Aistriu ar leith

Tá cumas ar leith ag an scríbhneoir Siobhán Ní Shúilleabháin cur síos tuisceanach a dhéanamh ar aigne mná, a scríobhann Máiréad…

Tá cumas ar leith ag an scríbhneoir Siobhán Ní Shúilleabháin cur síos tuisceanach a dhéanamh ar aigne mná, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tá an cumas sin le feiceáil san úrscéal is déanaí uaithi Aistriú (Cló Iar-Chonnachta, €10) ina n-insítear scéal líon tí amháin a rinne aistriú ó Chiarraí go Contae na Mí i lár na 1930í faoin Scéim Athlonnaithe Tuaithe.

Bhí údar an úrscéil ina girseach ag an am agus is cuimhin léi an chaint a rinneadh faoin scéim ina ceantar féin i gCorca Dhuibhne. Tá an t-úrscéal seo bunaithe cuid mhór ar na cuimhní sin mar is trí shúile cailín óig - Ceaite - a fheictear an t-aistriú agus an dóigh a chuaigh sé i gcion ar a muintir.

Bhí sraith léachtaí ar Raidió na Gaeltachta chun 50 bliain bhunú Ráth Cairn a chomóradh in 1985. Agus téacs na léachtaí sin á léamh agam b'ionadh liom mar a réitigh na fíricí a tugadh iontu le scéal Ní Shúilleabháin.

READ MORE

Mar shampla, ceann de na coinníollacha a leagadh síos dóibh siúd a bhí ag beartú aistriú go "Meath" mar a thug siad air, go raibh ar na seandaoine ar leo an talamh an tseilbh sin a ghéilleadh go hiomlán agus bailiú leo leis an gcuid eile den chlann ionas go bhféadfaí an talamh a roinnt ar na daoine a bhí fágtha.

In úrscéal Ní Shúilleabháin b'éigean do sheanathair Cheaite an talamh a bhí ag a mhuintir le seacht nglúin siar a fhágáil ina dhiaidh agus aghaidh a thabhairt ar thír choimhthíoch.

Ach is go ciúin, nuair a shíl sé nach raibh aon duine ag éisteacht, a lig an seanduine lena rácht faoin talamh a shaothraigh sé go crua a fhágáil. Chuir sé ina luí ar a iníon go raibh sé ag tacú le cinneadh a chliamhain talamh níos fearr a lorg i lár na tíre.

Tugtar le fios san úrscéal gurbh iad na fir is mó a bhí taobh thiar den Scéim Athlonnaithe Tuaithe agus go raibh na mná ina coinne. Tugtar pictiúr dúinn den dlúthchaidreamh a bhí idir na mná sa phobal beag cois farraige, ainneoin chruatáin an tsaoil acu agus tuigimid an briseadh croí a bhí ag máthair Cheaite an comhluadar seo a fhágáil.

Tuigtear don léitheoir gur beag tuiscint a bhí ag na fir a bhí i mbun na scéime ar an dlúthchaidreamh seo agus gur go tuathalach a chuir siad an scéim i bhfeidhm. Is iad na fir amháin a tugadh go Contae na Mí chun an talamh a fheiceáil.

Ní bhfuair muintir Cheaite amach go dtí gur shroich siad ceann scríbe gurbh iad an t-aon líon tí ó Chiarraí sa cheantar agus go raibh doicheall mór ag muintir na Mí roimh na "gaelcocks" mar a thug siad orthu.

Ní mó ná sásta a bhí an mháthair leis an teach fuar, gan cóir cheart air, a bhí roimpi agus gan le feiceáil amach uaidh ach talamh.

Bhí ar na páistí freastal ar scoil Bhéarla in Áth Buí agus sna blianta tosaigh ní raibh sagart le Gaeilge le fáil sa cheantar.

Is beag machnamh a rinne na húdaráis i mBaile Átha Cliath ar an tionchar sóisialta agus síceolaíochta a bheadh ar dhaoine iad a stoitheadh ón phobal ar díobh iad, gan sagairt, dochtúirí agus daoine measúla eile sa phobal in éineacht leo, bíodh gur cuireadh comhairle ar Choimisiún na Gaeltachta ina thaobh seo deich mbliana roimhe sin.

D'éirigh le Ní Shúilleabháin na fíricí faoi bhunú Ghaeltacht na Mí a fhí isteach go healaíonta ina scéal.

Tá beocht sna carachtair a chuireann sí os ár gcomhair agus is cliste deisbhealach an chaint acu.

Níor chuir an líon tí a d'aistrigh ó Chiarraí fréamha sa Mhí. Fágadh an t-athair agus an mháthair i mbungaló ar imeall na cathrach agus an ghlúin óg i Sasana.

Is iad muintir Chonamara amháin a chuir le chéile chun a gcultúr féin a chaomhnú agus a chomhartha air sin is ea an Ghaeltacht bhríomhar atá i Ráth Cairn anois.

Is fearr a thuigim an chreidiúint atá ag dul do na mná as an éacht a rinne siad.