Scéalaíocht, Samhlaíocht, Siamsaíocht


Is duine deonach mé le Fighting Words Chonamara, agus bím ag obair mar Chúntóir Riachtanais Speisialta sa seomra ranga agus is máthar ceathrar clainne mé.

Creidim go bhfuil an scéalaíocht go smior ionainn agus gur rud é a thagann go nádúrtha chugain.

Ón lá a mbeirtear páiste, nach mbíonn muid ag breathnú idir an dá shúil orthu agus ag cumadh agus ag inseacht scéiliní beaga dóibh. Sé nádúr an duine é agus tá an scéalaíocht fite fuaite sna traidisiúin ón gcliabhán. Déantar ceiliúradh ar laethanta faoi leith - Lá ‘le Pádraig, Lá Fhéile Bríde srl tríd scéalta a chloisteáil ar scoil agus ó na glúnta níos sine sa bhaile.

Ní haon iontas mar sin é go bhfuil an oiread dúil agus suim againn mar ghasúir ár scéalta féin a roinnt, nó a chumadh.

READ MORE

Forbairt an duine.

Is é an rud atá speisialta faoi FW i mo thuairimse ná go bhfuil an tuiscint ann go bhfuil sé tábhachtach a bheith ag léamh agus ag éisteacht le scéalta eile. Tugtar le fios do na gasúir go bhfuil scéalaíocht thart orainn i chuile fhoirm, ó bhéal, dánta, scríofa, mar amhráin, i bhfoirm phictiúir agus eile. Ansin tugtar an deis dóibh tosú ag cumadóireacht le chéile i ngrúpa. Moltar dóibh meas a bheith acu ar thuairimí eile agus oibriú le chéile le rud éicint a chruthú le chéile mar ghrúpa agus tugtar an deis dóibh a mblas féin a chuir ar an scéal lena chríochnú.

Is féidir le gasúir oibriú tríd mothúcháin leis na scéalta agus an lámh in uachtar a fháil ar an bhfaitíos, imní, nó an rud dána agus tá sé seo in ann féin mhisneach a fhorbairt. Tá an chumhacht ag an scéalaí cuma ar bith a chuir ar a scéal féin agus forbairt a dhéanamh ar na carachtair mar a fheileann dóibh féin.

Greann, brón, áthas, imní, olc, fiosracht agus go leor mothúcháin nach iad....tá deis féin fhorbartha agus fás pearsantachta a dhéanamh trí na mothúcháin seo a aimsiú agus a cheansú san fhocal scríofa, labhartha, nó mar phictiúir. Feictear domsa go gcabhraíonn sé go mór leis na gasúir, is cuma cén aois nó cén cumas scríbhneoireachta atá acu, chun a gcuid smaointí a eagrú. Tuigeann siad go bhfuil tús, lár agus deireadh le chuile scéal agus tugann sé le tuiscint do na gasúir gur féidir oibriú tríd gach ní go deireadh má fhanann siad leis. Scil é seo don seomra ranga agus don saol mór.

Foghlaim leathan

Agus an fhoghlaim a thagann leis an scéalaíocht seo, níl teorann ar bith leis. Is féidir an modh seo a úsáid mar bhealach spraíúil agus cruthaitheach chun ábhar an curaclam a theagasc. Samhlaigh an spraoi a bheadh ann scéal a chruthú chun mír tíreolaíochta a phlé. Bheadh an scéal le críochnú ag na gasúir ina n-aonar agus bheadh siad in ann beagán eolais a bhailiú faoin timpeallacht, an tír seo, nó ceann eile, nó tír nua ar fad a chruthú dóibh féin. Stair - na féidearthachtaí atá anseo chun an aimsir atá caite a phlé agus a scrúdú ar bhealach cruthaitheach. Iarracht a dhéanamh samhlú cén tuiscint a bheidh againn ar imeachtaí na bliana seo faoi cheann 10 mbliana, nuair atá an lá inniu san aimsir chaite.

Tarraingíonn scéal, scéal eile....

Is fíor sin. Is féidir an-spraoi a bheith ag múinteoirí le daltaí de chuile aois agus chuile ábaltacht, le scéalta a gcuid scoláirí beaga ó thaobh oibriú ar théamaí curaclam. Is breá linn ar fad seichimh, mar sin d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar aon chuid de scéal chun cuid a dó a fhorbairt. Is féidir é seo a dhéanamh trí mheáin éagsúla agus ansin é a roinnt leis an rang agus sa bhaile fiú. Má tá sé feiliúnach, bheadh na gasúir iad féin in ann misneach a thabhairt do Mhamó nó Daideo, nó gaolta agus cairde eile chun a scéal féin a scríobh, a thaifeadadh, nó a chuir in iúl i bhfoirm phictiúir le cabhair na ngasúir.

Tá muid mar shochaí ag dul tríd am aisteach, lán le míchinnteacht faoi láthair. Dúnadh scoileanna go tobann agus níl a fhios againn cén uair arís a mbeidh ár scoláirí óga ar ais sna ranganna. Creidimse go bhfuil an fhoghlaim chruthaitheach, scéalaíochta agus cumadóireacht níos áisiúla agus níos tábhachtaí anois ná riamh cheana.

Is fiú súil a chaitheamh ar www.fightingwords.ie/stories/school-closure mar tá treoir ansin le leanúint chun scéal a chruthú. Tá sé dírithe go príomha ar ghasúir 6-12 bliain agus míniú breá soiléir ann ar an gcaoi le haghaidh córas Fighting Words ar-line a úsáid. Cuirtear fáilte ann freisin píosaí scríbhneoireachta a sheoladh ar aghaidh le foilsiú ar an láithreán gréasáin.

Céard faoi na scileanna thuas a úsáid mar thuismitheoirí , múinteoirí agus foghlaimeoirí chun dul i ngleic leis na athraithe saolta agus sóisialta atá muid ag dul tríd faoi láthair?

Tá scéalaíocht ionainn ar fad...tugaimis glór dó.