Spiky agus Jeff ag dul go Meicsiceo le Feoil a Fháil

An extract from a story by students of Scoil Náisiúnta Colmcille, Leitir Móir, Co na Gaillimhe

Bhí Jeff an Bóín Dé ina chónaí in árasán i Leitir Móir, in aice le stáisiún na nGardaí. Cheannaigh Jeff spéacláirí nua cearnógacha. Chuir sé air na spéacláirí. Chuaigh sé abhaile go dtí an t-árasán agus d’ith sé stew le feoil ann. Bíonn na gardaí ag an teach chuile lá mar d’airigh siad drochrudaí faoi. D’airigh siad go mbíonn na daoine atá san árasán thíos faoi á chloisteáil ag bualadh isteach i rudaí agus go bhfuil drochbholadh ag teacht as an áit. Bíonn sé scanraithe agus ag cur allais.

Chuaigh Jeff ar an ríomhaire agus cheannaigh sé dhá thicéad le dul go Meicsiceo, ticéad dó féin agus ticéad dá chara is fearr, Spiky an Scian. Thosaigh Jeff ag pacáil a mhála. Phacáil sé an fheoil ar fad freisin. Anois, tá sé féin agus Spiky ag an aerfort. Bhí an fheoil ag sileadh amach as an mála agus cheap daoine gur fuil a bhí ann ach sé an chaoi go raibh Spiky ag gearradh an mhála.

Chuaigh siad tríd security. Thosaigh Jeff ag caint leis an ngarda slándála agus chuaigh Spiky thar an mbeeper. Chuaigh siad ar an eitleán.

Deireann Spiky le Jeff, “Tá mise ag dul chuig an leithreas, beidh mé ar ais i gceann soicind.”

READ MORE

Nuair a bhí sé réidh, flusháil sé an leithreas agus thit sé síos ann, mar go raibh turbulence ar an eitleán...