Beocheist: Bhíos bréan bailithe de theachtaireachtaí téacs a fháil, le cuireadh chun dul go cóisir breithlá bliain is fiche, cé gur chuireas iachall ar dhaoine teacht go dtí mo chóisir bliain is fiche féin.
Bhí coinníollacha ag baint leis an gcuireadh deireanach. Is é an téama atá ann ná go gcaithfear teacht faoi bhréagriocht in éadaí a thaispeánann cén post a bhí uait agus tú i do pháiste.
Chuir gach éinne an cheist choitianta orm 15 bliain ó shin (agus mé in aois mo sé bliana): "Nuair a bheidh tú mór, abair bliain is fiche, cén post a bheidh agat?" D'fhreagraíos gur theastaigh uaim bheith i m'aisteoir, bheith i mo chónaí i Londain (cé nach rabhas riamh ann) agus a bheith i m'fhreastalaí siopa leis. Bhíos chomh tógtha le scipéid.
D'éiríos níos uaillmhianaí nuair a shroich mé 11 bliain d'aois, rang a sé, an bhfuil a fhios agat. Bhí sé ar intinn agam seodra a dhéanamh as Fimo, go háirithe fáinní cluaise agus iad a dhíol ar fud na tíre agus ag an am céanna theastaigh uaim bheith i mo dhochtúir teaghlaigh agus bhíos fós chun cur fúm i Londain. Ba gheall le liosta na Nollag a bhí air, é seo agus é seo...
I láthair na huaire, in aois bliain is fiche, táim ag déanamh cúrsa na healaíne, teangacha. I gceann dheich mbliana, beidh mé 31. Téann an tsamhlaíocht fiáin orm agus bíonn smaointí gan chiall agam.
Bíonn orainn fiafraí dínn féin an leanfaimid comhairle ar nós Voltaire a dúirt: "J'aime celui qui rêve l'impossible" - go raibh meas aige ar an té a shamhlaíonn gur féidir an rud atá neamhfhéideartha a dhéanamh. Nó an éistimid le gach éinne eile agus post buan praiticiúil a fháil. Sea, post deas, an mhúinteoireacht.
Nuair a bheidh mé bliain is tríocha, ba mhaith liom (más rud é go gcinnteofaí go n-éireodh liom...) bheith i m'aisteoir nó stiúrthóir scannán Gaeilge.
D'oirfeadh sé sin dom toisc go mbeinn cúramach le neamhspleáchas agam, ag cruthú scéalta, ag déanamh taighde agus bheadh foireann bhreá bhríomhar i mo theannta.
D'fhoghlaimeoinn cad a bheadh ag tarlú sna meáin chumarsáide, i gcúrsaí reatha d'fhonn is go mbeinn ábalta clár a dhéanamh.
Bheinn sásta bheith ag maireachtáil sa Bholáiv i Meiriceá Theas. Tá gean agam ar theangacha agus is breá liom an Spáinnis.
Is í m'aisling ná do bheith i mo chónaí ann do mo bhreithlá a cheiliúradh, le calimocho, deoch a bhfuil fuath ag muintir na Fraince dó toisc go bhfuil coca-cola meascaithe ann le fíon dearg.
Oh la la, quelle horreur.
Is mian liom dul ag obair ar feadh cúpla bliain i mBordeaux.
Agus fé mar a bhíos ag rá nuair a bhíos i mo chailín beag sé bliana, ba mhaith liom fós tréimhse a chaitheamh i Londain (cé nach rabhas fós ann).
Táim ag súil le bheith níos saibhre ná mar atáim anois, aidhm a bheidh furasta a shroicheadh. Na laethanta seo, bím ag brath ar an seanrothar atá fós ar fónamh.
Nuair a bheidh mo ghluaisteán féin agam, nuair a bheidh mé mór - súil agam nach mbeidh mé rómhór! - beidh mé ag tiomáint go dtí an giomnáisiam, mé beag beann ar mo rothar féin agus ar thóir na rothar leictreonach nach ngluaiseann.
Níl cúrsa leighis á dhéanamh agam. Nílim lonnaithe i Londain, ach i bpríomhchathair na hÉireann. Níl mo chuid seodra ar an margadh.
Táim ag plé leis an aisteoireacht ach, de réir mar a bhí leagtha amach agam, níl an plean a bhí agam in aois a sé ag dul mar ba cheart!
Is féidir liom buille faoi thuairim a thabhairt maidir le cad a tharlóidh sa todhchaí ach athraíonn cinneadh beag gach plean eile.
Mar sin, n'fheadair an mbeidh mé i mo chónaí i ndáiríre sa Bholáiv i gceann dheich mbliana. B'fhéidir nach ndéanfainn aon rud bainteach le scannáin ach, b'fhéidir go ndéanfainn.
Cloím le meon Proust agus an dearcadh atá aige maidir le tréithe na samhlaíochta, is é sin, go bhfuil sí i bhfad níos binne, níos deise ná an réadúlacht.
Mar sin agus mo chara ag ceiliúradh a lá breithe bliain is fiche, táim deimhnithe go gcífidh mé dream mór Superman, spásairí, banaltraí, aisteoirí i gcónaí.
Fiafróidh de gach duine cad a dhéanfaidh siad nuair a bheidh siad mór, abair, tríocha a haon.