In annála na hathbheochana, tá gach seans ann nach dtuillfidh seoladh Shuirbhé Teanga i nGaeltacht bheag Ros Goill, Co Dhún na nGall, mórán níos mó ná fonóta - ach fonóta tábhachtach a bheidh ann.
Líon measartha beag daoine a bhí i láthair an tseachtain seo caite - tuairim is dhá scór - agus bhí mórán acu sin meánaosta. A raibh de dhaoine óga ann, ba cheoltóirí iad agus, ní den chéad uair, rinne an colúnaí seo iontas den chumas iontach a bhí ag daoine óga na hÉireann i mbun ceoil thraidisiúnta. (An deacra teanga a chanadh ná bosca ceoil a cheansú?)
Ní dócha gur thug na daoine óga céanna mórán airde ar a raibh le rá ag cathaoirleach Choiste Aniar, Aodh Mac Laifeartaigh, nó ag Leas-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin. Ba é an Coiste a réitigh an suirbhé teanga agus ba é Ó hAoláin a sheol é.
Dúradh na rudaí traidisiúnta a deirtear ar ócáidí den chineál. Tuigeann tú d'fhuarchúis na n-óg. Ní dóibh ceisteanna teibí teanga. Níl fúthu ualach an chultúir a iompar - go fóill beag cibé ar bith.
Ach ba léir ar a raibh le rá ag Mac Laifeartaigh agus Ó hAoláin gur thuig siad beirt go raibh todhchaí na teanga sa cheantar ag brath ar an mhuintir óga. Beidh dúshlán mór roimh an choiste áitiúil agus roimh an Údarás í a choinneáil beo sa cheantar seo.
Rinne Mac Laifeartaigh trácht ar an ghlúin lenár bhain sé féin. Ní raibh sé ag iarraidh go mbeadh siad freagrach as bás teanga. Thuig pobal an cheantair luach an chultúir a bhí acu agus, faoi dheireadh is faoi dheoidh, bhí siad i ndiaidh bogadh ó earnáil an ghearáin phríobháidigh amach go hearnáil an ghnímh phoiblí.
Murab ionann agus Conamara, abair, níl an íomhá phoiblí chéanna ag an teanga i nDún na nGall. Chan ionann sin is a rá nach bhfuil bród ag an phobal as an teanga ach ní léir go síleann mórán acu go bhfuil ról poiblí aici.
Léiríonn obair Choiste Chéim Aniar go bhfuil ról poiblí á fhorbairt anois. Ba iad bunadh an bhaile a reáchtáil an suirbhé agus ba iad bunadh an bhaile a d'fhreagair na ceisteanna dá dtoil dheonach féin.
Ón phobal atá an fonn chun gníomhaithe ag teacht agus is iad an pobal féin a bhainfidh buntáiste as an obair.
Má tá rath le bheith i ndán don choiste, caithfidh siad greim a fháil ar dhaoine óga, iad a oiliúint i dtábhacht a n-oidhreachta i ndúil is go leanfaidh siad le húsáid na teanga. Agus ná bíodh dallamullóg ar dhuine ar bith ar na deacrachtaí a bheidh ann a leithéid a dhéanamh.
Luaigh Ó hAoláin gur "lúibín" i slabhra teanga iad pobal Ros Goill. Mhol sé iad as an slabhra sin a choinneáil gan bhriseadh agus as an iarracht an lúibín a neartú. Labhródh agus chuideodh an tÚdarás leo, a dúirt sé. Ceantar "tearcfhorbartha" a bhí i Ros Goill i mbéarlagair an Údaráis.
Tearcfhorbartha, gan amhras. Níl mórán acmhainní sa cheantar. Is ábhar iontais é a laghad daoine atá ina gcónaí in íochtar Ros Goill - níos lú ná 700 - agus is ábhar imní an cheist sin féin do Choiste Chéim Aniar.
Ach tá Gaeilge ann agus Gaeilge shlán fholláin ar fhianaise na gcluas. Cad é an luach a thabharfar ar chainteoir dúchais amháin a thabhairt slán? Deichniúr foghlaimeoir?
Céim bheag atá i suirbhé an choiste. Sin a bhfuil. Céim bheag amháin. Ach is maith ann mar chéim í agus má chuireann an tÚdarás agus eagrais eile teanga acmhainní agus tacaíocht ar fáil, thiocfadh dó go dtiocfaidh aistear fada fiúntach as an chéim chéanna - agus cá bhfios cé a leanfaidh ar an aistear iad.