Ar lorg an ghaoil idir oilean agus oilean eile

Ar ais dom sa Cholóimbe Bhreatnach, Ceanada. Mé ag féachaint arís ar an Aigéan Ciúin, agus ag siúl dom ar an trá

Ar ais dom sa Cholóimbe Bhreatnach, Ceanada. Mé ag féachaint arís ar an Aigéan Ciúin, agus ag siúl dom ar an trá. Tá an chaint sa sráidbhaile faoi na hIndiaigh an babhta seo. Tá na hIndiaigh chéanna ag iarraidh le fada an talamh a goideadh uathu céad go leith bliain ó shin a fháil ar ais ón mhuintir gheal, a scríobhann Torlach Mac Con Midhe.

Tá rialtas nua i réim sa phroibhinse; tá siad suarach go leor agus iad ag plé leis na hIndiaigh. Chuireadar reifreann conspóideach os comhair an phobail le déanaí faoi chonarthaí an stáit leis na hIndiaigh, ag iarraidh teorainn a chur lena gcearta siúd. Ní raibh na hIndiaigh féin (ná a lán eile) sásta leis an reifreann. Is dócha go mbeidh aighneas ar siúl idir Indiaigh agus an Cholóimbe Bhreatnach go ceann tamaill.

B'fhéidir gur fada na smaointe seo ó lucht na Gaeilge in Éirinn. Níl aon ghaol idir na hIndiaigh agus sinn féin. Nó an bhfuil?

San 18ú haois, mheas lucht léinn sa Fhrainc agus i Sasana go raibh gaol idir na Ceiltigh agus pobail dúchasacha an Oileáin Úir agus go raibh gaol idir na teangacha acu ach go háirithe.

READ MORE

Teangacha fíor-ársa ab ea na teangacha Ceilteacha a bhí ann roimh Impireacht na Róimhe agus roimh theacht na nuatheangacha atá síolraithe ón Laidin. Bhí an smaoineamh seo faoin gCeiltis á phlé ag scoláirí Francacha áirithe, Boullet, La Tour d'Auvergne, agus eile. Dúradh go minic go raibh gaol idir an Cheiltis agus an Bhascais: teangacha bundúchasacha na hEorpa a bhí iontu.

Cheap an Tiarna Monboddo, Albanach, agus é ag scríobh i 1773, go raibh an Cheiltis scaipthe ní hamháin san Eoraip ach i Meiriceá Thuaidh: "Tá an Cheiltis leata ar chuid mhór den domhan, agus faightear í in áiteanna atá chomh fada óna chéile, nár mhiste bheith ag ceapadh go mbíodh caidreamh agus cumarsáid iontach ar fad idir na ciníocha sa tseanaimsir."

Insíonn sé faoi Íosánach Francach i gCeanada ar chuir sé aithne air. Bhí an fear seo ag misinéireacht i measc na nEiscimeach. Bhuail sé le mairnéalach Bascach i Québec, agus bhí comhrá acu i dteanga na nEiscimeach. B'ionann an Bhascais agus an Eiscimis.

Insíonn Monboddo ansin faoi Indiach i Florida a thuigeadh mairnéalaigh Bhreatnacha a labhair leis i mBreatnais. Bhí gaol ag teanga Indiach Florida le Gaeilge na hAlban freisin, de réir mar a dúirt Híleantóir a chaith seal ansin le Monboddo: "Go háirithe, is ionann an bheannacht atá acu agus an leagan Gaelach conas tá tú."

Ba é an Ginearál Vallancey a rinne iarracht an gaol idir an Ghaeilge agus na teangacha Indiacha a aimsiú go cruinn. Deirtear go raibh sé ar fíorbheagán Gaeilge. Bhí sé ag gabháil do shuirbhéireacht mhíleata in Éirinn agus chuir sé suim sa teanga agus sa dúchas Gaelach.

Ar seisean i leabhar a foilsíodh sa bhliain 1773: "Dá measaimis an teanga Cheilteach de réir a coibhneas le gach teanga beagnach ar domhan a bhfuil trácht uirthi, ba é ár mbarúil, cosúil le Boullet, gurbh í sin an bhunteanga ... Tá coibhneas iontach freisin idir seanCheiltis na hÉireann nó an Béarla féin agus na canúintí a labhartar ar mhór-roinn ollmhór Mheiriceá Thuaidh."

Dar le Vallancey, is ionann, mar shampla, ainm na treibhe Algonkin agus "all-gain cine", "most renowned nation". Bhí iska ag an Algonkin ar uisce, inis ar inis, agus a lán eile.

Seo mar a mhínigh Vallancey an coibhneas idir na teangacha: is ó na Féinícigh atá na Gaeil síolraithe; thaistil na Féinícigh go Meiriceá Thuaidh uair éigin; mar sin tá an tseanteanga "Phúnach" chéanna á labhairt i Meiriceá Thuaidh agus in Éirinn. (Níl mé ag cumadh na rudaí seo. Dáiríre.)

SAN 18ú haois, bhíothas ag plé bunús na dteangacha (origine des langues) agus ceapadh go raibh na teangacha uile síolraithe ó screadanna agus glaonna nádúrtha. Uathu sin a shíolraigh fréamhacha aonsiollacha a fhaightear go fóill sna teangacha is ársa ar domhan, na bunteangacha. Sin iad teangacha na sauvages san Oileán Úr agus na teangacha Ceilteacha freisin.

Fear mór tráchta ar an Oileán Úr agus na bpobal Ceilteach ná Chateaubriand. De sheansliocht d'uaisleacht na Briotáine ab ea é. Nuair a bhris Réabhlóid na Fraince amach, chuaigh sé go Meiriceá, áit ar chuir sé aithne ar na hIndiaigh.

Thosaigh sé ag scríobh ar na hIndiaigh i bprós eipiciúil, stíl nua sa bhFraincis a bhí síolraithe ó "Fhiannaíocht" Shéamais Mhic Phearsain. Bhí Ossian léite ag Chateaubriand agus é i Sasana. Rinne sé ceangal anois idir cinniúint na nIndiach agus cinniúint na gCeilteach.

Bhí mélancolie Ceilteach den scoth ar Chateaubriand agus é ag smaoineamh ar bhás na dteangacha, bás a bhí i ndán do gach uile theanga, fiú amháin na teangacha móra, dar leis: "Tá cuid mhaith den léirscrios seo [ar na hIndiaigh] tarlaithe cheana agus ag tarlúint go fóill os ár gcomhair san Eoraip ... Sa lá atá inniu ann, tá an Bhriotáinis, an Bhascais, an Ghaeilge ag fáil bháis ó bhothán go bothán, de réir mar a fhaigheann na haoirí gabhar agus na treabhdóirí féin bás.

"Tá treibheanna san Orinoco nach bhfuil duine díobh fágtha; ní mhaireann dá gcanúintí ach dosaen focal i mbéal pearóidí atá tar éis imeacht saor i gcraobhacha na gcrann ... Sin an deireadh atá i ndán dár dteangacha nua-aimseartha féin, iarsmaí na Gréigise agus na Laidne."

Bhí a fhios ag Chateaubriand cad a tharla don Choirnis cheana féin. Bhí an ceart aige agus é ag smaoineamh go mbeadh an 19ú haois an-dian ar na teangacha Ceilteacha eile.

Ach idir an dá linn, glacadh leis an teoiric Ind-Eorpach i measc scoláirí teanga. Faoi choimirce na nGearmánach, cuireadh tús leis an léann Ceilteach. Ní raibh na teangacha Ceilteacha á gcur i gcomparáid le teangacha an Oileáin Úir anois, ach leis an Sanscrait.

Ach nach ndeachaigh smaoineamh fónta ar strae ansin? B'fhéidir nach bhfuil aon ghaol idir teangacha na nIndiach agus na gCeilteach, ach tá coibhneas idir cás na ndaoine agus na fadhbanna atá le réiteach acu sa domhan inniu. Tá cuid den fhírinne sa tseanteoiric go fóill.

NÍ hamháin gur cheap lucht léinn san 18ú haois go raibh gaol idir na teangacha, ach chonacthas dóibh go raibh cosúlachtaí áirithe idir na Ceiltigh agus na hIndiaigh: gur náisiúin ársa iad araon a bhí curtha faoi chois ag náisiúin mhóra na hEorpa, agus go raibh a dteangacha agus a gcultúr i mbaol báis.

Ach ní raibh na Ceiltigh sásta bás a fháil nó éirí ina Sasanaigh nó ina bhFrancaigh. Tá a dteangacha á labhairt agus á scríobh go fóill. Níl na hIndiaigh sásta bás a fháil ach oiread. Tá a dteangacha agus a gcultúir á gcothú acu arís, tá a dtailte nó cuid díobh á n-éileamh ar ais acu, agus go mórmhór anseo ar chósta an Aigéin Chiúin, tá rath ar an ealaín traidisiúnta nach bhfacthas le fada an lá.

Chomh maith leis sin, tuigtear do chuid áirithe den mhuintir gheal anois go bhfuil bua ag na pobail dúchasacha nach bhfuil ag cultúr an tromlaigh. Níl fréamhacha ag an duine geal i Meiriceá Thuaidh, níl féiniúlacht aige le fírinne ach é bheith ina ath-Eorpach; ach tá baint ag na dúchasaigh leis an talamh leis na mílte bliain. Tá an smaoineamh céanna á phlé sa domhan Angla-Shacsanach agus san Eoraip faoin dúchas Ceilteach. Arís níl ann ach cuardach fréamhacha éigin.

An rud a thug lucht léinn faoi deara fadó ná go bhfuil cultúir na gCeilteach agus na nIndiach éagsúil ó chultúr mórchuid na hEorpa: na hIndiaigh toisc nach raibh teagmháil ar bith acu leis an tsibhialtacht Eorpach roimh ré an choilíneachais; na Ceiltigh toisc go raibh cultúr traidisiúnta ársa acu nach raibh baint aige le traidisiún liteartha na hEorpa.

Ní raibh Athbheochan an Léinn ná Aois an Réasúin ná a leithéid sna teangacha Ceilteacha. Is dúchas ar leith é an dúchas Ceilteach. Dá bhrí sin, b'fhéidir gur chóir an dúchas Ceilteach a roinnt le bundúchasaigh an Oileáin Úir agus níos faide i gcéin - agus ní le cultúir mhóra na hEorpa.

Na ceisteanna a bhíonn á phlé ag lucht na dteangacha Ceilteacha san Eoraip, tá siad á phlé ag na hIndiaigh san Oileán Úr anois: conas an teanga agus an dúchas a chothú, conas iad a chur os comhair an tromlaigh gur cuma leo fúthu le fada? Nár chóir do na Gaeil suim a chur in aiséirí na ndúchasach san Oileán Úr?

Níor mhiste dúinn aithne a chur ar a chéile: na Ceiltigh, bundúchasaigh na hEorpa, agus na hIndiaigh, bundúchasaigh an Oileáin Úir. Sin é an smaoineamh a thagann chugam agus mé ag siúl cois cladaigh ar chósta Oileán Vancouver.