Na meatacháin

CROBHINGNE: TÁ SÉ deacair do dhuine a admháil nach raibh an ceart aige

CROBHINGNE:TÁ SÉ deacair do dhuine a admháil nach raibh an ceart aige. Le suim bhlianta anuas bhíodh orm ar an gcolún seo rud éigin a rá faoin bpoipín dearg a bhíonn á chaitheamh ag daoine áirithe ar liopa a gcóta an tráth seo bliana.

Tagann féile chaitheamh an phoipín timpeall in aghaidh na bliana ar nós an bhuiséid agus an Chomórtais Amhránaíochta Eurofíse. Thug mé le fios nár cheart agus nár chuí agus nár chóir do dhaoine an poipín a chaitheamh ar chúiseanna éagsúla a bhain le cogaíocht agus le marú agus sléacht agus ár, agus nithe ar bheagthábhacht mar sin.

Déarfadh daoine réasúnta nár cheart comóradh a dhéanamh ar chur chun báis na milliún gan áireamh in ollfhleá fola an chéad domhanchogaidh, agus ar lean de i gcríocha eile ó shin.

B’fhéidir nach “comóradh” an focal ceart, gan amhras. Is dócha gur cirte “cuimhneamh”, mar ní móide gur mhaith le daoine sibhialta comóradh a dhéanamh ar ghású sráidbhailte san Iaráic ná beiriú príosúnach i gCéinia, cé gur dócha go bhfuil siad ann nach léir dóibh go bhfuil aon phioc bun os cionn lena leithéid.

READ MORE

Ní raibh an ceart agam. Ba cheart an poipín a chaitheamh, agus chuige sin chuaigh mé amach á lorg. Ba dheacair teacht air, mar ní bhíonn siad á ndíol ar an tsráid ar eagla na heagla na heagla. Nuair a dhein mé teagmháil leis an Léigiún Ríoga Briotanach ní raibh siad acu. Bhí go leor de na poipíní dearga acu, gan amhras, ach níor theastaigh uathu giob a chloisint mar gheall ar an bpoipín bán. B’é an poipín bán an fuadar a bhí fúmsa mar is comhartha síochána agus caradais agus comhréitigh é, mar mhalairt ar an earra eile. I lár mo chuid saontachta, cheap mé gur theastaigh síocháin agus caradas agus comhréiteach ó dhaoine.

Tá an poipín bán nach mór chomh sean leis an bpoipín dearg. Is é atá ann comhartha mar athrach ar an mbláth fola a chuir daoine le chéile a cheap gur troideadh an chéad chogadh domhanda ar son deireadh a chur le gach saghas cogaíochta feasta. Ní chloistear oiread sin faoi, mar is deacair lorg ordóige na sícebhualtraí a dhíbirt ar fad.

Ar chúis éigin níor thaitnigh sé riamh leis an Léigiún Ríoga Briotanach, agus is ábhar conspóide riamh ó shin é. Tá áiteanna i gCeanada a bhfuil cosc go hiomlán air, ní ligeann an BBC dá gcuid aíoanna é a chaitheamh, cuireadh cosc ar pháistí scoile é a chur orthu i dtíortha a bhfuil arm na banríona iontu go hoifigiúil, caitheadh daoine amach as séipéil in eaglaisí stáit sna tíortha sin ina bhfuil eaglaisí stáit fós, déanadh baghchat ar dhaoine eile ag comharsain shéimhe a bhfuil puisíní cait acu mar pheata – é seo go léir ar son siombail bhig bháin a sheasann don tsíocháin agus don chomhmhuintearas! Is fada nach gcuireann focail bhoga isteach ar an bhfírinne.

Is í an argóint atá i gcoinne an phoipín bháin ná gur féidir míbhrí nó ilbhrí a bhaint as. Thiocfadh go gceapfadh daoine go bhfuil lucht a gcaite chomh cásmhar mar gheall ar na daoine a maraíodh chomh maith leis na daoine a dhein an marú, agus níor cheart go mbeadh an chothromaíocht sin ann i láthair an bháis.

Is féidir, leis, go samhlófaí gur samhail rúnda é do dhrugaí áirithe nach bhfuil go hiomlán dleathach fós. Níos measa ná sin, go bhfuil sé dealraitheach leis an gcleite bán a dháileadh mná cróga ar bhuachaillí óga nár mhian leo dul amach agus beaignit a shá i ngoile ramhar dhuine éigin nach raibh aithne acu air.

Más mar sin atá, ní miste é. Deirtí go gcaithfeadh duine a bheith an-mhisniúil le bheith ina mheatachán in arm na Rúise le linn an chogaidh mhóir dheireanaigh (toisc go ndéantaí iad a lámhach sa chás is gcúlaíodh siad). Ar an gcuma chéanna, i gcás bharbaracht an chéad domhanchogaidh, b’fhéidir gurbh amhlaidh go raibh daoine go cróga toisc go raibh eagla orthu teitheadh. Mar is é is meatachán ann go minic ná duine a bhfuil an iomad samhlaíochta aige – is é sin, go samhlaíonn sé conas mar a bheadh sé dá mba dhuine eile é.

Agus mar adeir an seanfhocal, atá go díreach cumtha agam féin, “Is fearr a bheith id mheatachán ar son an chirt ná id ghaiscíoch ar son an oilc.”

Is móide is cóir an poipín bán a chaitheamh más samhail den chleite bán é. Faigheann an gaiscíoch bás aon uair amháin go neamhghlórmhar, ach maireann an meatachán na mílte míle lá le glóire éirí na maidne.

Bíodh nach bhfuil ach cúpla uair an chloig fós le dul agam roimh lá comórtha na fola móire, tá teipthe orm mo phoipín bán a fháil. Is ró-eagal liom go mbeidh orm dul i muinín na neantóige bige glaise ar liopa mo chóta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar