Deireadh ré

CROBHINGNE: UAIREANTA TAGANN deireadh ré le buabhallóireacht

CROBHINGNE:UAIREANTA TAGANN deireadh ré le buabhallóireacht. Cloistear na trumpaí ag seinneamh go buacach agus déantar rince go meidhreach ar an uaigh. B'in mar a tharla nuair a thit an impireacht Rúiseach as a chéile 20 bliain ó shin.

Tá an caipitleachas ag titim as a chéile chomh maith céanna ach tá insteallaí fola á fháil aige ó úsairí agus ó sprionlaitheoirí ar fud an domhain. Tá an chuma air go bhfuil leisce ar dhaoine í a ligean chun báis in ainneoin an dochair fhollasaigh atá déanta aige.

Pé ní é, níl an Te Deum á chleachtadh fós i mainistreacha naomh. D’imigh an Chríostaíocht as de phlimp ar fud na coda is mó de thíortha Iarthar na hEorpa laistigh de ghlúin nó dhó, bíodh is go bhfuil camleagan buile de fós ag stiúradh sciar maith de phobal na Stát Aontaithe. Is annamh is féidir deireadh ré a chomharthú chomh simplí le ráiteas Virginia Woolf adúirt: “On or about December 1910 human character changed” cé gur cheap daoine saonta gur athraigh an saol bun barr tar éis 9/11.

Ina choinne sin thall, is maith linn dátaí cinnte, lá breithe, lá báis, lá breithiúnais. Cheap daoine go raibh buille buailte ag Cromail ar son na cothromaíochta le buille na tua a chothromaigh an Rí Séarlas; ach bhí slite riamh ag na Stíobhartaigh lofa teacht ar ais, agus ag ríogaigh eile nach iad. D’éirigh leis na Francaigh, fara beagán cabhrach ó Monsieur Joseph-Ignace Guillotin, cinn is collainneacha na fola goirme a chur ó chéile ar feadh tamaill, ach níor fhág san daoine a bheith ag caitheamh i ndiaidh na seanslabhraí i gcónaí agus ag aireachtaint na lúitéise uathu.

READ MORE

De sin, an éiginnteacht nuair a fuair an Habsburger deiridh bás cúpla seachtain ó shin. D’fhág Otto von Habsburg-Lothringen go leor teideal ina dhiaidh nuair a chuaigh sé isteach sa chré. B’é Otto na hOstaire é, iarRí-Dhamhna na hOstair-Ungáire, Prionsa Ríoga na hUngáire, na Cróite agus na Bóihéime, Prionsa na Dalmáite, na Cróite (arís), na Slavóine, na Gailéite, na Lodoméiria, agus Illiria; Ard-Diúc na Tuscáine agus Cracow; an Diúc ar Lorraine, Salzburg, Stiria, Cairintia, Cairniola agus Búcovinia; Ard-Phrionsa na Trasalváine, Mórghrábh na Móráive; Diúc Silisia Uachtair agus Íochtair, Modena, Parma, Piacenza agus Guastalla, Osweicim agus Zator, Teschen, Friaul, Dubrovnik agus Zadar; Cunta Prionsúil Habsburg agus Tíreoil, Kyburg, Gorizia agus Gradisca....Is ea, tá’s agat, níl ansin ach an tús.

Sin mórán pobal gan duine os a gcionn agus is róbhaol go mbraithfidh siad duine is fearr ná iad uathu. Is é eagla a bheadh ort ná go ngabhfadh chun cogaidh arís, mar b’in an nós le duine a chur go daingean i gcoróin.

Mar sin féin, tá an chuma air gurb in deireadh leis na Habsburgairí, cé nach mbeadh a fhios agat ar dhúil an duine sa mhaoithneachas agus in hataí daite.

Agus níorbh é Otto an duine ba mheasa díobh. Bhí de mhallacht orthu gurbh éigean dóibh a chéile nó a gcineál a phósadh, agus ar nós teaghlaigh ríogúla eile, bhí sin le feiscint ar a ndreach.

Bíonn cluasa ar nós sciatháin ar theaghlaigh eile, nó srónacha chomh ramhar le meacan, nó gruaig ag fás ar chraiceann in áiteanna nár fhás ribe ar dhuine ar bith eile riamh, nó dhá mhéar bhreise ar an láimh chlé, nó leathshúil chaorach mar pháirtí ag leathshúil bhó, nó an tríú dide i gclár an éadain, nó clúmh corcra ar leicne, nó uisinneacha chomh garbh leis na beanna borba. Ní raibh de mhí-ádh ar na Habsburgairí ach an smig, nó an giall.

De dheasca an insíolraithe, mar níor theastaigh uathu ach pórú go híon lena muintir féin, d’fhás orthu smig chomh fada le meigeall gabhair, ach gur amach a chuaigh sé seachas síos. Prognatachasacht Mhaindibiliúil atá air go teicniúil, agus cé go bhfuil cuma cheolmhar air, níl an focal ar eolas ach ag daoine a bhfuil suim acu i ngalair iomaí na ndaoine uaisle, cosúil liom féin.

Bhí chomh mór sin go bhféadfaí panda linbh a chur i bhfolach ann, nó neachtar acu, an pota Phádraig a ól as. Agus bhí chomh fairsing sin go raibh siad ann, Habsburgairí, nach bhféadadh an chíor a chogaint, fiú amháin.

Sea, ní raibh sé chomh holc leis an gcuid eile acu. Níorbh é Pilib an Philibín é, ná Máire na Mórspeilpe, ná Cathal Conúsach, ná Rúdolf Rua, ná Leon Leisciúil, ná Feardorcha Fíorgheal, ná Karl Khrústach, ná Maicsimilian Mórthónach, ná Sigismund Searbh, ná Seosamh Seagóf, ná Albert Ábhalmhór, ná Hartmann Holcrúnda, ná Ladislav Leadránach an Leamhais. B’fhéidir go raibh an t-ádh leis nach bhfuair sé an seans.

An t-ádh linne, leis.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar