Scéal Jimmy

Dán le Andy Ó Féinne (17), Coláiste Chroí Mhuire Gan Smal, Spiddal, Co na Gaillimhe

'Bhí camán ina lámh aige ar an bpointe'
'Bhí camán ina lámh aige ar an bpointe'
Rugadh Jimmy i gceantar beag iargúlta,

Bhí camán ina lámh aige ar an bpointe

Chuile lá thíos ar an bpáirc,

Ag scóráil cúl agus pointe.

Fuair sé níos sine agus níos airde

B’é Jimmy an t-imreoir ab fhearr,

Chuile chluiche sa líne lán tosaigh

Ag pocáil an liathróid thar an trasnán.

Anois ar fhoireann mionúir an chondae

Bhí stáitse mór amach roimhe.

Bhí Jimmy bocht fíor-neirbhíseach,

Ach is aige a bhí sárchluiche.

Foireann sinsir an chondae anois

Nach raibh Jimmy ar bís.

Bhí sé ag smaoineadh ar an lá seo,

Ó bhí sé cúig bliana d’aois.

Anois i mBaile Átha Cliath,

Mhothaigh Jimmy i ngéibheann.

Is Páirc an Chrócaigh lán go béal,

Bhuaigh sé Cluiche Ceannais na hÉireann.
Tá Andy Ó Féinne ar scoil i gColáiste Chroí Mhuire Gan Smal, An Spidéal, Co na Gaillimhe
Tá Andy Ó Féinne ar scoil i gColáiste Chroí Mhuire Gan Smal, An Spidéal, Co na Gaillimhe