An daonlathas

CROBHINGNE: TÁ ÍORÓIN áirithe ag baint leis nuair atáimid ag iarraidh an daonlathas a bhronnadh ar threibheanna neamhgheala …

CROBHINGNE:TÁ ÍORÓIN áirithe ag baint leis nuair atáimid ag iarraidh an daonlathas a bhronnadh ar threibheanna neamhgheala lasmuigh den dlí gurb é a dheireadh deachtóirí ar rópa cnáibe nó i gclais fhrancach ar thaobh an bhóthair.

B’fhéidir gurb í sin is brí leis an daonlathas céanna, an comh-mhéadaí is lú ar an bpraghas is airde.

Beir uainn an tásc nach ag iarraidh guth an phobail a dhíchur atáimid, ach cad is fiú an daonlathas céanna nuair gurb í is brí leis deachtóireacht idir dhá thoghchán?

Tabhair dod mheabhair an sceimhle a rug ar dhaoine nuair a leomhaigh an Ghréig reifreann a mholadh ar a dtaoscadh féin; agus cuimhnigh nárbh fholáir dúinne vótáil cúpla uair chun an toraidh inmhianaithe a thabhairt nuair nár réitigh sé le guth b’airde ná ár gceann féin.

READ MORE

Is measa fós ná sin é. Ar nós an chórais oideachais, is cuma cad é an córas a cheapann tú, is iad na daoine is mó meabhair agus cúiléith a thiocfaidh chun barra.

San pholaitíocht, is cuma cad é an córas a cheapann tú, is iad is mó a bhfuil dúil sa chumhacht is san airgead acu a dtiocfaidh a lá. Is a n-oíche, is a nóin mhór agus lár an lae.

Is acu a bheidh an caiscín mór agus an toirtín ramhar agus na hoirc agus na hairc. Ba dhóigh leat gurb é gnó an daonlathais an ceannas sin a mhaolú nó a shrianadh.

Ach ní mar sin a bhíonn. Nuair a thagann an díogha ar an rogha is é an díogha a roghnaítear. In uair na hanachaine gabhann an pobal leis an dream is mó a dhéanfaidh a n-aimhleas. In am an ghátair, tugann an pobal guth do na daoine atá go follas ina n-aghaidh.

In uair na géarchéime is fearr leis an bpobal an dream a chosnóidh an saibhir agus a dhéanfaidh dochar don daibhir, go fiú is má tá a bhformhór beo bocht, nó ag dul sa treo sin síos.

Níl aon bhrí eile le toghcháin iarthar na hEorpa – Fine Gael sa rialtas baile, na Caomhaigh thall, Sarkozy i measc na nGall, Merkel in inneall na hEorpa, Rajoy ar shliocht Mhiléisius sa Spáinn.

Sa mhéid sin, nuair atá daoine ag léirsiú ar na sráideanna bheadh fonn ort a rá, “Cén fáth an fhearg? Is sibhse a chuir isteach iad!” ach amháin nach iad na daoine ar na sráideanna i gcónaí a dhein an drochbheart.

Sna Stáit Aontaithe féin, trasna an chuain siar, sa domhan úr friseáilte, roghnaigh siad fear breá liobrálach leathgheal a raibh gach aon deastruip air is a thug a lámh is a fhocal dúinn go raibh tír tairngre na polaitíochta nua i ngar dúinn.

Ní raibh an ghealach dulta faoi ó chuir sé a lámh ar an mbíobla nuair a buamáladh daoine bochta sa Phacastáin nach raibh a fhios acu cá raibh teach geal ná bán.

Cérbh iad na daoine sin?

An bhfuil ainm againn orthu?

Clár teilifíse mar gheall ar a bpian is ar a gcailliúint?

Ó shin i leith, tá na Poblachtánaigh neamhphoblachtánacha ag iarraidh cur ina choinne, ach tá ag dul díobh ar fad, toisc gurb uachtarán poblachtánach ina chrutaon é, de cheal an lipéid.

Cad eile a thabharfá ar dhuine a thug an t-ordú cnuasbhuamaí a úsáid go forleathan i dtíortha Allah; cogadh neamhúdaraithe a chur i gcrích in Libia; a réimeas féin a stuáil le feidhmeannaigh ó Shráid an Bhalla; coinneáil gan triail gan chrích ar phríosúnaigh a raibh coireanna sceimhlitheoireachta curtha ina leith; cead dúnmharaithe ar shibhialaigh Mheiriceánacha i bhfad i gcéin ar samhlaíodh mar naimhde iad...?

Cén fáth a ngluaistear i gcónaí ar dheis sna tíortha saibhre agus ar chlé sna tíortha bochta go dtagann fáltas éigin chucu?

Leithleachas agus saint an freagra gonta air sin. Sroichtear caighdeán áirithe sna tíortha róshaibhre i measc na haicme a vótáileann, agus as sin amach is é gach duine ar a shon féin é. Is leo agus is dóibh agus is astu a thig reacaireacht an scéil. Ní thuigeann an sách an seang.

I margadh na n-éileamh tá cead ag duine ar bith rud ar bith a gheallúint, agus dá mhéid iad na bréaga is ea is airde na vótaí.

Is féidir an saol is a sheanmháthair a gheallúint roimh thoghchán, ach is féidir an gheallúint sin a chaitheamh sa phus ag an bpobal ina dhiaidh sin, agus gáire a dhéanamh lena linn.

Na buanna agus na buntáistí a bhaineadh leis an daonlathas tá siad creimnithe agus clipithe ag bréaga agus ag breabaireacht. Is beag ag daoine an tsaoirse mar níl a mhalairt ar eolas.

Ina choinne sin, más í an fhorbairt eacnamaíochta an t-aon dia amháin ar an bhfód, is de shuimiúlacht gur tír neamhdhaonlathach chumannach an tír is éirithí ar domhan!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar