An ghluaiseacht mhór

Ní hé is dual don duine fréamhacha a bheith aige.

An cuimhin leat anois é? An tubaist ghránna, an bá mór, a tharla ar Mhuir nIocht coicíos ó shin? Nó an bhfuil dearmadta cheana? Faraoir, ní raibh ann ach ceann amháin de na traigéidí laethúla a leanann an ghluaiseacht mhór phobail ó thíortha na hainnise go fearainn an airgid.

Is beag an sólás d’aon duine ar an mbóthar fada léanmhar sin a thuairisciú go raibh sé riamh mar sin. Ach b’fhéidir go n-osclódh sé súile agus croíthe abhus áit a mbítear ag argóint faoi chipíní gan dealramh gurbh í seo stair an chine dhaonna ó d’fhágamar an Afraic inár gcraicne gorma na mílte bliain ó shin. Imirce agus gluaiseacht is ea scéal daonrú an domhain ón gcéad choiscéim sin a tugadh trasna an chaolais amach.

Ní hé is dual don duine fréamhacha a bheith aige. Tá fréamhacha ag meacain agus ag crainn a ghabhann síos isteach sa talamh. Cosa atá ag an duine, cosa a éilíonn gluaiseacht.

Fíorbheagán den imirce a bhíonn deonach. Nár cheart go mbeadh a fhios sin againn féin? Éigeandáil de chineál éigin a chomáineann an ghluaiseacht, ocras nó cogadh nó athrú aeráide féin. Go deimhin, sin iad ball díreach is cúis leis an aistriú mór daonna atá ar siúl sa domhan faoi láthair.

READ MORE

Níor ghá i gcónaí go mbeadh drochiarmhairt mhór mar thoradh ar an imirce. Is ea, ní raibh aon duine eile ina chónaí in Madagascar nuair a chéad lonnaigh na Vazimba ann 1,500 bliain ó shin agus mar sin ní raibh aon ghá le pobal a smachtú ná a dhíbirt. Mar a chéile le Mauritius, fág nach raibh an Dodo róbhuíoch nuair a tháinig an duine.

Ach is de dheasca cruachor riachtanach éigin a bhogann an duine. Triomacht faoi dear don phobal Turcach gluaiseacht anoir isteach san Anatóil gur dá dhroim a gabhadh Cathair Chonstaintín a thug ar scoláirí agus ar aos léinn teicheadh siar a mhúscail cultúr na hIodáile. Is é sin, easpa báistí in áit amháin ba chúis leis an Renaissance a bheith againn!

Cogaí is minicí ná a chéile an fáth a bhfuil oiread sin daoine ag cnagadh ar dhoirse dhún daingean na hEorpa faoi láthair. Ní timpist ghlanseansúil gur teifigh ón tSiria, ón Eimin, ón Iaráic is mó atá chugainn.

Is ea, tá siad á bpiocadh suas againn i Loch an Bháis arb í an Mheánmhuir í agus á gcur ar ais don chinniúint nach bhfeadair aon duine, nó táimid ag sluaisteáil airgid i dtreo tíortha ar ár n-imeallbhoird d’fhonn na sluaite a choimeád faoi ghlas chomh fada agus is féidir, nó tá fálta go haer de shreang dheilgneach á dtógáil timpeall ár dteorainneacha ar eagla go gcuirfeadh siad cos thar tairseach anonn inár dtreo.

Is róchuma. Bí cinnte d’aon rud amháin. Leanfaidh siad orthu ag teacht. Leanfaidh siad orthu ag teacht más gá tollán a thóch faoin bhfarraige nó siúl ar chlocha teo cosnochta a bhfuil spící nimhe tríothu, nó pasáiste a thochailt faoin talamh, nó má chaithfear dul ar spáslong baile dá ndéantús féin via an ghealach agus a bhfuil d’astaráidigh chontúirteacha mórthimpeall lasnairde. Sin é is dual don duine ina riachtanas gan rogha. Sin é a dheineamarna. Sin é a dhein na Lochlannaigh, na Giúdaigh, na Bantuigh, na Sacsanaigh, na Mongólaigh, na Mac Cárthaigh…Sin an fáth a bhfuil pobal ar bith san áit ina bhfuil siad.

Cad tá le déanamh, mar sin, fiafraíonn tusa? Ar an gcéad dul amach, b’fhearr scor de bheith ag gabháil chun cogaidh in áiteanna nach mbaineann leat; ansin, córas dlithiúil oifigiúil imirce a bhunú ionas nár ghá dul i muinín na farraige ar dingí rubair; agus cad faoin seanriail órga sin, caitheamh le daoine mar ba mhian leat go gcaithfí leat féin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar