Filleadh fileata

Chuir córas na gceithre cúigí coirséad teann daingean ar leagan amach na gcomórtas.

Uaireanta shílfeá go raibh gabháltas iomlán déanta ag an maorlathas idirmheánach ar riaradh an domhain. Is fíor go mbíonn cumhacht gan teorainn go minic ag deachtóirí, ag pápaí agus ag príomhoifigigh feidhmiúcháin ina n-eagraíochtaí féin agus deonaítar guth lag fann do bharraicíní na cosmhuintire nuair is gá sin a dhéanamh. Ach, is ag an dream anaithnid sin idir eatarthu, áfach, a bhíonn an chumhacht. Nó, is iad is mó a chaitheann bárcadh allais le pleananna, le scéimeanna, le hathstruchtúrú, le hathchóiriú, le hathfhriotalú, le seithe nua a chur ar chraiceann a samhlaítear riachtanas snas úr a chur air.

Mangartach mhór, nó Cruach Phádraig féin, nó Earagail éigin go fiú is ea an Cumann Lúthchleas Gael atá ag iarraidh uidh ar n-uidh laincisí na 19ú haoise a chur díobh. Ní hé nach bhfuil sí daonlathach mar eagraíocht, ach is dóichí ná a chéile go mbíonn moltaí á dtachtadh ag raingléis rothlaithe riaracháin idir na himreoirí thíos agus an ardréim thuas. Tá tuigthe le fada an gátar atá le múnla nua a chur ar chomórtais chraobh na hÉireann (agus nach ait go bhfuil Craobh na hÉireann fós air, seachas Craobh an Oileáin?).

Bhí an cumann riamh réabhlóideach ach d’fhan ceangailte leis na fearainn is na dúichí a bhí i réim ag rialtas Shasana. Chuir córas na gceithre cúigí coirséad teann daingean ar leagan amach na gcomórtas. Cuir i gcás gur roghnaíodh cúig chúige (an Mhí san áireamh), nó go deimhin sé cinn (dhá leath sa Mhumhain mar a bhíodh), d’fhágfaí blas eile ar fad ar chuma na himeartha.

Nó, go deimhin, dhá leath a dhéanamh den tír, mar a bheadh, Leath Choinn agus Leath Mhogha? Shásódh sin na daoine a shíl gur cheart dhá chuid a dhéanamh de Bhaile Átha Cliath, ach tugaim dom aire go bhfuil an t-éileamh sin díbeartha don leithreas lasmuigh ón uair gur chloígh peileadóirí Thír Fhiachrach, Luighne agus Uí Bhriúin iad anuraidh.

READ MORE

Sin agat é. Níos dúchasaí fós, dá mba nár géilleadh do na contaetha a tharraing riarthóirí an rí mhídhleathaigh le scrábadh de chleite gé ar phár, go díreach mar a tharraing a n-oidhrí línte ar chlár na hAfraice níos déanaí, conas mar a bheadh againn anois?

Samhlaigh craobhchluiche peile na hÉireann idir Iar-Mhumhain agus Oirghialla, abair. Nó ceann iomána idir Uí Mhaine agus Osraí.

Go leor de na dílseachtaí atá ann anois bheadh siad beo fós, ach de bhuntáiste acu go bhféadfadh contaetha nach mbeidh seans ar bith acu faoin spéir a choíche ná go brách ná go dtí adhlacadh Philip a’ Chleite agus aiséirí Eoin Dic agus tuirlingt eachra na hapacailipse ar an mbán cupán páipéir féin a bhaint, bheadh de sheans acu a bheith lánpháirteach i mbua glórmhar éigin. Uair éigin.

Cuir i gcás Dál nAraí a chuimsíonn contaetha Aontrama agus an Dúin. Bheadh caoi acu ar chraobh Leath Choinn a ghnóthú idir seo agus athaontú an oileáin ar a laghad; nó Laighin Tuaghabhra a ghoidfeadh iománaithe ó Chill Chainnigh, Laois agus Uí bhFailí a bheadh cumasach ar chluiche ceannais Leath Mhogha a shroicheadh anois is arís.

Is fíor go mbeadh Tír Eoghain bogtha smut maith ó thuaidh ionas gurbh ionann agus Doire iad nach mór, agus nach mbeadh aon tseans ag Bréifne ach an oiread is atá anois. Ach bheadh de bhuntáiste ag an leagan amach seo é a bheith scaoilte. Ní raibh riamh teorainneacha daingne ag na fearainn seo ionas gurbh fhéidir Uí Fhiachrach Aidhne a shleamhnú isteach i dTuamhain, nó Anghaile a chaitheamh amach as Tetbhe. Dob fhéidir le himreoirí gluaiseacht ó dhúiche go dúiche gan aon airgead mór a íoc murab ionann agus ….

Ní miste beagán samhlaíochta a chaitheamh leis an saol i moiche na bliana dá bhaothacht í.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar