Neamhbhuíochas ó dheas

Is léir go bhfuil an cogadh cultúir chomh beo beithíoch i dtíortha iar-impireacht na Spáinne agus atá sna Sasanaí nua.

Tá an tréimhse seo den bhliain buailte umainn arís nach mór: oíche Shamhna lena puimpcíní oráiste, scannáin uafáis nach gcuireann sceimhle ar aon duine níos mó, Guido Fawkes le cur ar na tinte cnámha thall, poipíní fola ag fás go mear ar liopaí ar an mórthír, faisean na hAoine duibhe ag neartú ar an oileán beag abhus agus Thanksgiving Shasana Nua ar na gaobhair arís eile in ainneoin gur beag Micmac nó Nipmuc a bheidh páirteach ann.

Ní dhéantar aon chomóradh mór, áfach, aon thanksgiving dá laghad, mar gheall ar an ócáid nuair a leag Cristaffo Colombo a leathchois chlé ar ghaineamh na trá san áit a dtugaimid San Salvador anois air ar an 12ú Deireadh Fómhair 1492. Tá cúis mhaith leis sin.

Ní hann do shliocht na ndaoine sin a chuir fáilte roimh Christaffo agus a chuid amhas. Tá siad go léir marbh. B’iad na Lukku-Cairi iad, dream nár airigh tú puinn tharstu. Níor mhaireadar fada go leor ionas go bhfeadfaidís thanksgiving de shaghas ar bith a bheith acu.

Ní mó ná sin a mbíonn aon turcaí á róstadh san áit a bhfuil Meicsiceó anois nuair a phleancaigh Cortes agus na hamhais eile a spága ann le saint is le mórtas. Ní hé gur tír an óir ná fearann meala is ceoil a bhí ann do na géillsinigh a bhí ag na hAstacaigh san am, a shalachmhalairt ghlan, ach ba ghairid gur tuigeadh dóibh nárbh é a leas impireacht amháin a mhalartú ar impireacht eile.

READ MORE

Tá iarrachtaí beaga baotha á ndéanamh ar fud iarthar Eorpa agus sa Phoncánstát dealbha a bhogadh níos gasta ná mar a tharla riamh in Béal Átha an Spidéil. Ní féidir cur as dóibh go léir pléascadh pleancach mar a tharla i gcás Nelson i gceartlár Shráid Sackville agus ba mhór an t-ardú san aer é sin. Ach tógadh anuas dealbh de Christophorus Columbus - chun a ainm oifigiúil a thabhairt air - i gCathair Mheicsiceó le déanaí ar scáth gur ceapadh nár chun leasa na críche an t-ionradh anoir.

Tá seo dona go leor ann féin, ach tarraingíodh an Pápa bocht a bhíonn faoi léigear síoraí isteach sa scéal.

An tseachtain cheana d’iarr Uachtarán Mheicsiceó air agus ar rialtas na Spáinne leithscéal a ghabháil ar son na n-uafás a d’imir an concas ar phobail Mheiriceá Láir agus Theas. Fág go bhfuil sé sa bhfaisean anois leithscéal a ghabháil ar son gach aon rud fad is nach gá aon rud a dhéanamh mar chúiteamh, níor bheag an méid gur ghéill sé dó.

Scaip sin na cleití agus mhúscail sú na gcrann i gcoillte na mblianta. D’éirigh béist bhrúidiúil impireacht na Spáinne aníos as a leaba thar a bheith dearg agus chrom ar a bheith ag béicíl.

Mhaígh uachtarán réigiún Mhaidrid, Isabel Diaz Ayuso, gur thug an Spáinn ‘sibhialtacht agus saoirse’ go Meiriceá Theas. Anois, cár airíomar a leithéid chéanna cheana?

‘Nuair a bhaistfear faisisteach ort,’ ar sise, ‘tá’s agat go bhfuil tú ar an mbóthar ceart.’

Má bhaineann Isabel leis an eite dheis Fhrancobhách agus tú ag coinne le freagra dá leithéid uaithi, b’é a amhlachas céanna de fhreagra a tháinig ón rialtas cineál sóisialach clé. B’é a leas gur mhúineamar béasa dóibh.

Dála eití clé na Fraince is na Breataine nuair a ghabhtar dian orthu is é éileamh na himpireachta a fhaigheann an ceann is fearr ar a sóisialachas uisciúil.

Is léir go bhfuil an cogadh cultúir chomh beo beithíoch i dtíortha iar-impireacht na Spáinne agus atá sna Sasanaí nua. Cén fáth nach mbeadh thanksgiving dár gcuid féin againn abhus ar son teacht Robert fitz-Stephen ar chladach Bhanú sa bhliain 1169? Tar éis an tsaoil nach bhfuilimid ag lorg lae náisiunta eile mar chomóradh ar chóivid?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar