An Ghrian

Dán le Katie Ní Phiotáin, 15 bliana d’aois, Coláiste Chroí Mhuire gan Smal, An Spidéal, Co na Gaillimhe

Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch

Is níl clabhta ar bith sa spéir

An ganeamh te in íochtar mo chosa

Mé ag stanadh amach ar an bhfarraige ghlas

Níl aon fheamainn dhearg le feiceáil

Ach cloche beaga duirlinge bhán le mo thaobh

Tá an tráthnóna ag teacht

mo scáil thíos fúm ‘s mé ag siúl abhaile

Grian mhór dhearg le cúl mo chinn

Casaim timpeall agus deirim

A Dhaideo, slán go fóill