Bréaga, bagairt, breab

CROBHINGNE: AIDHE, AIDHE! Hurrá! Ar m’anam! Dar flaitheas Uí Néill! Murab é atá chugainn arís, reifreann!

CROBHINGNE:AIDHE, AIDHE! Hurrá! Ar m'anam! Dar flaitheas Uí Néill! Murab é atá chugainn arís, reifreann!

Tugann ardú meanman agus eile domsa, pé rud faoi dhaoine eile, mar b’é an reifreann an gníomh daonlathach ab airde a bhíodh ann. B’fhearr reifreann ar an mbáisteach féin seachas ligean dóibh siúd a leagfadh cíos ar an mbraon anuas socrú a dhéanamh duit.

Áitítear go mbeidh an bréan aníos ina chúis spairne san reifreann seo de dheasca deasca an duine ar an oileán liathghlas seo, “this septic isle”. Beidh gach rud eile sa phota chomh maith céanna, agus ní féidir le Chairman Mayo an luid is lú a dhéanamh ina thaobh.

Is é nach nglactar leis gur cheart gur mar sin a bheadh. Is beag duine riamh a léigh polasaí pháirtí polaitíochta agus a vótáil go fuarchúiseach ar a shon ar bhonn loighice agus réasúin.

READ MORE

Braistintí ceomhara agus mothúcháin mhaotha agus íomhánna iompraíochta a shocraíonn conas a chaitheann daoine a nguth.

Is chuige sin a chaitheann gach taobh oiread doircheachta agus is féidir ar fuaid na gcos. Is í an mhais dhorcha an solas is gile in aon chaitheamh vótaí.

Tá daoine ann a vótáilfidh “ar son na hEorpa”, is cuma “An Eoraip” a bheith sásta a gclann mhac agus iníon a chur le sclábhaíocht ar son na haicme airgeadais go deo; daoine eile a vótáilfidh “i gcoinne na hEorpa”, mar bhí siad riamh mar sin.

Daoine a rachaidh le Fine Gael go fiú is má chuireann siad amadáin ina seasamh (agus níl aon duine ag rá gur dhein siad aon phioc dá shórt, uair ar bith, riamh anall, i mball ar bith, lándáiríre); daoine eile fós a rachaidh le Comhaontas an Allais mar go gcreideann siad gur léigh cuid acu, ina ngárlachas agus ina n-óige dóibh, uair éigin, b’fhéidir, saothar le James Connolly, agus go bhfuil seans éigin ann go ngéilleann cuid acu fós dó, ar a laghad i lár na hoíche dorcha agus gach duine eile ina thoirchim suain.

Sin é an fáth go mbainfear leas as gach cleas tú a thabhairt le taobh amháin seachas le taobh eile. Tógtar amach do chuid leabhar teagasc reitrice, agus bítear ag faire. Bréaga a bheidh sa chuid is mó dá gcloisfidh tú, agus imir bheag den fhírinne tríothu, ar uaire.

Tiocfaidh an bhagairt ar a sála sin: mura vótáileann tú ar a shon, caithfear amach as an euro, as an Eoraip, as an domhan, as an saol sinn; beidh bochtaineacht farainn go deo, rachaidh cách ar imirce, tiocfaidh Fianna Fáil ar ais, beidh na Gearmánaigh crosta linn...

Ina ndiaidh sin arís na breabanna: vótáil ar a shon agus beidh post ag cách, mil ina slaoda, Dia neamhsheicteach ar neamh, amuigh ansin sásta linn, slándáil shláintiúil shaineolais i saotharlanna, agus muca ag eitilt; vótáil ina choinne, job ag cách, gruth agus meadhg ina slaoda, Dia neamhsheicteach ar talamh, amuigh ansin de shaghas eile sásta linn, sláinte shláintiúil shaoránach, agus bagún ag siúl.

Sin é nádúr na polaitíochta. Ag brath air nach bhfuil muintir na hÉireann chomh héirimiúil sin atá siad. Agus an ceart acu.

Níl muintir na hÉireann éirimiúil in aon chor; ní fhágann sin nach bhfuil siad glic agus beartúil agus cliste agus gusmhar agus léirintinneach agus grinnmheabhrach agus tuisceanach, ach an oiread le pobal ar bith eile. Sin é an fáth nach gean le polaiteoirí an reifreann. Bíonn orthu dul i ngleic le daoine atá, ar an mórchóir, níos léire ná iad féin.

Tá cúpla mí spóirt romhainn amach. Baintear taitneamh astu! Mar is róchuma cad a dhéanfaidh tú. Tá cruthaithe suas amach go bun na dúide thar amhras anonn agus arís ar ais tríd an bpasáiste thiar nach mbaineann aon cheann de na reifrinn seo le postanna; agus tá taispeánta muran maith linn an toradh go gcaithfear dul amach faoi uisce an cheatha arís agus do mharc a chur ar pháipéar in aghaidh do thola don dara huair, nó don tríú más gá. D’fhocail ghearra, níl san iomlán ach geamaireacht.

Ceapaimidne go bhfuil cumhacht againn, agus ceapann siad siúd go bhfuil cumhacht acu féin, agus ceapann ár máistrí Eorpacha go bhfuil cumhacht éigin acu thall.

Is í an fhírinne go bhfuil an chumhacht dearlaicthe le fada ar institiúidí nach bhfuil aon bheann acu ar an daonlathas – corporáidí idirnáisiúnta, bancanna domhanda, institiúidí airgeadais ilchríochacha, eagraíochtaí cumarsáide gan tír...

Baintear taitneamh as an ngeamaireacht, mar sin a bhfuil agat.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar