I gcuairtar Albain ar na maillibh thainig me ar ais tre cheantar Galloway - Castledouglas, Newtownstewart isteach go baile beag Wigtown - Baile Leabhar na hAlban, a scriobhann Padraig O Baoighill.
Sa bhaile bheag seo thar mile duine, ta 25 siopa leabhar, cuid amuigh i sraidbhaile beag Bladnock.Dar ndoighe, chuir se iontas an domhain orm go mbeadh ar a gcumas ar fad mairstin ag am go bhfuil saol na teilifise ag cur isteach go mor ar an leitheoireacht.I ndiaidh loistin a shocru don oiche chuaigh me isteach sa chead siopa leabhar in aice leis - JC Books an ait ar bhuail me le John Carter, fear a thainig as Sasain le siopa leabhar a thoiseacht i Wigtown i bhfad sular thosaigh an togra ur.Ba leabhair ar stair na hAlban ba mho a bhi aige, ach bhi ple aige fosta le seandalaiocht, ailtireacht, arsaiocht agus gno foilsitheoireachta. Chuir se sios dom ar thus Chomhlacht Leabhar Wigtown.Ba i Hay on Wye sa Bhreatain Bheag, a duirt se, a bunaiodh an chead Bhaile Leabhar ar domhan. Ba i 1962 a bhailigh Richard Booth cuid da chairde udarasacha le cheile, fuair se urraiocht, thosaigh se feile bhliantuil leabhar agus ni raibh i bhfad go raibh siopa i ndiaidh siopa ag toiseacht, rangu eagsuil leabhar ag gach siopa acu.Chuir na siopai tus le forbairt mhor ar an bhaile, thainig na milte ar cuairt o gach aon ait ar fud na Sasana agus ni raibh i bhfad go raibh ostan mor oscailte ag Booth. D'fhas an baile go tapa agus bhisigh an timpeallacht.Ta go leor ostain sa cheantar anois, ta 38 siopa leabhar ann agus daoine ag teacht o gach cearn den domhan.Ta tri bhaile den chineal cheanna sa Fhrainc agus cinn i dtiortha eile mar an Isiltir, An Bheilg, An Iorua, An Ghearmain, Stait Aontaithe Mheiricea, An Eilbheis, An Fhionlainn, Ceanada, An tSeapain agus An Mhalaeisia.Ba ar mhunla Hay on Wye na Breataine Bige a bunaiodh na bailte seo agus ba ar an mhunla seo a bhunaigh Comhairle Pobail a dtogra fein i Wigtown.Ba e Tony Seaton, ollamh le turasoireacht, a chuir chun cinn an moladh ar dtus go mbunofai Baile Leabhar in Albain i 1997.Bhi moran riachtanais do bhaile mar seo, baile nach raibh moran tionscail no fostaiochta ann: spas maith pairceala, sraideanna leathana agus coiste a mbeadh speis acu ann agus run diongbhailte bheith acu an beart a chur i gcrich.Thainig Richard Booth on Bhreatain Bheag le bheith ar choiste moltoireachta leis an Ollamh Seaton agus daoine eile on Roinn Turasoireachta.Ba iadsan a rinne an cinneadh gurbh e Wigtown an baile ba oiriunai don togra a bhi i gceist acu.Cuireadh tus le Comhlacht Leabhar Wigtown i 1998 agus deanann siad margaiocht agus poibliocht do na siopai uilig.Tig busanna anois on Chaislean Nua i Sasain, o Bheal Feirste agus aiteacha eile de thurais lae.Ta tri chomhlacht foilsitheoireachta san ait, Langford Press agus Readinglassies chomh maith le J.C. Books.IDIR na siopai leabhar agus na foilsitheoiri bheadh thart fa 100 fostaithe i ngno na leabhar. Mar Hay on Wye cuireann se le forbairt an bhaile agus amuigh ag Bladnock ta aonaid tionscail do thionscnaimh duchasacha a thugann breis fostaiochta do mhuintir an cheantair.Ta go leor tithe aiochta sa tsraidbhaile bheag seo, bialanna, dha thabhairne chomh maith leis an Bladnock Inn.Ag caint le Jenifer Bradley ata i mbun Chomhlacht Leabhar Wigtown, duirt si go raibh freastal ar na siopai leabhar ag dul i meid gach aon bhliain, go raibh moran ordaithe ag teacht frid an phost agus go raibh suil aici feabhas mor a fheiceail in eacnamaiocht an cheantair sna blianta amach romham.Thug me cuairt ar roinnt siopai mar The Book Corner, Ming Books and Book Cellar, The Music Shop, Byre Books agus The Bookshop i lar an bhaile, ait a deir an t-uineir Shaun Bythell go bhfuil an stoc de leabhair dara laimhe is mo in Albain aige.Nil Baile Leabhar in Eirinn go foill agus b'fheidir gur togra e gurbh fhiu d'Fhoras na Gaeilge a scrudu. Rinne Diarmaid O Cathasaigh an-obair in AIS le foireann an-bheag ach ta margaiocht an-dian le deanamh ma ta leabhair Ghaeilge le scaipeadh go forleathan ar fud na tire agus i gcein.Ba choir do veain dailiu leabhar Gaeilge bheith ag dul ar fud na tire an t-am ar fad mar a bhi a reachtail go tairbheach ag Comhdhail Naisiunta na Gaeilge blianta o shin.