DNA Caillte: Ag leanacht lorg ár sinsir

Léargais nua eolaíoch ar an saol mar a bhí sé in Éirinn anallód

FOCLÓIR: Dornán - fistful, míochaine -forensic, bolcán - volcano, anallód - ancient, tearc - thinly scattered, taisí daonna - human remains, druineach - skilful, taifeach - analysis, dúrún - mystery.

Beirt fhear, iad faiscthe i mbaclainneacha a chéile ag uair a mbás, gasúr dí-cheannaithe, deasghnátha págánacha a glacadh isteach sa Chríostaíocht, agus an tionchar a d’imir bolcán i bPeiriú ar Chath treascrach Chionn tSáile i 1601.

Níl ansin ach dornán de na hábhair ilghnéitheacha a ndéantar imscrúdú míochaine orthu i sraith nua faisnéise, ‘DNA Caillte’, a gcraolfar an chéad chlár de oíche Dé Céadaoin ar TG4.

Agus é ar chamchuairt ar fud na tíre tugann an scríbhneoir agus craoltóir Manchán Magan cuairt ar shuíomhanna ársa seandálaíochta agus catha agus é ar thóir léargais nua eolaíoch ar an saol mar a bhí sé in Éirinn anallód.

READ MORE

Áiteanna iad na láithreacha seo inar fágadh rianta tearca dár sinsir agus is trí scrúdú ar fhianaise nua DNA orthu sin a nochtar sa dtrí chlár dúrúin stair na hÉireann.

Tugtar léargas nua dúinn sa tsraith seo ar áitritheoirí tosaigh na tíre: cárbh as dóibh, cén chuma a bhí orthu agus conas ar sholáthraigh siad dóibh féin.

Nochtar tuiscintí nua dúinn ó thaisí daonna a luigh i gcroílár Shí an Bhrú ar feadh na mílte bliain. Déantar imscrúdú ar chnámha páistí a bhásaigh de ghalair na céadta bliain ó shin agus déantar fiosrú eolaíoch ar aeráid an séú agus an seachtú haois déag agus an tionchar a bhí aige sin ar an saol agus ar eachtraí móra na linne nuair a bhí ré na nGael ag druidim chun deiridh.

Tá an-dul chun cinn eolaíochta ag tárlú chomh tapaigh sin go bhfuil sé deacair bheith bord ar bhord leis an eolas nua atá dhá thabhairt chun solais.

“Tá an DNA casta a dhóthain - bíonn an oiread sin eolais laistigh den ghéanóm atá cruthaithe sa 23 crómasóm seo,” arsa Manchán Magan agus é i gcomhrá le Tuarascáil faoin tsraith dhruineach seo.

“Sin iad na deacrachtaí atá i gceist le DNA na linne seo ach, má tá tú ag fáil DNA ó 5,000 nó 8,000 bliain ó shin tá sé i bhfad níos casta fós!”

Mar chuid den tsraith, cuirtear agallamh ar staraithe agus ar sheandálaithe iomráiteacha na hÉireann.

Ina measc siúd a chuirtear faoi agallamh tá Lara Cassidy agus Dan Bradley ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, an scríbhneoir Alan Titley, na seandálaithe Chris Read (Institiúid Teicneolaíochta Shligigh), Martin Jones (Bonneagar Iompair Éireann), Eileen Murphy (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) agus na staraithe James O’Neill agus Francis Ludlow (Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath).

Eolaithe

Tugann Magan cuairt ar shaotharlanna ollscoile, áit a bhfuil eolaithe in ann scéal na staire a insint trí thaifeach ar chnámha agus ar bhlaoscanna daonna.

“Bíonn na milliúin píosaí beaga eolais acu go gcaithfidh siad a ghreamú le chéile ar shlí éigin agus ní fhéadfaidís é sin a dhéanamh gan na ríomhairí nua atá le fáil,” ar sé agus é ag trácht ar na heolaithe atá i mbun na hoibre seo.

“Theastaigh uainn go mbeadh réimse sách fairsing (staire) ag an tsraith,” arsa Magan. Agus, chun é sin a lériú, roinneadh an tsraith ina trí chuid.

Sa chéad clár, ‘DNA Caillte - Bunús’, cuirtear tús leis an tsraith le trí cheist: ‘Cé sinne? Cé as dúinn? Céard a thug anseo ar dtús sinn?

Tugtar cuairt ar oileán Reachlainn, áit a bpléitear cúlra an chéad dreama a chuir fúthu in Éirinn. Ceistnítear freisin an féidir muinín a bheith againn as an gcur síos ar bhunadh na hÉireann atá i sean lámhscríbhínní ar nós Leabhar Mór Leacain agus Lebor Gabála Érenn - ach go háirithe mar gur scríobhadh iad le linn ré na Críostaíochta, na blianta fada tar éis na heachtraí a luaitear iontu.

Sa dara clár, ‘DNA Caillte - Rúin na hUaighe’, dírítear ar thús ré na Críostaíochta agus ar shaol an ghnáth dhuine. Déantar plé agus iniúchadh ar ghnásanna an lae agus ar chuid den 800 corp a fuarthas le déanaí i dtochailt i Ranelagh, baile fearainn i gCo Ros Comáin.

Tugtar cuairt ar Oileán na Tríonóide i Loch Cé, áit ar bunaíodh mainistir sa seachtú haois agus a bhí faoi smacht ag Ruairí Mac Diarmada, tiarna Mhagh Loirg, ó 1548.

Sa tríú clár, ‘DNA Caillte - In Aimsir Chogaidh’ déantar iniúchadh ar aimsir an séú haois déag, ceann de na tréimhsí ba chiniúnaí i stair na hÉireann nuair a throid na mór thaoisigh Ghaelacha Ruairí Óg Ó Mórdha, Aodh Mór Ó Néill, Fiach Mac Aodha Ó Broin, Aodh Ruadh Ó Dómhnaill agus mórán eile i gcoinne Choróin Shasana.

Baintear úsáid as modhanna eolaíocha chun taifeach a dhéanamh ar chiorcail chrann, ar oighear ársa i dtíortha thar sáile, agus ar bhlaoscanna daonna a fuarthas le linn tochailte ar fhothrachaí Thúr Isolde i mBaile Átha Cliath, chun tuiscint a fháíl ar imeachtaí na linne.

Dearmadta

Réimsí leathana staire atá i gceist mar sin agus ina measc b’fhéidir, tréimhsí a bhfuil dearmad éigin déanta orthu le himeacht na haimsire.

Ach an raibh aon rud ar leith a chuaigh i gcion ar an láithreoir?

“De bharr na dtuiscintí nua DNA seo táid ag dul siar go dtí na sean tochailtí agus ag athscrúdú na gcnámha a tháinig ó na tochailtí sna hochtódaí agus sna nóchadaí,” arsa Magan.

“An rud a chuaigh i gcion go mór orm ná an tuiscint a fuaireamar i bPoll na Brón,” ar sé.

Tagairt é seo do thaifeach a rinneadh ar chnámha linbh a thaispeáin go raibh Siondróm Down ag an duine seo thart ar 5,800 bliain ó shin.

“Go raibh an sochaí chomh láidir, chomh fite-fuaite, chomh ceangailte sin go rabhadar in ann aire a thabhairt do leanbh a raibh na deacrachtaí seo aige nó aici, chuaigh sé sin go smior ionam.

“Tugann sé peann phictiúr beoga, croíúil, soiléir dúinn de réimse ama atá ana-dheacair dul i dteagmháil ceart leis.”

Rud eile a chuaigh i gcionn air ná an taifeach ar chnámha leanaí ón naoú aois a fuarthas i suíomh seandálaíochta i Ros Comáin a thug le tuiscint go raibh easpa vitamín B orthu.

“Meastar go raibh na máithreacha ag coimeád na leanaí ón ngrian agus n’fheadar an é go raibh baol éigin ann nó go raibh ainmhithe fiáine ann nó go raibh eagla orthu roimh an aimsir nó roimh déithe a bhí ag teacht. Sin rud eile a d’fhan liom,” ar sé.

Agus is é sin fíor luach na sraithe seo. An léargas úr a fhaigheann muid ar shaol an ghnáth dhuine. Eascraíonn sé as an eolas nua atá againn anois orthu sin a d’imigh romhain.

Tríd an dul chun cinn teicneolaíochta, eolaíochta agus seandálaíochta atá déanta le blianta beaga anuas, tugtar léargais nua dúinn sa tsraith nua seo ar stair na hÉireann.

Is cinnte go bhfuil rúin eile faoi cheilt ag an stair agus is léir ón dul chun cinn teicneolaíochta atá dá dhéanamh le himeacht na haimsire go bhfuil go leor eile le foghlaim fós.

“D’fhéadfadh muid leagann nua den chlár seo a dhéanamh faoi cheann cúig bliana agus bheadh an scéal difriúil arís,” arsa Magan.

Is é Tile Films a léirigh ‘DNA Caillte’ do TG4 le tacaíocht ó scéim mhaoinithe Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.

Craolfar an chéad chlár, DNA Caillte - Bunús, ar TG4 ar 2 Meán Fómhar ag 9.30.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.