James agus a bhean

Scéal le rang a cúig, Gaelscoil Chill Dara, Co Chill Dara

An léiriú le rang 5, Gaelscoil Chill Dara, Co Chill Dara
An léiriú le rang 5, Gaelscoil Chill Dara, Co Chill Dara

Sa Wild West, bhí gunnaí ag gach éinne. Ach ní raibh a dhóthain spáis ann do bheirt. Ní raibh an lacha ansin, bhí sé ina chodladh, agus bhí sé in ísle brí.

Bhí sé in ísle brí mar go thóg Joey an Capybara agus Bob an Capybara a bhean, Jennifer, go caisleán faoi thalamh. Ach fuair James an Lacha giolla eile freisin.

Ach ní raibh James sásta gur thóg siad Jennifer. Bhí sé in ísle brí agus ní raibh sé in ann éirí suas le píotsa a fháil.

Tháinig a chara, Giga Chad, an fear píotsa, agus bhí píotsa aige dó.

READ MORE

“An bhfuil tú ceart go leor, a James? Seo do phíotsa,” arsa Giga Chad. Ach faraor tá James fós in ísle brí.

Chuaigh James agus an fear píotsa chun Joey a aimsiú. Nuair a bhí siad á lorg, bhíodar ag iarraidh an píotsa a d’ith Gigi Chad. Nuair a d’oscail siad an bosca píotsa…chonaic siad gurb é Cheerio an Elf a d’ith é.

“An bhfuil a fhios agat cá bhfuil an caisleán faoi thalamh?” arsa James le Cheerio.

An léiriú le rang 5, Gaelscoil Chill Dara, Co Chill Dara
An léiriú le rang 5, Gaelscoil Chill Dara, Co Chill Dara

Dúirt Cheerio, “B’fhéidir go bhfuil, b’fhéidir nach bhfuil?”

Chuir James ceist ar Cheerio, “Cad atá uait?”

“Tá mé ag lorg saoirse,” arsa Cheerio.

Chuir James ceist, “Cad a chiallaíonn sé sin?”

“Is féidir liom a thaispeáint duit, ach sin an rud deirneach a dhéanfaidh mé duit.”

Thug Cheerio James agus Giga Chad go dtí an áit ina raibh Jennifer i bhfolach.

Chonaic siad Bob an Capybara agus dhá gharda slándála le gunnaí.

Nuair a chonaic siad James, d’éalaigh Bob an Capybara go dtí an garda slándála, len é a rá le Joey go raibh James ann...