Crobhinge

CEISTEANNA: CÉ HÉ an margadh seo a gcloisimid faoi gach maidin? Cá bhfuil cónaí air? Cén airde atá aige? An bhféadfaí agallamh…

CEISTEANNA:CÉ HÉ an margadh seo a gcloisimid faoi gach maidin? Cá bhfuil cónaí air? Cén airde atá aige? An bhféadfaí agallamh a chur air uair éigin? An bhféadfaí a fhiafraí de cén fáth a bhfuil tíortha agus rialtais á leagadh aige? Cad é a chéad amas eile?

Cé a gheobhaidh pleancadh an tseachtain seo chugainn? Conas a roghnaíonn sé a chuid naimhde? An bhfuil bean agus páistí aige féin? Cár imigh an t-airgead a bhí ag na bainc? Cén póca ina bhfuil sé anois? Cé hiad na cairde eile seo aige, na margaí? An iad a chlann mhac nó iníon iad?

An mbíonn siad ag súgradh le chéile nó ag súgradh linne? Nuair a osclaíonn siad ar maidin an mbíonn an ghrian ag taitneamh agus nóiníní ag fás?

Cén fáth nach bhfacamar é ag siúl na slí? An bhfuil cóta bán aige nó ceann do chách eile? Cén fáth nach bhfuil a fhios ag duine ar bith cad tá ar siúl? Cad ina thaobh go mbíonn na saineolaithe mícheart an t-am ar fad?

READ MORE

Cad chuige a bhfuil bunoscionn tóin thar ceann? Conas a n-éiríonn lenár gcara an margadh boc amadáin a dhéanamh diniúchóirí? Cén dóigh a ndéanann sé breallsúin de na rialálaithe? An bhfuil an freagra ag na teicneamhchrataigh? An bhfuil rud ar bith in aon chor ar eolas ag na teicneichreapaigh? Cad chuige Fine Gael?

Cén fáth a bhfuil “fás” uainn go deo? Cé chomh mór is gá don “fhás” a bheith? An mbeidh deireadh le “fás” nuair a bheidh cúig theach ag cách sa bhaile agus ceann eile saoire ar eagla lá na coise tinne?

Nuair a bheidh an fharraige taosctha agus úlla ag fás ar an gcrann banana? Nuair a fhásann duine suas an bhfuil sé ag iarraidh fás suas a thuilleadh? Cén fáth a mbíonn clúmh i bpoll an imleacáin. Má tá náisiúnú déanta ar na bainc, cén fáth nach ndéanann siad toil an phobail? Cad ina thaobh a bhfuil eagla ar pholaiteoirí roimh reifrinn? Cad chuige go gcaithfear vótáil ar reifrinn faoi dhó? Cad chuige Fianna Fáil?

An bhfaighfear airgead an chearrbhachais mhóir ar ais? Cad uime nach bhfuil baincéir ar bith sa phríosún? Ar chuala tú clangarnach na slabhraí fós? Casadh na heochrach i ndoras an charcair?

An réalaí scáileán ríomhaire ná an saol máguaird? An gcreidfeá eacnamaí ar bith a bhfuil culaith dheas air? An gcreidfeá eacnamaí ar bith nach bhfuil culaith dheas air? An féidir dul i mbannaí ar bhannaí? Má vótáileann tú gamal isteach sa phairlimint, an bhfuil tú freagrach ina ndéanann sé? Cén fáth a bhfuil buachaillí óga docheansaithe? Cé í Shakoncé? Cad chuige Páirtí an Lucht Oibre?

An gcreideann tú a ndeirtear leat? An gcreideann tú in Nostradamus agus Bidí Early? Nuair a leagfar buama ar an Iaráin, cad is dóigh leat a tharlóidh? Cén fáth a bhfuil daoine adeir go bhfuil siad ar son na síochána breá sásta íoc ar son an bháis? Conas a tharla go bhfuil sóisialachas againn do na daoine saibhre agus caipitleachas do na daoine bochta? Cad ina thaobh a bhfuil an saol buggaráilte suas? Cad chuige a mbíonn na fáithe i gcónaí contráilte? Cad í an tsiocair a bhfuil sochar sa siúcra ach caillteanas sa charthanacht?

Cé is mó a fhulaingíonn an phian? Arbh fhearr leat a bheith id bhurlascónaí nó id thrapatónaí? Cad chuige Sinn Féin?

An bhfaca tú riamh billiún? Ar láimhsigh tú riamh trilliún? An bhfuil zilliún seangán féin ar an saol? Dé chúis nár fhoghlaimíomar na figiúirí seo ar scoil? Má bhocann tú mac an bhocaigh an mbocfaidh mac an bhocaigh tú? Cad ab áil le daoine géilleadh d’orduithe gan dealramh? Cé dá bharr nach mbuafaidh Aontraim craobh na hÉireann san iomáint go deo?

Má mhagann tú muc an mhargaidh an mugfaidh muc an mhargaidh tú? Cén fáth gur daoine ciallmhara ar a stuaim a dhéanann an dochar is mó? Cad ar a shon gur duáilce inniu an rud ba shuáilce inné? Cad chuige an daonlathas?

An bhfuil an margadh ag díol is ag reic ár sláinte? An é margadh na saoire nó margadh na daoire atá ann? Cad a dhéanfar leis na saighdiúirí Meiriceánacha a chúlóidh siar ón Iaráic? Cén fáth a ngluaiseann daoine ón eite chlé agus iad ar son cearta daonna nuair a bhíonn siad óg go dtí an eite dheis agus iad ar son neamhchearta daonna nuair a ghabhann siad in aois? Cad ina thaobh gurb ionann a bheith leamh agus a bheith dáiríre? An réiteodh sé ár gcuid fadhbanna dá ndéanfadh an Eoraip gabháltas ar an gcuid is mó den domhan arís? Cén fáth a bhfuil na bainc níos tábhachtaí ná na hospidéil agus na scoileanna? Dé an chúis gurb é an margadh an tiarna agus na daoine an giolla? Cad ina thaobh nach ndéanann duine éigin an margadh a lámhach?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar