Búistéirí

CROBHINGNE: AINM Í Ratko a chuirfeadh sceimhle d’anama ort ba chuma cá mbeifeá

CROBHINGNE:AINM Í Ratko a chuirfeadh sceimhle d'anama ort ba chuma cá mbeifeá. Ní fios an áthas nó faoiseamh atá ar mhuintir Bhoisnia go bhfuil sé gafa agus á chur ar a thriail san Hág. Ní fhacthas mórán tinte cnámha ar na sráideanna in Sarajevo, ná daoine gan chosa ag rince in Srebenica. I ndóigh leat gur mhó ar fad iad na léirsithe a bhí ar son an bhúistéara in Belgrad ná gairdeachas na muintire ar dhein sé scrios orthu.

Faoiseamh is mó a bhí ar mhuintir Bhoisnia gur gabhadh é, faoiseamh a raibh mórán den tuirse tríd. Seans go raibh mearbhall orthu gur thóg sé an oiread sin ama é a ghabháil, ach seans níos fearr go raibh a fhios go lándeimhnitheach acu gurbh eol d’údaráis Seirbia cá raibh sé fad an ama. Is é dlí an domhain ná “B’fhéidir gur búistéir é, ach is é an búistéir seo againne é.”

Don réir sin, tá an chuma air go raibh sé riamh amhlaidh. Búistéir deas ba ea Saddam Hussein go dtí gur dhein sé búistéireacht nár aontaíomar léi. Gealt de bhúistéir ba ea Muhammar Ghadafi riamh, ach bhí tráth ann nuair raibh raibh a chuid gealtachta neamhinghlactha agus gur iompaíomar leiceann eile na carthanachta nó na hoiriúnachta leis. Gealt de bhúistéir arís is ea é, ach cá bhfios, dá dtiocfadh sé slán sa chogadh cathardha, d’éireodh dó go bhféadfaimis é a chlasú chugainn féin an athuair.

Búistéirí neamhbheannaithe ba ea na Naitsithe Gearmánacha – plúr shibhialtacht na hEorpa – ag triaileacha Nuremberg tar éis chogadh mór na mbarbarach éagsúla i lár na haoise seo caite. Dá mbeadh an bua acu is baol nach róneamhbheannaithe a bheidís. Ba lú den neamhbheannaitheacht a bhain le teaghlach ríogúil na Seapáine mar níor cuireadh ar a thriail an t-impire féin. Ina choinne sin, baineadh a stádas mar dhia de, agus más dia tú is titim mhór é dul id dhuine.

READ MORE

Tá an tóir amuigh ar na deachtóirí brúidiúla agus den chéad uair is maith an rud é a bheith id thóraí. Cathal Ó Táilliúir na Libéire a chaith a chuid ama le táilliúireacht chorp na ndaoine, tá ar a choimeád ón dlí idirnáisiúnta. Tá an Cote d’Ivoire sásta Laurent Gbagbo a thabhairt ar láimh don chúirt idirnáisiúnta, agus ar éigean is féidir le hOmar Bashir na Súdáine bogadh timpeall ar an ngaineamh lasmuigh dá phálás féin gan súil in airde a bheith aige ar shaighdiúirí as tír isteach a bheadh ag fáiltiú roimhe.

Ach is dá leor de bhuaireamh é go mbaineann seo ar fad le deachtóirí agus le brúidí neamhdhaonlathacha. Más neamhdhaonlathach tú, níl cead agat a bheith id bhúistéir. Más daonlathach tú, á bhuel, seans gur scéal eile é sin. Tá an chuma air nach bhfuil an ghráin chéanna ar an mbúistéireacht dhaonlathach is atá ar an mbúistéireacht neamhdhaonlathach.

“Féach!” arsa an leanbh san Iaráic, “Tá mo cholainn á réabadh as a chéile, ach ar a laghad ar bith tá sé á dhéanamh ag fórsaí daonlathacha.”

Más toil le daoine tacú le deachtóirí diabhalta nó le taoisigh dhaonlathacha is ionann san is go dtugaimid a cheart don bhúistéireacht, fad is gurb iad ár gcuidne deachtóirí diabhalta nó taoisigh dhaonlathacha iad. Deir Ratko gur ag cosaint a thíre a bhí: níorbh fhíor. Ní hionann do thír féin a chosaint agus tír eile a ionsaí.

Dá raghadh stát seo na hÉireann i gcogadh ag ionsaí tíre ar bith eile nach raibh ag déanamh ionsaí orainn d’éireoinn as mo chuid saoránachta, láithreach. Dá raghadh Éireannaigh i nascadh a chuirfeadh muintir ar bith síos toisc gur muintir eile iad, ní Éireannaigh a bheadh ionainn, ach Rómhánaigh, nó Peirsigh, nó Macadónaigh, nó Mingigh, nó Ottamanaigh, nó Aztaigh, nó Francaigh, nó Sasanaigh, nó Meiriceánaigh .

Dá raghadh Éire sa bhúistéireacht mar Éirinn, ní Éireannach a bheadh ionamsa. Ba cheart go mbeimis níos déine ar iarmhairt ár gcuid búistéireachta samhlaithí féin, ná ar an mbúistéireacht nár dheineamar fós. Is í an bhúistéireacht is measa ná an bhúistéireacht is mó bás.

Is maith go bhfuil búistéireacht Ratko á aithint (nílimid chomh beag eolas sin ar a chuid gníomhartha!) agus b’fhearr fós go bpianósfaí é sa chás is go bhfachtar ciontach é. Ach ba mhaith dá bhféadfaí a chur ina luí ar a lucht leanúna nach mbaineann sé le cosaint tíre campaí géibhinn a bhunú ná buamaí a chaitheamh anuas ar chathair shibhialtach. Cé eile a dhein sin, n’fheadar?

Seans ar bith anois go dtabharfar na buamálaithe eile, ár gcuidne búistéirí barbartha buacha, Bush agus Blair, os comhair cúirte idirnáisiúnta? Níl ann ach ceist. Bhaoth.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar