Liathróidí criostail

CROBHINGNE: AN TACA seo bliana ní foláir do dhuine féachaint isteach ina chuid liathróidí criostail nó pe gléas fáistine atá…

CROBHINGNE:AN TACA seo bliana ní foláir do dhuine féachaint isteach ina chuid liathróidí criostail nó pe gléas fáistine atá aige d'fhonn a bhfuil romhainn amach a thuar.

Léigh mé fáistiní Nostradamus is fíor ach ba chosúla é le réamhfhaisnéis na haimsire lá samhraidh ar bith in iarthar na hÉireann:

“Beidh an ghaoth aduaidh dár leathadh

Is an séideadh aniar dár srathadh

READ MORE

An ghaoth ag soilsiú anuas

Is an bháisteach anoir aduaidh.”

Is deacair cur ina choinne sin mar fháistine, agus is deacra fós aon iontaoibh a thabhairt do ráitis Cholm Cille a d’fhógair go ndéanfar an Bhreatain a athChríostú; ach ní móide go dtarlóidh sin an bhliain seo chugainn. Deirtear má fhéachann tú go grinn i ngrúidilí an tae go mbeidh tú in ann a bhfuil i ndán duit a fheiscint.

Ó thosnaigh mé ar na málaí tae seachas ar an spúnóg sa phota ní go rógheal atá ag éirí liom. Bhítí ábalta, leis, ar thairngreacht a dhéanamh ach slinneán caorach a ithe ar uair an mheán oíche in aice le tobar fíoruisce ar thaobh na gaoithe de chnocáinín sí, ach is dodhéanta fós caora a fháil nach bhfuil in úsáid cheana féin, nó gearrtha ina griscíní don bhúistéir.

Is dá bhíthin sin a bhíos taobh leis na liathróidí criostail. Tá an snas ag imeacht díobh, is fíor, ach dúirt siad liom anuraidh nach mbuafadh Fianna Fáil an t-olltoghchán agus nach mbainfeadh Ceatharlach Craobh na hÉireann san iomáint (ná sa pheil, mar a tharla). Má bhí an ceart acu sa mhéid sin, dé chúis nach rachainn ina muinín arís i mbliana?

Is iad a bhí modartha go maith i dtosach, ach de réir mar a d’imir mé an cheirt orthu le neart m’uillinne is ea is soiléire a tháinig pictiúir áirithe chun cruinnis.

I measc na bpictiúr a tháinig chun soiléire, bhí fear dubh agus crúba faoi, adharca ar a cheann, agus eireaball a bhí ag lúbadh is ag snaidhmearnaigh. Cé gur cheapas gur Gaelainn an Athar Pheadair a thiocfadh amach as a bhéal, is amhlaidh gur i nGearmáinis a labhair sé.

Lorgaíos ábhar níos dírí óm liathróid cham ina dhiaidh sin. Ceapaim go bhfuaireas é. Is ea, ní bhuafaidh Fianna Fáil aon olltoghchán ná fothoghchán ná taobhthoghchán ná slíbhínthoghchán ná eireaballthoghchán i mbliana.

Agus arís ar ais, ní bhuafaidh Ceatharlach Craobh na hÉireann san iomáint (ná sa pheil), ná Craobh Laighean, ná Craobh Cipín go fiú ins an chipíneacht féin. Is ina dhiaidh sin a thosnaigh amhras ag teacht orm maidir le radharc súl mo liathróide criostaile.

Is ea, ní dhéanfar Caitliceach ceart d’Iain Páislig i mbliana, agus ní fhásfaidh silíní ar an gcrann eidhneáin.

Seans go bhfuil rud éigin ar eolas ag an liathróid chriostail maidir le corc a chur i mbéala áirithe, nach feas domsa. Agus dúirt an liathróid chriostail liom go dtitfeadh an samhradh siar isteach sa gheimhreadh nuair is eol do chách gurb é an geimhreadh a thiteann soir isteach sa samhradh. Chonaic mé chomh maith go mbeidh dath eile seachas pinc ar léine Mhick Wallace, ach ní raibh riamh ansin ach an bhratach dhearg agus í ag cailleadh cuid dá snua.

Tiocfaidh deireadh an domhain san athbhliain chomh maith céanna, mar a tharla i mbliana agus anuraidh. Ach scéal eile é an t-am seo, mar tiocfaidh béist amach as Pluto ag rince faoi bhréagriocht agus déanfaidh sí urlacan gránna liathbhuí a chlúdóidh an chruinne (mar atá scríofa) ionas go mbeidh daoine ag amhastraigh agus ba ag gángarach agus caoire ag seitreach agus froganna ag cantain go dtí go súfar iad ar fad isteach i bpoll mór glogair.

Tá aon rud cinnte amháin faoin mbliain seo chugainn, go dearbh. Is ea, beidh báisteach ann, agus saolófar daoine, agus inseofar bréaga, agus cloisfear scéalta. Tiocfaidh deireadh le cogadh in áit éigin i gcéin, agus tosnóidh ceann eile. Déanfar buamáil ar shibhialaigh bhochta agus ní luafar a n-ainm in aon chroinic. Tá a fhios againn an méid sin, nó is mise gugaí ó gug. Ach thar aon rud eile, is é a tharlóidh, nó is é a thitfidh amach, agus níl ach aon fhocal amháin air: eachtraí. Sea, tarlóidh eachtraí.

Agus de dhroim na n-eachtraí sin beidh tarlúintí. Agus mar thoradh orthu sin, beidh imeachtaí eile. Agus dá dtoisc araon, beidh teagmhais eile. Agus ina dhiaidh sin, todhchaígh. Agus eachtraí eile ina dhiaidh sin. Agus ansin tarlúintí... tá an méid sin cinnte, ar a laghad.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar