BEOCHEIST:BÍONN PÁIRTITHE polaitíochta ag teacht is ag imeacht ar na saolta deireanacha seo mar a bheadh Dia á rá leo.
Ar ndóigh níl Dia á rá leo, mar dá mbeadh, ní dócha go mbeidís chomh neamhbhuan is atá – bheidís níos cosúla le hEaglaisí, nach mbeadh?
Ach le cúpla céad bliain, san Eoraip go háirithe, tá athruithe móra tagtha ar na pátrúin páirtithe mórán gach aon áit.
Sa bhaile anseo, gan trácht ar na Daonlathaigh – PDs, mar a tugtaí orthu – ó is iad is déanaí a d’imigh le sruth, bhí ocht bpáirtí pholaitíochta nach raibh aon ionadaí náisiúnta acu cláraithe go hoifigiúil anuraidh, agus suas le sé cinn eile ag bolscaireacht gan chlárú.
Lena gcois sin, tá an Páirtí Cumannach ann, nach raibh iarrthóirí toghcháin le tamall acu, ach a raibh tionchar tréan acu i gcúrsaí ceardchumainn le fada, go háirithe trí shampla an Ard-Rúnaí a bhí le fada acu, Michael O’Riordan – fear bus, a chuaigh chun na Spáinne leis an Bhriogáid Idirnáisiúnta sa Chogadh Cathartha ann sna 1930í.
Ag breathnú siar, ní ann do Chumann na nGael (tugann siad Fine Gael anois orthu féin), do Chlann na Talún, do Chlann na Poblachta, do Democratic Left ná do mhionpháirtithe de chineálacha eile, dá mhéid a dtábhacht ná a nglórtha ag an am.
Glacaimid leis go bhfuil dhá pháirtí san iomaíocht d’uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach tá suas le dhá scór páirtí cláraithe ann ar bhonn náisiúnta, gan trácht ar suas le 30 páirtí eile fós sna stáit éagsúla.
Agus is liosta le háireamh na páirtithe eile, leathchéad b’fhéidir a bhíodh ann ar bhonn oifigiúil, mar shamplaí an Páirtí Feidreálach, an Páirtí Freasúrach, Páirtí na bhFuig, Páirtí na Saoirse agus fiú Páirtí an Airgid!
I Sasana, tá buanadas áirithe le páirtithe, cé go ndeachaigh páirtí an fhreasúra láithrigh, an Lucht Oibre, trí thréimhse inar ghairm sé “An Lucht Oibre Nua” air féin. Is cosúil nach bhfuil sé sin in úsáid níos mó, cé nach dóigh liom gur athraíodh ar ais go foirmeálta riamh é!
Mar sin féin, ná dearmadaimis go bhfuil an DUP, Sinn Féin, an SDLP agus Alliance ó Thuaisceart Éireann, SNP na hAlban agus Plaid Cymru na Breataine Bige sa Pharlaimint i Londain chomh maith.
B’fhéidir gurb é an Páirtí Cumannach is mó a ndeachaigh briseadh nó athrú air le 20 bliain anuas, i mbeagnach ach aon tír ar domhan.
Tá raon barúil ainmneacha anois ar na páirtithe a bhfuil siad tiontaithe iontu nó páirteach iontu mar chomhdhlúthú.
San Ísiltír, is cuid de Groenlinks iad; chuaigh Páirtí Aontaithe Cumannach Haiti i bpáirt sa Ghluaiseacht Náisiúnta Atógála; sa Túinéis rinneadh an Ghluaiseacht um Athnuachana de; sa Rómáin, tar éis Fronta Tarrthála Náisiúnta a dhéanamh de féin scoilt sé ina dhá pháirtí (ní nach iontas dúinne is dócha!), na Daonlathaigh Liobrálacha agus na Daonlathaigh Shóisialacha.
Ach cad chuige páirtí polaitíochta sa chéad áit?
Is é teoiric na polaitíochta go gcruinníonn daoine a bhfuil dearcadh áirithe acu faoin ról ba chóir a bheith ag an stát le chéile – iad siúd, cuirim i gcás, ar dóigh leo go mba chóir don stát srian a chur ar rachmasóirí agus cúram a dhéanamh díobh siúd atá ar bheagán maoine.
Ag ceann eile na meá, bheadh siadsan a chreideann nár chóir don stát laincis ar bith a chur ar chúrsaí gnó, agus gur chóir do ghnáthdhaoine fóirithint orthu féin.
Go bunúsach, sin í an difríocht a dtugtar an deighilt “eite chlé/eite dheis” air, agus tá sí le feiscint in go leor tíortha.
Dá liacht iad na páirtithe freasúracha ar an saolta seo, má thagann feabhas – rud a thiocfaidh luath nó mall, is dócha – ar chúrsaí eacnamaíochta, ní bheidh a gcúis acu níos mó.
Agus dá mhéid dá n-athraíonn ainmneacha agus ballraíocht na bpáirtithe, áit ar bith, is beag dáiríre a athraíonn.
Fadó riamh a dúirt Ambrose Bierce gurb ionann polaitíocht agus gnóthaí pobail a stiúradh chun leasa príobháideacha. B’fhéidir go raibh sé sin rud beag róshoiniciúil, ach tá dóthain fianaise againn anois go bhfuil bunús éigin leis.
Agus má ba ghreannscríbhneoir féin é H.L. Mencken, bhí fírinne áirithe sa mhéid a dúirt sé faoin daonlathas – go mbíonn na páirtithe i gcónaí ag iarraidh a chruthú nach bhfuil a gcéilí comhraic in ann an tír a rialú, agus ansin go dtoghtar iad i mbun rialtais agus cruthaíonn siad go raibh an ceart sa liamhaint!
Ach mar is iondúil, bhí an tuiscint be ghrinne sa tseansaol ag Plato, nuair a mhaígh sé gurb iad siúd a cheapann go bhfuil siad róchliste le dul sa pholaitíocht a fhaigheann an píonós is déine: go mbíonn siad á rialú acusan nach bhfuil chomh cliste sin.