Deich gcinn eile

CROBHINGNE: ANOIS AGUS arís agus go tráthrialta iarrtar ar dhuine a shlaitín draíochta a imirt ar an saol.

CROBHINGNE:ANOIS AGUS arís agus go tráthrialta iarrtar ar dhuine a shlaitín draíochta a imirt ar an saol.

Seacht bponc ag an síceolaí mar creideann sé san asarlaíocht. Trí rud a bhíonn ag an diaitéiteach, mar is deacair leis dul níos sia ná sin. Deich gcinn d’aitheanta a bhíonn ag na reiligiúin, mar is uimhir dheas chruinn í.

Deich gcinn de leigheasanna dár gcóras oideachais a bhí ag an ngeallghlacadóir Ivan Yates an tseachtain seo caite ar an nuachtán seo. Is maith nach raibh aige ach na deich gcinn mar is é eagla a bheadh orm go dtitfeadh an córas tur fuar as a chéile dá mbeadh an t-aonú ceann déag aige.

Ní mian liom argumentum ad houyhnm a dhéanamh, ach nuair a theipeann ar an loighic ar fad ní foláir dul go dtí an ngrinneall, an t-aon áit amháin ina dtuigtear tú. Thíos ar thóin an ghrinnill níl de mhachnamh ann ach machnamh na heacnamaíochta agus an jídípí.

READ MORE

Thíos ar thóin an ghrinnill is féidir airgead a chailliúint ar uaire, ach ná scaoiltear ceannlíne uait go brách. Thíos ar thóin an ghrinnill tá leigheas simplí inphacáistiúil ar chora crua an oideachais.

Maidir le cora crua an oideachais, áfach, ní mar sin dóibh. B’fhéidir go raibh moltaí an Yatsaigh chomh mall leis na capaill ar chuir sé geall orthu, ach uaireanta is gá aird éigin a thabhairt ar an each is spadánta, mar b’fhéidir go mbeadh ort cur suas leis ar chor éigin. Ach thit sé isteach san aon abar céanna is a thiteann lucht oideachais shaonta go minic.

Is é sin, gurb ionann athrú struchtúrtha agus athrú feabhais. Ní hionann. Is féidir An Roinn Oideachais a chasadh ina Roinn Oideachais agus Eolaíochta, nó ina Roinn Oideachais agus Scileanna, nó ina Roinn Teicnící Nicí, nó ina Roinn Spriocanna Inmheasta, nó ina Roinn Bhéarlagair nár Chualamar Cheana, ach pioc ná giob ná smiot de dhifríocht ní dhéanfaidh.

Is é an t-aon athrú a mheánn san oideachas ná na múinteoirí ina gcuid seomraí ranga agus a bhfuil á theagasc acu.

Dá réir sin, ós rud é nach binn béal ina thost agus go gcaithfidh tú do chuid cleití ar a chur ar an bpréachán mar chách, seo deich gcinn de mholtaí a chuirfeadh réabhlóid ar bun san oideachas – murab ionann agus íocshláinte Yates.

1. Airgead mór mór a thabhairt do mhúinteoirí. Níor ghá go mbeadh sé níos airde ná airgead dlíodóirí, ná máinlianna, abair, ba leor é a bheith ar chomhchéim leo.

2. Foghlaim de ghlanmheabhair a mhéadú go mór, “rote learning” úd an chlísé is leisciúla. Dheimhneodh go mbeadh rud éigin in ábhar éigin buailte isteach sa chloigeann.

3. Leabhair a léamh. Ba chuma cén t-ábhar. Tabhairt ar mhic léinn leabhar a oscailt ar leathanach a haon agus dul siar go dtína ghimide thiar. Gan nótaí, gan treoir, gan tuairim. Go díreach, leabhair a léamh.

4. Gan leabhair a léamh. Cúrsa éigin scoile a bhunú ina mbeadh bac agus teir agus cosc ar leabhair agus ar leictreonaic agus ar leictreachas. Go mbeadh ar dhaltaí foghlaim mar a dhein daoine ar feadh na gcéadta míle bliain – ó bhéal.

5. Aire a thabhairt do pheata ar feadh tamaill mhaith. Ba chuma cú nó coinín nó colúr nó caora (i gcásanna áirithe), nó cat (dá mba ghá), nó feithid, a bheadh ann. Mhúinfeadh meas ar an mbeatha, meas ar an créatúir eile amuigh ansin ar dínn iad.

6. Stair an Domhain i lár an churaclaim. Tosnú le stair an duine síos siar, agus críoch a shroicheadh le hÉirinn agus lenár bhfód breá féin. Beagthábhacht shuarach leithinis chúng na hEorpa a chur ina hionad ceartimeallach.

7. Gléas ceoil a fhoghlaim go leibhéal nach marófaí tú. Seans go mbeadh an leibhéal sin i bhfad níos ísle i gcás na spúnóga agus na gcnámha. Amhráin mar mhalairt air sin.

8. Dul i reiligiún eile. Tú a bheith id Chríostaí, dul le hIoslam ar feadh ráithe. Tú a bheith id aindiagaí, tréimhse a chaitheamh i mainistir.

9. Ciúnas agus corpoideachas i lár an churaclaim. Allas ina slaoda a chur ar leith amháin, agus ina dhiaidh sin ciúnas éigeantach fadthréimhseach gan cheol, gan fhuaim, gan ghíocs, gan cheangal, gan ghuth.

10. Teanga eile fara Gaeilge agus Béarla a fhoghlaim, ar choinníoll gur teanga neamhInd-Eorpach í. Abraimis Araibis, nó Xhosa, nó Vítneaimis.

Leathnú agus craobhú meabhrach a bheadh iontu sin. Ach cé dúirt gurb é sin atá uainn?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar