Strainséir

Scéal le Ruadhán Ó Fátharta, 14 bliana d’aois, Coláiste Chroí Mhuire Gan Smal, An Spidéal, Co na Gaillimhe

Tógaim an bus seo gach lá. Tá aithne agam ar gach duine ar an mbus. An tseanbhean sa chúinne lena madra nach ndúnfaidh a chlab, an fear óg lena chuid ‘earpods’ i gcónaí istigh, a shúile greamaithe ar leabhar, agus an bhean mheánaosta in aice leis an bhfuinneog lena páiste, í á ciúiniú gach cúpla nóiméad.

Gach lá. An t-am céanna. An bus céanna.

Ach ní inniu.

Breathnaím ar an strainséir go fiosrach. Súile dorcha, liath, craiceann liath agus culaith liath air. Tá a chuid bróga liath, fiú. An t-aon chuid dhó nach bhfuil liath ná a chuid gruaige, atá chomh dubh le gual agus cíortha siar aige. Is cosúil go bhfuil sé i ndomhan eile agus a chuid súile dúnta, é ag caint go ciúin leis féin, le gáire anseo is ansiúd.

READ MORE

Go tobann, osclaíonn a shúile agus beireann sé orm ag breathnú air. Déanann sé miongháire fuar liom agus ar ais leis isteach ina dhomhan féin. Beartaím ansin nach dtaitníonn an feairín seo liom.

Críochnaíonn mo thuras ar an mbus agus éirím suas le dul chuig an doras. I bpreab na súl, tá an fear liath ar a chuid chosa le tuirlingt chomh maith. Tugaim miongháire ar ais dó le cead a chinn a thabhairt dó amach romham. Siúlann sé leis gan bacach agus gabhann buíochas liom.

Agus mé ar mo bhealach abhaile, siúlann an fear liath taobh thiar díom agus fanann sé liom. Ceapaim go bhfuil sé rúinín beag aisteach agus tógaim an bealach is casta abhaile atá ar eolas agam. Tá mo chuid blianta caite agam ag ritheacht sna sráideanna seo agus tá gach cas agus cnoc san éastát seo ar eolas go maith agam.

Ach fanann’clic-clac’ na mbróga liom gach áit a théim. Tagann faitíos orm agus tosaím ag siúl go scioptha i dtreo mo theach. Agus mé ag oscailt an dorais, trí cúinne mo shúl, feicim an fear liath ag siúl síos sráid cúil dubh dorcha agus mo chuid imní ag imeacht leis.

Ligim osna nach raibh a fhios agam a bhí á choinneáil agam agus imím isteach i sábhailteacht mo theach.

Tosaím ar chupán tae a ól agus déanaim iarracht mé féin a shuaimhniú. Deirim liom féin gur lúdramán a bhí ionam agus go raibh sé amaideach ceaptha go raibh mé i ndáinséar agus gur dúnmharfóir nó canablach a bhí sa strainséir. Tugaim bia do mo chat agus breathnaím ar teilifís ach bíonn smaointe faoin bhfear i mo chloigeann. Déanaim iarracht ar léamh agus imrím ar mo fhón ach ní imíonn na smaointe. Ag deireadh na hoíche, caithim isteach an tuaille agus téim a chodladh, ag súil le ciúnas agus le suaimhneas mo leaba.

Ní thagann an suaimhneas, afách, agus caithim an oíche ar fad ag stánadh ar an tsíleáil, gan codladh.

Go tobann, tagann cnag ar an fhuinneog. Ligim eascainí agus cuimhním gur fhág mé an cat taobh amuigh.

Osclaím na cuirtíní, mé leath i mo chodladh agus stáinim isteach i súile an strainséar.