéanfaí ná smaoineamh ar úrscéalta Jane Austin nó a comrádaí dílis sa leamhas, Henry James, a chur sa tine chnámh.

Fad is atá fáil orthu sna siopaí is measa tá leithscéal i gcónaí ann ar son na neamhlitearthachta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar