An Chailleach Mhata agus Domhan Draíochta na gCruthanna

Seo tús an scéil a scríobh páistí as rang a ceathair-sé, Scoil Bhreandáin, Eachléim, An Fód Dubh, Co Mhaigh Eo mar chuid den togra 1,2,Spraoi!

Photograph: iStock
Photograph: iStock
Lá amháin bhí cailleach ann i
nDomhan Draíochta na gCruthanna
agus bhí fuath aici don mhata.
Caoimhe an t-ainm a bhí uirthi. Bhí
craiceann ghlas aici. Nuair a bhí sí
óg, bhí sí go dona ag an mata agus
bhí uirthi fanacht ar an bplainéad
uafásach seo. Bhí boladh uafásach
i ngach áit ach, bhí cuid amháin den
phlainéad a bhí go deas. Ní raibh a
fhios ag aon duine go raibh an leath
deas eile ann agus sin an fáth go
raibh gach duine ag iarraidh an áit a
fhágáil.

Bhí sí ina cónaí i gcaisleán ina
haonar agus bhí uaigneas uirthi. Bhí
a caisleán déanta as cruthanna 3T
neamhrialta. Bhí na cruthanna
difriúil mar gheall go raibh Caoimhe
í féin difriúil. Bhí sí ag iarraidh
daoine eile a thabhairt chuig an
gcaisleán mar go raibh sí chomh
huaigneach.

Dúirt Caoimhe gur scoil spraíúil a
bhí sa gcaisleán agus thosaigh
daoine ag teacht. Ach i ndáiríre,
scoil mhata a bhí inti. Cheap sí go
raibh gach duine go dona ag mata.
Chaith daoine 15 ceist a fháil i
gceart chun an caisleán a fhágáil,
mar sin, chum sí ceisteanna a bhí
an-an-deacair ionas nach mbeadh
daoine in ann fágáil go deo…