An Zaimbí Taobh Thiar Den Smidiú

An extract from a story by 4 rang, Gaelscoil Pheig Sayers, Cork

Fadó fadó, bhí deartháir agus deirfiur agus bhí siad scaratha. Bhí siad scaratha mar fuair a Mam agus a Dad colscaradh nuair a rugadh an cúpla.

Fuair siad colscaradh mar fuair an Dad amach go raibh an Mam ina zaimbí agus chuaigh an Dad chuig tír eile thar lear - An Spáinn, leis an mbuachaill, darbh ainm Jack. D’fhan an Mam in Albainn leis an gcailín Anna.

Dhá bhliain déag níos deanaí tá an Mam agus Anna ag dul go dtí Spáinn. Beidh Anna ag dul go dtí campa samhradh gleacaíochta. Bhí Jack sa campa samradh in aice leis an ceann a bhí Anna ann. Is campa mileata é.

Bhí an oifig chéanna idir an dá champa. Tháinig Anna agus Jack ag an am chéanna chun clarú. Ní raibh fhios acu cé a bhí ann ach níor mhaith leo a chéile ar dtús. Bhí siad ag féachaint ar a a chéile go hamharasach.

READ MORE

Deir Jack le Anna, “Cén fath go bhfuil tu ag féachaint orm?”

“Nil me ag féachaint ort, tá tusa ag féachaint ormsa” arsa Anna.

“Ní raibh mé, cad ata tu ag caint faoi?” arsa Jack.

“Thosaigh tusa é”, arsa Anna.

Dúirt an Mham “Stop Anna, cen fáth go bhfuil tu comh dána?”

Níor athainn an Mam agus an Dad le chéile. Ar aghaidh leo go dtí na campaí.

Bhí Anna ag caint lena cairde, dúirt sí leo go raibh buachaill sa champa mileata a bhí beagáinín ait. Nuair a bhí Anna ag déanamh an gleacaoícht bhí sí an-te. Thosaigh sí ag cur allais.

Chonaic a cairde an dath glas ag teacht tríd an smidiú. Rith Anna amach as an campa. Bhí Jack ag rith amach freisin mar bhí sé ag cur allais freisin! Bhuail siad lena chéile agus thit siad ar an talamh agus scread Anna “An bhfuil aon súil agat amadán!” Dfhéach siad ar a chéile agus chonaic siad an dath glas ag teacht tríd an smidiú ar aghaidh na beirte acu…