Bhí Comhdháil Dhomhanda na nDaoine Finno-Ugric ar siúl i dTallinn na hEastóine le déanaí, a scríobhann Alan Desmond.
Tá teangacha de chuid na haicme teanga seo á labhairt ag 23 grúpa eitneach ach níl a stáit féin ach ag na hUngáraigh, na Fionlannaigh agus na hEastónaigh. Tá na grúpaí eile a labhraíonn teangacha Finno-Ugric le fáil san Iorua, sa tSualainn, sa Laitvia agus sa Chónascadh Rúiseach.
B'fhéidir gurbh é ba mhó a léiríodh le linn na comhdhála ná an naimhdeas leanúnach idir an Rúis is a comharsa bhídeach Bhaltach, an Eastóin. Cosúil leis na Cluichí Oilimpeacha, tionóltar an chomhdháil seo gach ceithre bliana agus ba é seo an ceathrú comhdháil i stair na heagraíochta.
Ba é mana na bliana seo "is í an óige ár dtodhchaí" ach tugadh faoi deara, dá óigeanta a n-uaillmhian, is ea is aosta a bhí formhór na dtoscairí.
Seachas na hóráidí a tugadh, cuireadh isteach ar phreasócáid ag pointe áirithe nuair a rinne duine den mhionlach Tsud éileamh go n-aithneofaí an grúpa seo mar an ceathrú comhphobal is fiche den Finno-Ugric. Tá an Tsud lonnaithe sa Rúis agus faoi bhun 400 díobh ann.
Chomh maith leis an gcur isteach seo, bhain Greenpeace feidhm as an gcomhdháil le hagóid a dhéanamh in aghaidh an dífhoraoisithe atá ar siúl ag an Rúis. Ní ionadh gur mhaígh na Rúisigh go raibh baint ag na húdaráis Eastónacha leis an léirsiú seo.
Go deimhin, caithfidh gur bhraith an Rúis nárbh iad na hEastónaigh amháin a bhí sa mhullach uirthi.
Sa phríomhaitheasc labhair Janos Pusztay, Ungárach, faoi aonchineálú na Rúise i gcomhthéacs eitneach is teangeolaíoch agus rinne tagairt do scriosadh mionlach náisiúnta sa Chónascadh Rúiseach.
Braitheann Pusztay nach mbeidh fágtha faoi dheireadh an chéid ach leath den líon cainteoirí Finno-Ugric is atá ann faoi láthair. Dar leis gur geall le himpiriúlachas teangeolaíoch í an Rúisis bheith á brú anuas ar mhionlaigh eitneacha.
Ag teacht le cáineadh na Rúise, chuir uachtarán na hEastóine, Arnold Ruutel, in iúl go raibh ainmhithe i mbaol á ríomh ag eolaithe i leabhar dearg. Sa tslí chéanna, a dúirt Ruutel, bhí leabhar dearg de ghrúpaí eitneacha na Rúise curtha le chéile ag taighdeoirí Eastónacha.
Leag príomh-aire na hEastóine, Juhan Parts, béim ar an éigniú a bhí an bparlaimint Rúiseach á dhéanamh ar chearta daoine. Dúirt Parts go mba chóir go roinnfeadh an Eastóin an taithí atá aici ar conas is féidir plé le mionlaigh.
Baineann íoróin le caint Parts mar go bhfuil mionlach suntasach Rúiseach san Eastóin agus bíonn orthu an Eastóinis a fhoghlaim sula dtugtar saoránacht Eastónach dóibh.
Fágann sin, dar leis an Rúis, go bhfuil beagnach 170,000 duine "gan stát" san Eastóin toisc nach bhfuil an Eastóinis ar eolas acu.
Tháinig na Rúisigh eitneacha seo, roinnt mhaith díobh mar oibrithe tionsclaíochta, chun na hEastóine le linn don Eastóin bheith faoi chuing an Aontais Shóivéadaigh.
Ní féidir a shéanadh go bhfuil mímhéin ag roinnt Eastónach do na Rúisigh seo. (Is féidir dul isteach in óstán i bpríomhchathair na hEastóine agus beidh an freastalaí in ann Béarla agus Rúisis a labhairt ach ní bheidh an Eastóinis ar a thoil aige.)
Ach conas, i ndáiríre, is féidir leis an Eastóin an Rúis a cháineadh faoin íde a thugtar do mhionlaigh eitneacha agus, ag an am céanna, íde a thabhairt don mhionlach Rúiseach san Eastóin?
Dar le roinnt daoine a bhí i láthair gur treise cearta mionlach dúchasach ná cearta mionlach inimirceach.
I bhfianaise na tuairime sin, is léir nach inniu ná amárach a réiteofar na fadhbanna atá ag an Eastóin agus an Rúis lena chéile.