John-Joe an Buachaill Bó

An Togra 100 Bliain: Scéal le Rang 5 agus 6, Gaelscoil Riada Baile Átha an Rí, Chonamara, Co na Gaillimhe

Ar fheirm in Éirinn sa bhliain 1923, bhí John-Joe an buachaill bó ag ithe crackers agus cáis ach tar éis cúpla nóiméad, chuala John-Joe an buachaill bó cnag ar an doras. D’oscail sé an doras agus sí Mary thíos an bóthar a bhí ann le Malteser amháin.

Dúirt John-Joe, “Cheap mé gur tusa mo chara!”

“Is mé do chara!” a dúirt Mary.

Ansin, thit John-Joe de phreab ar an urlár.

READ MORE

Ghlaoigh Mary ar 999 ach ní raibh aon fhreagra ann. Bhí fón póca ag Mary mar go raibh sí tagtha ón toghchaí.

Ansin, thóg an Malteser amháin amach scian agus thosaigh sé ag gearradh barraicíní John-Joe.

Ansin, dúirt Mary le John-Joe, “Ní maith liom do chuid malaí!”

Dhúisigh John-Joe agus bhí sé i bpian.

“Ní maith liom do chuid malaí ach an oiread!” a dúirt John-Joe le Mary.

Ansin, dúirt Mary go raibh sí páirteach in eagraíocht rúnda a tháinig ón toghchaí le fáil réidh le gach Malteser.

Tháinig eagla ar John-Joe agus bhuail sé an meaisín ama a bhí ag Mary agus ansin, bhí siad aistrithe go dtí an Bheilg go cath a bhí ag tarlú sa Chéad Chogadh Domhanda ...

The 100 Years Project is part of the Decade of Centenaries 2012-2023 initiative of the Department of Tourism, Culture, Arts Gaeltacht, Sport & Media in Ireland. Fighting Words & Fighting Words NI organise creative writing workshops and projects with school students at primary and post-primary levels, inviting them to cast their imaginations 100 years to both the past and future. Presented here is a small collection of stories from those workshops