Fiche scríbhneoir, idir úrscéalaithe, fhilí, scríbhneoirí taistil agus scríbhneoirí aistí a bhí páirteach san fhéile litríochta Francach-Éireannach a bhí ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Orthu sin bhí triúr scríbhneoirí Gaeilge: Nuala Ní Dhomhnaill: Gréagóir Ó Dúill agus Alan Titley. Ba léir ó na ceisteanna a cuireadh orthu go raibh suim nach beag ag na Frainciseoirí, a bhí ag freastal ar an fhéile, ina bhfuil á scríobh sa Ghaeilge faoi láthair.
B'as iarchóilíneachtaí de chuid na Fraince cúigear de na scríbhneoirí Fraincise. Ar an phainéal in éineacht leis na filí Ní Dhomhnaill agus Ó Dúill, bhí an Marocach Tathar Ben Jelloun agus an Túinéiseach Moncef Ghachem. Cuireadh ceist orthu faoin teanga is rogha leo chun a smaointe a chur in iúl.
Ní mó ná sasta a bhíonn Nuala Ní Dhomhnaill nuair a chuirtear síos uirthi mar scríbhneoir dátheangach mar is i nGaeilge amháin a chumann sí a cuid filíochta. Tá ar a cumas rudaí a rá i nGaeilge nach bhféadfadh sí a rá i mBéarla. Tá sí breá sásta, ámh, go ndéanfadh filí Béarla aistriúchán ar a saothar.
Béarla an teanga teaghlaigh a bhí ag Gréagóir Ó Dúill agus é ag fás aníos sa Tuaisceart. Is beag Gaeilge a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar an mheánscoil. Mar gheall ar an staid pholaitiúil ó thuaidh bhí tábhacht leis an Ghaeilge mar chomhartha féiniúlachta.
Roinnt blianta ó shin d'éirigh sé as a phost sa státseirbhís chun dul chun cónaí i nGaeltacht Thír Chonaill. Dá mba rud é gur tógadh le Gaeilge é b'fhéidir nach mbeadh sé riachtanach dó sin a dhéanamh, a dúirt sé.
I bhFraincis a scríobhann Ben Jelloun mar is dóigh leis gur teanga bheannaithe í an Araibis agus go mbeadh cosc air rudaí áirithe a rá inti.
Mar sin féin, tá sé an-mhórtasach as an chultúr Arabach agus sa leabhar is déanaí uaidh, L'Islam expliqué aux enfants, cuireann sé síos ar an mhórthionchar a bhí ag an Araibis ar fud an domhain.
Is amhlaidh a spreagadh é chun an leabhar a scríobh nuair a chuala sé páistí sa Fhrainc ag caint faoi na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar an dá thúr i Nua-Eabhrac ar 11ú Meán Fomhair.
Bhí cúrsaí teanga faoi chaibidil arís agus triúr cainteoirí - Alan Titley, Henriette Walter agus Harry Clifton - ag freagairt ceisteanna a chuir an tOllamh Michael Cronin orthu faoin dóigh a théann teangacha i bhfeidhm ar a chéile.
Shéan an teangeolaí Henriette Walter go raibh an Fhraincis go mór ar a cosaint ar an Bhéarla faoi láthair. Thaispeáin sí mar a bhí ar chumas na Fraincise a cuid féin a dhéanamh d'fhocail ón iasacht ó aimsir na nGailleach anall.
Cás eile ar fad atá ag an Ghaeilge, a dúirt Titley. Ní mór di bheith ar a cosaint agus sin ceann de na fáthanna go mbítear ag scríobh teanga atá difriúil go mór ón teanga a labhraíonn cuid mhór daoine, daoine óga ach go háirithe.
Cé gur thaistil an Ghaeilge leis na himircigh sin a chuaigh go Meiriceá agus áiteanna eile fuair sí bás ann, ceal tacaíochta polaitiúla agus eacnamúla. Gníomh creidimh ina bhfuili ndán don teanga is ea scríobh i nGaeilge, fiú mura mbeadh i gceist ach foirm chánach a dhréachtadh i nGaeilge, dar leis.
Chun a chuid Gaeilge féin a shaibhriú chuir sé eolas ar Ghàidhlig na hAlban agus bhí suim aige i gcónaí i saothar scríbhneoirí ó thíortha eile, go mormhór ó thíortha a bhfuil fadhbanna acu mar atá againn féin.