Lá mór cinniúnach

Beidh mórshiúlóidí agus mairseálacha míleata agus rince ar bhóithre agus mórchomórthaí á ndéanamh inniu

Is deacair tábhacht an lae inniu a chur sa mheá i gceart. Ní an lá inniu mar an mhóimint seo láithreach bonn ar ala na huaire tur te atá i gceist, ach cothrom an lae inniu sa bhliain chinniúnach úd 1945. B’é an lá é inar tháinig deireadh leis an dara cogadh domhanda san Eoraip agus inar ghéill arm na Gearmáine scun scan hólas bólas gan choinníoll do na comhghuaillithe. B’ín é an cogadh b’uafásaí is ba bharbartha dar tharla riamh i stair an chine neamhdhaonna (go dtí seo) agus inar maraíodh tuairim is 80 milliún duine, figiúr a rachadh díot breith air go fiú le samhlaíocht mhór ataithe.

B’fhiú do na daoine a labhrann go fánach faoi chogadh núicléach beagán machnaimh a dhéanamh air sin, agus is ann dóibh. I leataoibh ón gcaint sin inniu, bhí an baol sin os ár gcionn le linn an chogaidh fhuair. Krushchev nuair nach raibh sé ag bualadh bonn a bhróige ar an gclár le linn cainte sna Náisiúin Aontaithe, bhagair sé go ndéanfadh sé ‘an t-iarthar’ a chur faoin bhfód. Ba dhóbair do na Meiriceánaigh iad a úsáid sa Chóiré in aghaidh na gCumannach ó thuaidh agus na Síneach chomh maith sna 50í. Smaoinigh Yitzshak Shamir ar a leithéid in aghaidh na hIaráice dá ndéanfadh siad ionsaí ceimiceach ar Iosrael. Bhí Seoirse Bush (an leaid óg) ar an intinn chéanna.

Ní gá na huafáis sin a úsáid, gan amhras, gan cathracha iomlána agus a bhfuil de dhaoine iontu a scrios bun barr, mar is eol dúinn. Bheifí ag súil go bhfeicfí áit éigin istigh in intinn an duine gach íomhá de na bailte sin go léir gur déanadh fothraigh díobh sa dara cogadh mór. ‘Solitudinem fecerunt, pacem appellunt’ mar adúirt Tacitus i dtaobh slite cogaidh na Rómhánach, ‘chruthaigh siad fásach, agus thug siad síocháin air.’

Beidh mórshiúlóidí agus mairseálacha míleata agus rince ar bhóithre agus mórchomórthaí á ndéanamh inniu ar fud go leor de chríocha an tSean Aontais Shóivéadaigh. Ní iontu go léir mar a tharlaíonn, ach iontu siúd a bhfuil bá acu leis an Rúis go fóill nó a bhfuil pobal láidir Rúiseach ina chónaí iontu: go háirithe an Bhealarúis, an Asarbaiseáin, an tSeirbia, agus is de shuimiúlacht go mbíonn an dara ceann is mó ar domhan in Iosrael. Íoróin bhreise is ea nach mbeidh mórcheiliúradh na Cearnóige Deirge chomh mórthaibhseach i mbliana toisc Arm na Rúise a bheith gafa in áiteanna eile.

READ MORE

Lánait, ar shlí, is ea nach mbíonn an cibeal céanna chomh glórach sin san iarthar. Tar éis an tsaoil ba bhua dóibh siúd é, leis. An é go bhfuil coimpléasc éigin i bhfolach ansin a mheabhraíonn gurb iad an tAontas Sóivéadach thar aon dream eile ba mhó faoi dear turnamh agus cloí na Naitsithe?

B’iad, chomh maith, gan amhras a leag de chathracha a bhí fágtha in oirthear na hEorpa nach raibh smionagar déanta cheana díobh. Airtiléire, gunnaí móra, síorphlancadh, bombardú, pléascáin, roicéid agus ansin nuair nach raibh fágtha ach cúpla fiacail de bhallaí briste, ruathar na dtrúpaí isteach, foirgneamh ar fhoirgneamh, seomra ar sheomra, urlár ar urlár.

Ba thuigthe duit gur dóigh le hArm na Rúise faoi láthair go bhfuil an cogadh sin fós á fhearadh acu. B’é sin díreach a dhein siad in Groisní nuair nár fágadh cloch ar muin cloiche, an chéad chor sa chogadh athghabhála seo. Is é is measa ná go bhfuil feidhm leis, go háirithe más cuma leat an costas daonna.

Níl aon oidhre ar mhuintir Mariupol ach saoránaigh Stalingrad ina gcónaí faoi thalamh, beo ar bheagán ar éigean, gan solas lae ná leictreachais. Mairseáilfear inniu agus lán an chirt acu, ach beidh púicíní ar shúile seachas micreascóip ar an aimsir láithreach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar