'Cen fath an ghrain?'

Beocheist: "Cén fáth go bhfuil an ghráin ag an chuid eile den domhan orainn?" Sin ceann de na ceisteanna a chuir an lucht féachana…

Beocheist: "Cén fáth go bhfuil an ghráin ag an chuid eile den domhan orainn?" Sin ceann de na ceisteanna a chuir an lucht féachana ar George W. Bush agus John Kerry le linn na dara díospóireachta teilifíse eatarthu, seachtain go leith ó shin.

Agus mé ag déanamh tuairisceoireachta ar an toghchán uachtaránachta do Foinse, is í an cheist chéanna is mó a chuirtear ormsa, an t-iriseoir ón taobh amuigh.

Ó Boston go Nua-Eabhrac go hiarghúltacht Appallachia, gabhtar leithscéalta liom faoi iompar Mheiriceá ar ardán na polaitíochta domhanda le ceithre bliana anuas.

"Tá súil agam nach mbeidh muid ag filleadh ar laethanta an chogaidh sa Vítneam nuair ab'éigean do Mheiriceánaigh óga an Eoraip a thaisteal le bratacha Ceanadacha greamaithe dá gcuid málaí droma."

READ MORE

"An t-uachtarán ba mheasa dá raibh againn riamh; an chúis náire is mó atá ag na Stáit Aontaithe."

"Is geall le faisistigh iad cuid de na daoine atá i gceannas faoi láthair."

Ní feachtasóirí toghcháin iad na daoine a dúirt na nithe sin liom ach gnáthdhaoine; daoine a casadh orm in óstáin, i dtraenacha, i gcaiféanna.

An comhartha ceiste céanna ina súile, iad ag lorg maithiúnais de shaghas éigin uaimse, an tuairisceoir toghcháin Eorpach. Maithiúnas nach bhfuil sé de chumas ionam a thabhairt (fiú dá mba mhian liom é) chun an phian a fheicim ina súile a leigheas.

Is ar éigean go bhfuil aon ábhar cainte eile ag Meiriceánaigh faoi láthair ach an toghchán uachtaránachta. Ag am bricfeasta, ag am lóin, ag am tae - níl aon ábhar cainte ann ach é.

Aréir, bhuail bean óg an crú ar an tairne: "Tá a fhios agam gur pribhléid dom é bheith i mo Mheiriceánach; tá a fhios agam gur pribhléid é an tsaoirse atá againn sa tír seo. Ach tá a fhios agam freisin nach bhfuil againne, an pobal, ach deis gach ceithre bliana chun labhairt amach agus cinneadh a dhéanamh faoin treo ina bhfuil an tír seo ag dul, agus tá súil le Dia agam go ndéanfar an cinneadh ceart i gceann coicíse."

Tá an ceart aici, ar ndóigh. Tar éis an tsaoil, is daonlathas é Meiriceá agus níor cheart go mbeadh a gceannairí in ann dul i gcoinne thoil an phobail.

Ach, más fíor, léiríonn an méid a tharla i bhFlorida sa bhliain 2000 gur cumhachtaí cinneadh cúirte ná cinneadh pobail.

Ba ag toghchán "daonlathach" sa bhliain 1933 a vótáil pobal na Gearmáine an NSDAP, páirtí na Náitsíoch, isteach. Is minic ó tháinig mé go Meiriceá chun tuairisceoireacht a dhéanamh ar an toghchán seo gur tháinig fonn orm taighde a dhéanamh ar nuachtáin as 1933 féachaint céard iad na tuairimí a bhí ag iriseoirí na linne sin ar an dream a bhí i ndiaidh teacht i gcumhacht sa Ghearmáin.

Ar ndóigh, is comparáid áiféiseach atá sa chomparáid thuas, ach ní raibh a fhios ag iriseoirí i 1933 céard a tharlódh idir 1939 agus 1945. Ní raibh a fhios ag iriseoirí 2000 céard a tharlódh ar 11ú Meán Fómhair 2001, ná go dtarlódh cogadh san Iaráic.

Tá mothúchán ginearálta ann i Meiriceá - mar atá ar fud an domhain - go mbeidh an toghchán uachtaránachta seo níos tábhachtaí ná aon cheann gur féidir le héinne cuimhneamh air.

Tá an mothúchán sin, an tuiscint sin, ag luí go trom ar mhuintir Mheiriceá, pobal atá fós ag teacht chucu féin tar éis na n-ionsaithe a tharla ar an lá cinniúnach sin i 2001.

Toisc nach bhfuil ach fíorbheagán idir an bheirt iarrthóirí - lá amháin cuireann lucht na bpobalbhreitheanna Bush chun tosaigh; an chéad lá eile tá an bua á thuar acu do Kerry - tá iarracht as an ghnách déanta le daoine a mhealladh chun vótála.

Is cinnte go mbeidh cleasanna á n-imirt: cuid acu a bheidh dleathach; cuid eile nach mbeidh. Tá caint fhorleathan sna páipéirí faoi na cleasanna a deirtear a úsáidfear agus tá na gearáin tosaithe cheana féin: na páirtithe ag cáineadh a chéile agus roinnt eagraíochta cearta sibhialta ag cáineadh an rialtais agus na gcomhairlí vótála áitiúla.

Seans gur mó dlíodóirí a bheas amuigh lá an toghcháin ná vótóirí.

Tá eagla dáiríre ar dhaoine go dtarlóidh eachtra ar nós mar a tharla sa bhliain 2000; i bhFlorida, in Iowa, in Ohio nó i stát éigin eile nach bhfuil mórán idir an bheirt iarrthóirí.

"Tháinig tú go Meiriceá ag am fíor-aisteach," a dúirt fear amháin liom. "Tá an tír imithe ar mire. Seans go mbeidh tú i do thuairisceoir ar chogadh cathartha fós."

Is é Alex Hijmans comhfhreagraí idirnáisiúnta Foinse agus tá sé i mbun tuairisceoireachta ó na Stáit Aontaithe faoi láthair