File arís

CROBHINGNE: IS TUIGTHE amhras a bheith ar dhaoine ceangal ar bith a dhéanamh idir an éigse agus “an saol réadach”, pé brí fhantaisiúil…

CROBHINGNE:IS TUIGTHE amhras a bheith ar dhaoine ceangal ar bith a dhéanamh idir an éigse agus "an saol réadach", pé brí fhantaisiúil a bhíonn acu leis an gclísé sin. Is mó fós d'amhras a bhíonn orthu aon nasc a dhéanamh idir an fhilíocht agus an saol polaitiúil in ainneoin na fianaise.

B’fhéidir nach é Mao Zedong an t-eiseamlárú is túisce a tharraingeofá chugat chun an ponc seo a chruthú, ach tá filí is seacht measa go mór ná é i ngach sráidbhaile in Éirinn.

Ina choinne sin, file nótálta ba ea Léopold Sédar Senghor a bhí ina uachtarán ar am tSeineagáil ar feadh 20 bliain, agus a d’fhreastail an dá thráth go héiritheach. Dá thugthacht is a bhí Saddam Hussein don fhilíocht, b’fhearr é a chur ar an téad fhada mar ní móide go bhfuil éigse na n-uachtarán ag crochadh ar a cháil siúd feasta.

Leor de dheimhne dúinn go raibh ár bhfile uachtaráin féin againn. Níorbh é Dubhghlas de hÍde an file ab fhearr riamh idir Colm de Bhailís agus Máirtín Ó Direáin, ach chum sé dánta a raibh rithim agus ceol iontu agus a d’oir don phearsantacht lách a bhí aige. Deirtí An Gleann ’nar Tógadh mé ar feadh na mblianta ar stáitsí feiseanna - “Ó áit go háit ba bhreá mo shiúl,/Is do b’ard mo léim ar bharr an tsléibh...Bhí an sonas romham thall ’s abhus/Insa ngleann ’nar tógadh mé”.

READ MORE

Ní móide go n-oirfeadh an saghas sin aoibhnis do dhuine ar bith tar éis an fheachtais bhinbigh toghchánaíochta a bhfuil a chlabhsúr is a chinneadh chugainn inniu, ach tá file amháin i measc na n-iarrthóirí atá ag cleachtadh a cheirde leis na blianta fada. Ní hionann guth polaitiúil Michael D. Higgins ar fad agus a ghuth filíochta, ach is follas an nasc atá eatarthu.

An paisean agus an díocas atá nochtaithe aige ina shaol poiblí, tá ar snámh ar fud na bhfocal ina chuid dánta ar shlí nach bhfeicimid sa chuid is mó den fhilíocht chúng fhaoistiniúil is nós le scríbhneoirí an tseomra suite.

Tráchtann sé le tocht is le fearg ar an áit inar sacadh a athair le bás a fháil: “(go dtí) Teach na mBocht, ach níor tugadh sin air níos mó/le linn réime liobrálaithe Lemass/ach ainm naoimh, Naomh Sheosaimh.”

Tá an fhearg chéanna ar maos in aon trácht atá aige ar an aicme a chonaic a seans d’fhonn leas a bhaint go héagórach as an maitheas phoiblí – “an lucht gaimbín a shocraigh gur rud maith/A bhí san stát nua/go fiú ar son gnó.” Ní bhaineann an beomhianach sin leis an aimsir chaite amháin; i ndéanaí aimsire nuair a náiríomar sinn féin leis an gciníochas a shealbhaíomar ó na hÉireannaigh sin a chaith blianta i seirbhís an rí thar sáile ag cloí na ndarkies, cuireann sé i mbéal Aire Rialtais focail nach foláir a bhí ina chroí ach nár leomhaigh sé a scaoileadh amach as a bhéal: “Chuala mé inniu an stuif contráilte/Focail cosúil le cineáltas/boige/suáilce/na focail mhaotha sin/gearrtar amach iad!”

Uaireanta sroicheann sé chun reitrice in airde, nuair is ionann reitric agus uaisleacht friotail chun fírinne lom nach n-aithnítear a bhualadh abhaile. In ainneoin a dháta, ba dhóigh leat go mbaineann a dhán Jesus appears in Dublin in 1990 at the Port Docks Board sitelenar thit amach, é sin, nó is tairngreacht ghlan é (le teann íoróna): "Is gá a bheith dian sna laethanta deacra seo/mar is eol do dhaoine broidiúla/Bíodh na páistí gan leabhair/Nithe contúirteacha iad focail agus leabhair/Ligtear don sean bás a fháil go ciúin/Tá an iomad cainte acu."

Fós, is file séimh, smaointeach, moiglí chomh maith céanna é i gcabhail a shaothair. Tá dánta áille aige faoina mhuintir féin, faoina theaghlach; dán a thuigfeadh tuismitheoir ar bith agus iníon leis ag dul faoi scrúdú na meánteistiméireachta. Dán dá dheartháir ina bpóstar an chuimhne ghrámhar agus mothálacht íogair nach féidir a shéanadh.

Dánta crua ar laethanta dorcha a d’imigh, ach a bhfuil an dóchas agus an tuiscint i gcónaí tríothu. Dánta ar scéalta le ceart iad a chuimsíonn eachtra a tharla, nó ina bhfuil tabhairt faoi ndeara géar grinn giobanta. Dánta fada bíogúla. Dánta ina n-athmhúsclaítear a óige gan searbhas, gan deora.

Fág i leataoibh an saghas bladhmainn a mhaíodh gurb iad na filí na “unacknowledged legislators of the world”, is é cúram na teanga, cosaint an fhriotail, sciathgharda an uiríll gnó an fhile. Tar éis na fleá móire d’fhuighle fáis a fhulaingt, agus tar éis dúinn cur suas le cóisir chlaon na gclísé, nár mhaith an bheart duine a thuigeann idir thromchúis agus chaolchúis an fhocail a thoghadh? Deir sé féin gur “I loganna ciúine an chroí/a dhéantar an t-amhrán nua.” Nár mhaith sin chomh maith céanna?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar