Feall fillte

CROBHINGNE: NUAIR A bhínn ag taisteal an domhain de shiúl mo chos is mó rud a d’fhoghlaim mé

CROBHINGNE:NUAIR A bhínn ag taisteal an domhain de shiúl mo chos is mó rud a d'fhoghlaim mé. Is cinnte gur mó a d'fhoghlaimeofá mar sin ná a bheith id shuí go teolaí ar chéad ghrád eitleáin, súmóga seaimpéin á slogadh, agus spéirmhná nó fir ag coimeád púdair puf led bharraicíní.

Nuair adeirim siúl mo chos, bhí baint ag ordóg na láimhe leis chomh maith céanna, mar bhí cead agat a bheith ag síobshiúl sna laethanta sin nuair nach raibh aon dúnmharfóir srathach amuigh ar an mbóthar.

Bhí difríochtaí móra idir tíortha éagsúla, de ghnáth ag fíorú an steiréitíopa atá againn díobh. Ba thúisce duit a bheith reoite id bhalla báis sa tSualainn, mar shampla, sula stopfadh mótar duit ach gheofá marcaíocht ar chamall i dtuaisceart na hAfraice sula ndéarfá hum ná humph.

Bhí tíortha áirithe san Eoraip, áfach, agus bheifeá amuigh ar an ród ó éirí go luí na gréine, na bóithre fada bána ag síneadh uait go híor na spéire, an saol is a chlannmhaicne ag dul tharat go beo, agus bheifeá fós ann ag deireadh an lae agus le tuitimín na hoíche.

READ MORE

An Fhrainc bhí ar cheann de na tíortha sin. Bheifeá ansin go lá Jean Ricard agus stop ná stad ní dhéanfadh carr ná cairt ná carbad. Sa chás, áfach, is go seasadh neach amach romhat, nó id dhiaidh, nó id aice féin, agus éide saighdiúra air, chloisteá na coscáin ag scréachach láithreach.

Siúd is go raibh na Sasanaigh i bhfad níos féile lena gcuid suíochán, b’é a dhála céanna acu siúd é. Tusa ball díreach san aon áit amháin greamaithe den chré, agus ní túisce culaith mileata á nochtadh féin ná sciobtaí chun siúil é.

Is é fáth mo chuarda timpeall ná gurbh í a mhalairt ghlan in Éirinn í. Is mó sin saighdiúir a chonaic mé faoi lánéide ghlasuaine chomh huaigneach le teach solais ar a bhóthar chun na beairice is a bhí mise ar mo bhóthar chun an bhaile. Rith sé liom an uair sin gurbh amhlaidh a bhí toisc gan aon ardmheas a bheith ar an Arm abhus.

Ní bhíonn mic léinn ardphointí ardteiste ag cur a mbundún amach ag iarraidh dul le saighdiúireacht. Ní bhíonn aon róchaint air sna meáin. Ní hí an Aireacht Chosanta an ceann is mó gradam agus ardluach. Ní luaitear “an tArm” féin leo go minic, ach “Arm na hÉireann,” nó “The Irish Army” i gcaint an lae.

D’fhéadfadh cúis a bheith leis seo. Ní cine rómhíleata sinn. Fág ár gcuid dornálaithe as an áireamh, nílimid chomh maith sin chun troda. Is mó sin tír nár dheineamar riamh ionsaí ná ionradh orthu. Ní nós linn ár gcuid tancanna a chur ag gluaiseacht trasna ar mhachairí eile nach linn, ná nílimid cleachtaithe ar chabhlach cogaidh a chur thar na farraigí chun ceacht a mhúineadh do dhream dána éigin. Dá fhuilcraosaí an tír is mó meas ar an Arm.

De sin, an díospóireacht reatha mar gheall ar na saighdiúirí a thréig an tArm chun clasú le harm na Breataine san dara domhanchogadh. I dtíortha eile ní bheadh díospóireacht ar bith ann, mar bheadh siad lámhaite le fáinne geal an lae. Cuid den amhras atá againne ar ár nArm féin ná go bhfuil amhras orainn mar gheall ar na daoine seo.

Ní hiad is cás liom go háirithe, mar creidim gur cheart a bheith chomh carthanúil agus tuisceanach agus is féidir timpeall ar gach cás, ach ní croí liom an t-athscríobh atá á dhéanamh timpeall ar stair na linne á leanúint.

Is ceart an stair a athscríobh gach lá ó nóin bheag go múchadh na gréine agus ina dhiaidh, ach ní mór athscríobh de réir na fianaise. Is beag fianaise atá ann gur thréig mórán daoine an tArm seo againne chun troid in aghaidh an Fhaisisteachais. Níl sé inséanta nár dhein roinnt, gan amhras. Ach pé rud is a bhí san dara domhanchogadh ní cogadh in aghaidh an Fhaisisteachais a bhí ann.

Dá mb’ea, ní bheadh aitheantas tugtha ag an mBreatain, mar shampla amháin, do rialtas Faisisteach Franco sa Spáinn cúpla mí roimh dheireadh an chogaidh chathardha ansin. Ná ní bheadh siad ina bpríomhchairde agus comhghuaillithe ag rialtas Faisisteach Salazar sa Phoirtingéil. Agus bheadh curtha go láidir i gcoinne gabháltas rialtas Faisisteach na hIodáile ar an Aibisín.

Náire shaolta ar choinsias na cruinne is ea an tslí ar chaith an rialtas Faisisteach sin leis na Giúdaigh, na Giofóga, na Géanna agus le gach fo-ainmhí eile, dar leo. Ach ná ligimis orainn gur troideadh an cogadh ar son aon duine díobh siúd.

Pé rud eile is a dhéanfaimid, ná cuirimis bréag i leith na bhfear sin a thréig an tArm le linn na héigeandála náisiúnta, go fiú is más bréag dheas féin í.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar