Spéirlíne na leanaí

CROBHINGNE: TÁ DIÚLTAITHE ag dream a dtugtar An Bord Pleanála orthu d’ospidéal náisiúnta a dhéanfadh cúram do leanaí i mball…

CROBHINGNE:TÁ DIÚLTAITHE ag dream a dtugtar An Bord Pleanála orthu d'ospidéal náisiúnta a dhéanfadh cúram do leanaí i mball amháin den ardchathair.

Is ceart cúpla clóbh gairleoige a ghlacadh aon uair a luaitear an focal “pleanáil”, go háirithe má tá “straitéiseach” ceangailte leis. Is í an phleanáil an fheitis a thugann ardú meanman agus eile do mhaorlathaigh.

Mo thuairim gur cuma le daoine cá suitear an tOspidéal Náisiúnta do Leanaí fad is go suitear in áit éigin é. Is féidir é a bheith ar pháirc uaine nó ar ghort glas nó ar achadh bán nó ar chlós coincréite fad is a thógtar é.

Is dóichíde ar fad gurbh fhearr é a bheith i gcúige Laighean agus i neas do Bhaile Átha Cliath, fág nach gá gur mar sin a bheadh. Náire shaolta an t-achrann atá ar bun timpeall air.

READ MORE

Ar nós mar adeirtear sna haistí is measa a scríobhtar ar scoil, tá idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí ag baint le cinneadh ar bith dá ndéantar. Má dhéantar húm beidh hath i do choinne, agus má ghabhtar gírle beidh guairle ar ais id phus.

Dá socrófaí go lonnófaí an t-ospidéal i gceartlár Bhaile Átha Luain i gcroí-imleacán na tíre agus gach bóthar dá bhfuil ag síneadh chuige ar bhealaí sé-lána gan táille gan trácht is deimhnitheach go mbeadh pusacháin shaineolgaiseacha ardoilte ag cur ina choinne go tréan.

Sin é mar atá: gach duine ar son a aicme agus a leasa féin, agus leanaí amuigh ar an imeall. Ní bheidh dul ag aon duine go deo a fháil amach cad é go díreach a bhí i gcroí gach duine ar an mBord Pleanála a dhein an socrú gur tábhachtaí aeistéitic na spéirlíne ná sláinte na leanaí, ar a laghad sa ghearrthréimhse.

Is fíor má fhantar fada go leor go mbeidh ospidéal ar gach sceach, is an saol ag dul chun síneadh, agus bailte a bhfásann gach druga iontu, agus meas ar gach sórt.

Níl tuairim dá laghad agam cén áit is fearr Ospidéal Náisiúnta do Leanaí a lonnú, agus ní bheidh na saineolaithe ná na seaneolaithe go brách ar aon intinn ina thaobh. Ach is eol dom má dhéantar cinneadh gur fearr an cinneadh sin a bheith botúnach ná gan aon chinneadh a dhéanamh. Is fearr “anois” ar shlí éigin amscaí trí chéile chiotrúnta, ná “amárach” foirfe lándéanta nach dtiocfaidh a choíche ná go brách.

Ní chuige sin seo, gan amhras, ach chun an bhreithiúnais féin. Diúltaíodh don ospidéal ar bhonn aeistéitice ar an mórchóir, fara seo is siúd de mhionbhruar eile. Ní móide go bhfuil an páiste atá ag dul faoi scian róchráite faoi spéirlíne na cathrach. Ní dócha go mbeidh an páiste atá ag múscailt tar éis na sceanairte ag féachaint an in áit an 20ú stór nó an 30ú stór atá sé curtha lasnairde. Is lánait, mar sin, gurb é an radharc ón taobh amuigh seachas an éisteacht ón taobh istigh a dhein an bheart.

Ní hé nár cheart aird a thabhairt ar chúrsaí aeistéitice ach an oiread. Cuid d’fhoghlaim an duine is ea an áilleacht, bunriachtanas an anama. Ach cá bhfuair lucht an bhoird a gcuid aeistéitice? Cén tslat tomhais a mhaígh go raibh ardfhoirgneamh in ardchathair “neamhoiriúnach”? Cad as a dtáinig an chlasaiceacht de-réir-a-chéile seo?

Is í is oiriúnaí faoi ailtireacht cathrach ná gur praiseach agus traflais í. Is í an chathair a phleanáiltear an chathair is leimhe. Is iad na cathracha is bríomhaire na cathracha a fhásann gan reacht gan riail, iad siúd a fhásann go horgánach lofa is a chuireann a gcuid crúcaí amach is a méireanta briste sínte.

Is í an chathair is áille an chathair is neamhchéimseatúla amuigh. Is í an ainriail suas agus síos agus siar amach agus lasnairde anuas aniar anuaidh buaic na cathrach. I gcúrsaí na cathrach is é an slibreálaí an rí. Tá an iomad den rialtacht Sheoirseach agus de na línte Ágastacha agus den díríocht Ghréagach againn.

D’fhás cathracha de chionn is gur thoil le daoine iad. Chuaigh siad suas is síos is siar amach de réir mar ba ghá. Níor bhain pleanáil riamh leo, cé go ndeirtear go raibh Caoimhín naofa gan a bheith sásta le hairde an chloigthí i nGleann Dá Loch mar bhí Comhairle Chontae Chille Mantáin ag gearán gur shmúid sé radharc ar na sléibhte áille ar a raibh na caoire.

Nach trua mar a loiteann Notre Dame de Paris, Ardeaglais Koln, Catedral de Rio de Janeiro, Sagrada Familia an spéirlíne?

B’fhéidir nár mhiste gurb é an foirgneamh ab airde san ardchathair ná foirgneamh ardchúraim do leanaí na tíre. Nár chloigtheach dár linn féin a bheadh ann?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar