In Ohio i Meiriceá, i 1995, rugadh Joe Jimmy. Bhí sé ag dornálaíocht agus ag léamh ó bhí sé trí mhí d’aois.
Ní raibh suim aige i dtada ach a bheith ag dornálaíocht.
Bhí a fhios aige cén chaoi le bheith ag dornálaíocht sula raibh a fhios aige go raibh cosa aige agus sula raibh sé in ann siúl.
[ Read all Fighting Words contributions hereOpens in new window ]
Rugadh a chara Paul Jake McGregor in Éirinn bliain sula rugadh Joe Jimmy. An chéad uair a chonaic siad a chéile ná ar an gcéad bhreithlá a bhí ag Joe Jimmy. Bhí a gcuid tuismitheoirí mór lena chéile.
Gerry Thornley: IRFU decision on Sevens reflects the cold, hard business of sport
Cannes 2025: Tom Cruise’s death-defying wing-walking, and the festival’s ban on an actor accused of assault
Out of the house and into a summer job: What are your teenagers’ rights
Irish history takes off on TikTok: Meet the people teaching the world about Ireland in 60-second bites
D’fhás an bheirt acu suas agus ba dhornálaithe móra scanrúla an bheirt acu. Bhí siad ag traenáil don Chorn Mór Dornálaíochta ar feadh bliana. Bhí siad ag shadow-boxáil agus ag dornálaíocht chuile lá i rith na bliana.
“B’fhéidir go mbuailfidh mé thú sa gCorn,” a dúirt Joe agus é ag magadh.
“B’fhéidir go mbuailfeadh mise thusa!” a dúirt Paul, ach ní raibh sé ag magadh.
Ansin, dúirt Joe, “Níl mé ach ag magadh!”
Ansin dúirt Paul, “Ach níl mise ag magadh…”