Bronntanais

CROBHINGNE: ANOIS Ó tá an Nollaig ag bagairt orainn beidh daoine a bhfuil airgead fós acu ag dul amach ag ceannach bronntanas…

CROBHINGNE:ANOIS Ó tá an Nollaig ag bagairt orainn beidh daoine a bhfuil airgead fós acu ag dul amach ag ceannach bronntanas. D'fhaighinnse roinnt mhaith bronntanas le linn don Tíogar Ceilteach bocht a bheith ag stríocadh leis, ach tugaim faoi deara gur tearc go maith iad le cúpla bliain anuas.

Ceann de na míbhuntáistí a bhaineann le tíolaicí gan iarraidh ná go mbíonn siad fós ann an bhliain ina dhiaidh sin, gan oscailt, gan fháilte, gan bhuíochas. Bíonn siad ag drannadh ort ón gcúinne agus ag tochas na coda sin ded choinsias nár shroich an rialtas fós.

Chun teacht roimh na daoine deasa sin a bhfuil fonn orthu a bheith cineálta liom i mbliana, shocraigh mé ar liosta a dhéanamh de na nithe nach raibh ag teastáil uaim. Beag ná mór. Olc ná donaí. Idir ná eatarthu. Ní hé nach mbeinn faoi chomaoin ag an smaoineamh, ach d’oirfeadh dom gan na nithe seo a leanas a fháil i mbliana:

1.Muc i mála

READ MORE

2.Caipín an donais

3.Scaireanna sa Bhanc Angla-Éireannach

4.Geansaí peile Chill Chainnigh

5.Stocaí arís

6.Cuireadh déanach do chóisir Bherlusconi

7.Haiku fada

8.Murchadh gan Mánas

9.Ciotaí na cluaise bodhaire bige binne

10. Bailiúchán de phrós Gharret Fitzgerald

11.Gal Mhumhan

12.Rud éigin a théann i bhfad agus i bhfuaire

13.Ciarsúir arís

14.Leabhar (tá ceann agam cheana)

15.Trí chearc Fhrancacha

16.Bailiúchán gan gháire

17.Cuid Pháidí na meacan

18.Futa pheata

19.Dlúthdhiosca nua Dhónaill Uí Dhónaill

20.Dlúthdhiosca ar bith de chuid Dhónaill Uí Dhónaill

21.Maide neamh-mhilis

22.Clúmh imleacáin

23.Slipéirí arís

24.Madra seacht gcos

25.Fear Lár na Gealaí

26.Geallúint pholaiteora

27.Fála fiannacha

28.Fuinte gabhlacha

29.“Is féidir linne” tingíos

30.Seastán smige nuair a thagann tuirse ort

31.Cuimhní cinn Leo Varadkar

32.Pleananna fadthréimhseacha Leo Varadkar

33.Caipín Sheáin an chaipín

34.Burdún Mhóire

35.Glas ar mo bhéal

36.Paidir chapaill

37.Rothaí le cur faoim bhróga

38.Connie gan iarraidh

39.Fáistiní Cholm Cille don tír

40.Fáistiní Nostrodamus don tír

41.Fáistiní na seanfháithe bíoblúla don tír

42.Turcaí fuar

43.Partrais sa chrann piorra

44.Seo, sid agus eile

45.Barra rotha de shean-nótaí phunt

46.Crapadaí bungadaí

47.An gleann is nach raibh ann

48.Glantóirí fearthainne ar mo chuid spéaclaí

49.Deirí donn dún

50.An t-uasal ginideach

51.Cnó caoch

52.Féirín Fé

53.Gallúnach arís

54.Síneadh leamhláimhe

55.Airleacan urlacain

56.Oíche leis na rubair baindits

57.Pigín Leitir Mhóir

58.An rud a bhí i lár an aonaigh agat agus nár phocán gabhair é.

59.Daiséir ná Druncaeir ná Vixen

60.An búcla bán

61.Ochtar maighdean fhíorfhliuch gan suan go seang ag crú agus ag bleán

62.Bambí Fódla

63.Cleite Philib

64.Úrscéalta uile Jane Austen agus iad faoi chlúdach leathair agus in eagrán ciumhaisórga sínithe i lámh lag an údair féin ar phláitíní óir agus a cuid abairtí bliodarnuisciúla tugtha chun beatha ag scríbhneoir nár rugadh faoi choimirce thionscal na ndrugaí agus a bhí in ann speach a chur i scéal go fiú is nuair a bhí an scéal féin chomh leadránach liostaithe lomlangarúil nár fhéach amach thar thairseach chúng an tí mhóir bheathaithe.

65.Gaineamh

66.Sciorta den mhí-ádh

67.Deich n-aitheanta Smaoise

68.Fiacal portáin

69.Cróch na mbánta

70.Dummaí donn dílis

71.Ceann eile díobh sin

72.Píobairí ag pápaireacht

73.Buicéad screimhe

74.Gol na gaoithe

75.Lámh Sheáin Dic

76.Conradh Mhaastricht

77.Cóip eile de Chonradh Nice

78.Dhá chóip de Chonradh Liosbóin

79.Trí chóip de Chonradh Mercosy

80.Ceithre chóip de Chonradh Sum Dum Phuc

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar