‘Is gá an t-iomaire a chothabháil go maith’

Cruinnithe á n-éileamh agus infreastruchtúr nua pleanála teanga ‘de dhíth’

Lampaí teasa i bPáirc an Chrócaigh. Grianghraf: ©INPHO/Morgan Treacy

Foclóir: Cáineadh – condemnation; leithdháileadh – allocation; machnamh – consider; sprioc earcaíochta – recruitment target; bunaíocht – establishment; saineolaithe – experts; creat- framework; eochairchaint – keynote speech; cothabháil – upkeep.

Easpa uaillmhéine agus samhlaíochta a léirigh nach bhfuil práinn ag baint leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht in aigne an Rialtais.

Ba léir ón gcáinead a rinneadh an díomá a bhí ar go leor i bpobal na Gaeilge nuair nár ceadaíodh mórán maoinithe sa bhreis don earnáil i gCáinaisnéis na seachtaine seo caite.

Ardú €9 milliún a fógraíodh - €6 milliún do Roinn na Gaeltachta agus €3 milliún do TG4 ach de réir Shinn Féin agus eagrais teanga ní leor an t-ardú seo chun dul i ngleic leis na dúshláin mhóra a bhaineann leis an teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

READ MORE

Agus é ag cosaint leithdháileadh na bliana seo, níor ghlac Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, le cáineadh Shinn Féin agus luaigh sé an plean rialtais ó thuaidh, nach raibh “focal amháin” acu ann faoin nGaeilge.

“B’fhéidir go gcaithfidh muid níos mó airgid a chaitheamh ach is féidir linn a lán a dhéanamh leis an méid [a ceadaíodh sa Cháinaisnéis] agus is méadú sé faoin gcéad atá ann.”

“Is é an méid is mó airgid a chaitheamar riamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht.”

Iarradh air ar chreid sé go raibh fiúntas leis an éileamh atá ag Conradh na Gaeilge agus Meitheal Náisiúnta na Gaeilge go ndéanfar dúbailt ar bhunchaiteachas an Stáit ar chúrsaí teanga thar thréimhse cúig bliana.

“Is fiú machnamh a dhéanamh ar sin,” a dúirt an tAire Byrne agus luaigh sé cur chuige straitéiseach an Stáit i dtaobh eagraíochtaí spóirt, a raibh méadú suntasach ar mhaoiniú mar thoradh air.

“Tá muid i gcónaí ag iarraidh níos mó [a chaitheamh]. Bhí mé ar an teilifís ar oíche Dé Máirt agus bhí daoine ag rá go raibh muid ag caitheamh an iomarca airgid. Tá mise sásta faoin méid atá ar siúl againn.”

“Na pleananna atá againn faoi láthair - plean digiteach, plean ealaíne, plean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge, an sprioc earcaíochta san Acht Teanga, is réabhlóid é seo don teanga. Níl aon amhras orm faoi seo.”

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an méid a dúirt sé maidir le bunchaiteachas an Stáit agus tá siad anois ag éileamh cruinniú chun tús láithreach a chur le próiseas struchtúrtha chun an sprioc sin a bhaint amach.

Gaeloideachas

Le fada an lá, tá saineolaithe oideachais agus eagrais teanga ag brú ar an Aire Oideachais, Norma Foley, an Dréachtpholasaí don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú.

Cáineadh creatpholasaí a foilsíodh le deireanas de bharr, arís, easpa uaillmhéine - níor luadh spriocanna náisiúnta teanga, cearta chun oideachas trí Ghaeilge a fháil, ná ardú ar chéatadán na ndaltaí atá ag freastal ar ghaelscoileanna.

Agus deireadh ré an rialtais ag druidim linn, eisíodh litir chuig an Aire Foley le déanaí, sínithe ag raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagrais mac léinn, ionadaithe daltaí scoile, eagrais phátrúnachta agus gníomhairí teanga.

Sa litir, impítear ar an Aire “gníomhú láithreach bonn” chun an polasaí ríthábhachtach seo a fhoilsiú agus cáineadh an creat-pholasaí arís.

“Ba shoiléir dúinn ón gcruinniú leis an gComhchoiste Oireachtais Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge ar an 25 Meán Fómhair nach bhfuil tú ar an eolas faoi ábhar an chreata ná, dá réir, na buarthaí suntasacha atá ar phobail an oideachais lán-Ghaeilge,” a dúirt siad sa litir.

“Tá míshástacht ó bhonn [ar an] earnáil faoin méid, agus go deimhin, faoin laghad atá sa chreat. Faoi mar a sheasann sé, ní thagann an t-eolas sa chreat le moltaí Shealbhú ná le moltaí thaighde na nAonad.”

“Luaigh tú go minic an comhairliúchán mór a rinneadh, agus is fíor sin, ach níl torthaí an chomhairliúcháin á léiriú sa chreat,” a dúradh sa litir.

Tá cruinniú á éileamh “go práinneach” sula bhfoilseofar an polasaí féin leis an iarratas a phlé.

Pleanáil Teanga

Bhí na garraíodóirí ag obair go dúthrachtach ar pháirc an imeartha i moiche na maidine nuair a bhailigh suas le 150 duine i bPáirc an Chrócaigh Dé Luain seo caite le freastal ar Chomhdháil Phleanála Teanga 2024.

Ba radharc neamhghnách é na lampaí teasa ollmhóra á mbogadh soir agus anoir ar dhromchla na páirce, beag beann ar an mbáisteach.

Tháinig oifigigh pleanála teanga, lucht ceaptha polasaí, saineolaithe teanga agus aoichainteoirí ón iasacht le chéile i seomra in Ardán Uí Ógáin, beagnach deich mbliana ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Leis an gcloch mhíle ama sin a cheiliúradh a reáchtáil Foras na Gaeilge an chomhdháil, agus cé go raibh méid áirithe ceiliúrtha le déanamh ar an obair, rinneadh grinnscrúdú freisin ar an gcur chuige reatha.

An tOllamh Emeritus Dónall P Ó Baoill, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a thug eochairchaint na maidine agus níor chuir sé fiacail ann.

Bhain Ó Baoill gáire ón slua agus é ag cur tús lena raibh le rá aige.

“B’fhéidir nach n-aontóidh sibh liom, ach nílim buartha faoi sin,” a dúirt sé.

Mhínigh sé an bhrí a bhí leis an téarma Pleanáil Teanga ag teangeolaithe i dtús aimsire: “an teanga í féin a fhorbairt agus a neartú mar uirlis agus mar chóras cumarsáide.”

Ach dúirt sé go bhfuil “leithne agus scóip eile ar fad leis an obair atá ar siúl” i láthair na huaire.

Tá an Ghaeltacht roinnte ina 26 Limistéir Pleanála Teanga (LPT). Aithnítear freisin Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Cuirtear pleananna teanga i bhfeidhm sna ceantair seo chun úsáid na Gaeilge a neartú, le cabhair ó Oifigigh Phleanála Teanga agus Oifigigh Chúnta.

Ach cé go bhfuil fás tagtha ar na gnéithe sin ar fad, dúirt Ó Baoill gurb í a “thuairim láidir” go bhfuil an togra “míréadúil” ar a lán bealaí.

Dúirt sé go gcuireann easpa tacaíochta, maoinithe, monatóireachta agus easpa comhordaithe bac ar an dul chun cinn: “Ag leibhéal na gcuspóirí atá leo, ag leibhéal na tacaíochta atá ar fáil ó thaobh airgid agus costais de, ag leibhéal na hoiliúna agus na traenála atá ag an bhfoireann ... agus go háirithe ag leibhéal na monatóireachta atá riachtanach leis an dul chun cinn a thomhas.”

“Níl comhordú agus comhoiriúnú fiúntach déanta, dar liom, ar obair na bpleananna teanga agus is rud é sin a chaithfidh teacht sa chéad áit ón mbarr anuas agus ón mbun aníos.”

Dúirt sé go gcaithfidh an bhunaíocht a bheith níos gníomhaí sa phleanáil agus go bhfuil géarghá infreastruchtúr a chruthú “as an nua” chun tabhairt faoin obair agus chun na páirtithe leasmhara ar fad a thabhairt le chéile faoi aon bhratach amháin.

Ach ar na heasnaimh is mó a luaigh Ó Baoill tá an easpa taighde a bhí de dhíth chun bonn eolaíoch a chur faoi obair mar seo.

“Más é an cuspóir is mó leis na hiarrachtaí pleanála teanga níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta, is cinnte go ndearnadh faillí mhór sa chineál cúltaighde a bhí riachtanach le treoir chinnte a chur faoi [na bearta] ionas go mbeadh toradh fónta feiceálach ar gach beart a dtabharfaí faoi.”

“Níl saineolaithe ar fáil le treoir a thabhairt agus le buncheisteanna a fhreagairt. Cá bhfuil an t-aonad nó an láthair thaighde a d’fhéadfadh cruth proifisiúnta a chur agus a choinneáil ar gach uile ghné den phleanáil teanga?”

Chum an tOllamh Ó Baoill an focal ‘Taighdelann’ don smaoineamh a bhí aige ionad taighde a bhunú sa Ghaeltacht, “áit a ndéanfaí an obair riachtanach” chun dul i ngleic leis na fadhbanna córasacha seo.

Bheadh comhairle ar fáil ó fhoireann oilte “ar nithe éagsúla den phleanáil teanga” a d’fhéadfadh treoir a chur ar fáil do “gach uile dhuine agus eagraíocht a bhíonn ag obair i ngort na pleanála teanga sa Ghaeltacht”.

Bheadh foireann ildisciplíneach de shaineolaithe taighde lonnaithe sa Taighdelann, ag díriú ar réimsí éagsúla na teangeolaíochta.

Chomh maith leis an bpleanáil teanga dhéanfaí freastal ar riachtanais oideachais na Gaeltachta agus an Ghaeloideachais taobh amuigh den Ghaeltacht araon.

Labhair aoichainteoirí eile faoin sár-obair atá á déanamh ag na pleanálaithe teanga agus faoin dul chun cinn fónta atá déanta i go leor réimsí den phleanáil teanga, ina measc scéal spreagúil Charn Tóchair i gContae Dhoire, áit a bhfuil dul chun cinn as cuimse déanta le scór bliain anuas ó thaobh athnuachan agus athréimniú na Gaeilge.

Ach i gcomhthéacs a raibh le rá ag an Ollamh Ó Baoill, ba dheacair gan smaoineamh ar chloch mhíle ama eile: an fiche bliain atá caite ó cuireadh deireadh le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann.

Is léir go bhfuil earnáil iomlán na Gaeilge thíos leis an easpa taighde agus forbartha agus sealbhú eolais a eascraíonn as an mbearna ama seo.

Faoi mar a thuigeann garraíodóirí Pháirc an Chrócaigh, ní mór an t-iomaire a chothabháil go cúramach chun go mbeidh toradh ar an saothar.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.