Cad tá bunoscionn le go leor?

CAD TÁ bunoscionn le go leor?

CAD TÁ bunoscionn le go leor?

Dá mbeadh gach aon duine sásta le “go leor”, ní bheadh fás eacnamaíochta ar bith ann agus thitfeadh an tóin go tur te tapaidh as an saol. Mar is é is brí le fás eacnamaíochta agus le tarrtháil na tíre agus le magh meall an aosa tráchtaireachta ná an té a bhfuil go leor aige nach foláir dó níos mó a bheith aige, agus an té a bhfuil níos mó aige caithfidh sé barraíocht a bheith aige, agus an té a bhfuil barraíocht aige ní foláir dó an iomad a bheith aige, agus an té a bhfuil an iomad aige caithfidh sé cuimse bhreise a bheith aige, agus thairis sin na hoirc is na hairc is a sheacht sáith ina slaoda siar.

Tá an tAire Speilpe agus Sainte ag tathant orainn dul amach ag ceannach, fad is atá an tAire Scine agus Sceilpe ag baint an airgid as an bpóca. Ach cuir i gcás go raibh a dhóthain ag cách, agus daoine sásta go maith lena raibh acu, agus fear mar chách ag cur an tsaoil de go socair suaimhneach, nach gcuirfeadh san deireadh le fás eacnamaíochta agus nach mbeimis san abar seo go brách?

Cad tá bunoscionn le go leor?

READ MORE

Is é fírinne gheal an tsaoil é ná go bhfuil go leor cheana ag formhór de phobail iarthar domhain (mar a thugtar orthu).

Ní féidir ach codladh san aon leaba amháin ag am ar bith, nó aon bhéile amháin a ithe san am céanna, nó gluaisteán amháin a chomáint, nó díon amháin a bheith os do chionn, nó amhrán amháin a chanadh, nó ascaill amháin a thochas, nó culaith amháin a chur umat, nó gáire amháin a dhéanamh. Ní hionann san agus nach úsáideach an dara péire bróg le haghaidh lá na coise tinne, ná gá le giní eile sa ghábh, ná sceach nua sa bhearna bhaoil, ná cóir taistil idir dhá thine Bhealtaine sa chás is go mbéarfaí te ort ar ócáid éigin cruatain.

Ach, cad tá bunoscionn le go leor?

Dar leat orainn gur riachtanas an dara teach sa Bhulgáir, an tsiopadóireacht dheireadh seachtaine in Nua-Eabhrac, an tríú saoire in Disnílainn, an pónaí do Bhayoncé óg sa chúlghairdín, na slipéirí don mhadra, an síceolaí don chat, agus gach pioc den neamh-mheasarthacht bhuile agus den ghaigíocht diail a bhí á chleachtadh againn nuair a bhíomar as ár meabhair.

Ní ag moladh Gandhaíochais agus codladh ar leaba spíonach é seo, ach aithint a thabhairt go bhfuil go leor cheana ag formhór de mhuintir na dtíortha rófhorbartha. Is é scaipeadh na maoine breise abhus agus ar fud na gcríocha bochta is gátaraí anois seachas aon rud eile.

Tá eagla ar dhaoine roimh go leor. Eagla ar dhaoine saibhre roimh go leor. Is é an t-eagla sin faoi ndear don chinseal na doirse a phlabadh agus an díospóireacht a chlaonadh i dtreo na ndaoine ar furasta iad a bhualadh: an earnáil phoiblí arís, agus mná glantacháin, agus daoine ar an dól, agus an beagán inimirceach nach bhfuil tar éis teicheadh cheana féin. Is é an t-eagla sin a chasann an díospóireacht phoiblí ó na baincéirí agus na cuntasóirí agus na tógálaithe agus na polaiteoirí agus ón aicme go léir a dhein an mhísc.

Is é an t-eagla sin ar dhaoine a bhfuil dhá leor agus trí leor agus il-leor acu a thug ar an Eilbhéis cosc a chur ar thógáil mhiontúr ar mhoscanna, tír nach raibh ach ceithre cinn ann cheana féin; nó ar rialtas na hOllainne iarracht a dhéanamh ar bhac a chur ar an mbúrca i bpobal a raibh níos lú ná leathchéad ban a bhí á chaitheamh. Bíonn an namhaid i gcónaí amuigh ansin agus tá sé ag iarraidh leor de na leoir atá againne a bhaint dínn.

An té a bhfuil banc amháin aige, cén fáth a mbeadh an dara ceann uaidh?

An té a bhfuil dhá óstán aige, cad ina thaobh go mbeadh an tríú ceann uaidh? An té a bhfuil trí ollmhargadh aige, cad chuige an ceathrú ceann?

An té a bhfuil ceithre chomhlacht aige, dé chúis an cúigiú ceann? An té a bhfuil cúig ilstórach spéire aige, cad uime an séú ceann?

An té a bhfuil sé olacheantar aige, cad ab áil leis den seachtú ceann? An té a bhfuil seacht stiúideo scannánaíochta aige, cén tsiocair an t-ochtú ceann?

An té a bhfuil ocht rocbhanna ceoil aige, cad dá bharr an naoú ceann? An té a bhfuil naoi gcleas sleamhainchliste ineistíochta stocmhargaidh aige, cad ar a shon an deichiú ceann?

B’e Pascal a mhaígh gur lean fadhbanna an duine de dheasca nach raibh sé sásta suí go socair i seomra. B’fhéidir gurb é a dhálta céanna é maidir le daoine gan a bheith sásta le go leor.

Mar, cad tá bunoscionn le go leor?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar